Íocaíochtaí Breise Liúntais Bhreosla de €125 le híoc le 372,000 teaghlach ón lá inniu – An tAire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD go n-íocfar an íocaíocht aonuaire Liúntais Bhreosla €125 le 372,000 teaghlach ón lá inniu.
Comhaontaíodh an íocaíocht, sa bhreis ar an ngnáth Liúntas Breosla, mar chuid de phacáiste €505 milliún an Rialtais arb é is aidhm dó maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag costais fuinnimh atá ag méadú.
Gheobhaidh teaghlaigh an íocaíocht ina gcuntas bainc an tseachtain seo, ag brath ar a scéim leasa shóisialaigh ar leith.
Íoctar an Liúntas Breosla, ar íocaíocht de réir tástála acmhainne é, le 372,000 pinsinéir, baintreach, baintreach fir, cuardaitheoir poist, tuismitheoir aonair agus daoine faoi mhíchumas.
Ag fógairt na híocaíochta inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Tuigim go rímhaith go bhfuil an costas maireachtála atá ag ardú ag cruthú imní mhór do theaghlaigh.
"Bhraitheamar go léir é le míonna beaga anuas - trínár mbillí, ag an stáisiún peitril agus san ollmhargadh.
"Agus ar an drochuair, is measa fós an staid mar gheall ar an gcogadh uafásach atá ag teacht chun cinn san Úcráin.
"Tá an íocaíocht aonuaire seo mar chuid de phacáiste níos leithne beart, €505 milliún san iomlán, a chomhaontaigh an Rialtas an mhí seo caite chun cúrsaí a dhéanamh rud beag níos éasca do theaghlaigh.
"Áiríodh sa phacáiste freisin laghdú €200 ar bhillí fuinnimh, atá ag teacht i bhfeidhm an mhí seo, chomh maith le hathruithe a dheimhnigh mé a rachaidh chun tairbhe do dhaoine a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht.
"Rinne an Rialtas beart an tseachtain seo caite freisin trí dhleacht mháil ar pheitreal agus díosal a ghearradh, rud atá anois ina ábhar mór imní do thiománaithe le míonna beaga anuas."
Dúirt an tAire freisin:
"Tá ról ríthábhachtach ag an Liúntas Breosla chun cabhrú leis na mílte teaghlach a gcostais téimh a íoc i rith mhíonna an gheimhridh.
"Feidhmíonn sé mar chúnamh airgeadais do dhaoine a chónaíonn i dteaghlaigh ar ioncam íseal chun cabhrú le costas amhail leictreachais agus ola téimh.
"Tá an íocaíocht liúntais bhreosla cnapshuime €125 seo dírithe ar na daoine is leochailí inár sochaí, lena chinntiú go gcosnaítear iad ar chostais bhreosla atá ag ardú.
"Ciallóidh an íocaíocht seo, chomh maith leis an méadú Buiséid ar an Liúntas Breosla a dheimhnigh mé i mí Dheireadh Fómhair, go dtiocfaidh méadú 41% do theaghlaigh ar ioncam íseal i gcomparáid leis an séasúr deireanach."
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í scéim an Liúntais Bhreosla chun cabhrú le pinsinéirí agus le sealbhóirí tí eile atá spleách ar leas sóisialach a gcostais téimh gheimhridh a íoc.
Déantar an íocaíocht ag an ráta seachtainiúil €33.00; nó más fearr, trí dhá íocaíocht chnapshuime; agus íoctar é i rith shéasúr an gheimhridh. Níl ach Liúntas Breosla amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh. Ní gá dóibh siúd a cháilíonn don íocaíocht athiarratas a dhéanamh go bliantúil.
I mBuiséad 2022, d'fhógair an tAire Humphreys roinnt athchóirithe ar scéim an Liúntais Bhreosla lena n-áirítear méadú €5 go €33 ar an ráta seachtainiúil, agus méadú €20 ar an tairseach acmhainne ioncaim sheachtainiúil ó €100 go €120, agus cuireadh an dá bheart i bhfeidhm le héifeacht ó lá an Bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair 2021.
D'fhógair an tAire freisin laghdú ar an tréimhse cháilitheach d'fhaighteoirí Liúntas Cuardaitheora Poist agus Liúntas Leasa Forlíontach ó 15 go 12 mhí le teacht i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2022. Trí na bearta breise seo meastar go mbainfidh thart ar 400,000 teaghlach tairbhe as an Liúntas Breosla in 2022.
CRÍOCH