Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 2 Meitheamh 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 8 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,658 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 1 Bealtaine, cuireadh 10 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,066 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 31 Bealtaine (25,056 cás):
*Is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá thart ar 500 cás nua de COVID-19 curtha in iúl le seachtain anuas, agus tá 54% díobh idir 24-55 bliana d’aois. Tá na cásanna seo scaipthe ar fud 21 contae in Éirinn. Cé go bhfuil ag éirí go maith linn, tá an baol ann go bhféadfadh sé scaipeadh ar fud gach réigiún den tír.
“Tiocfaidh NPHET le chéile Déardaoin an 4 Meitheamh agus cuirfidh sé tuilleadh moltaí faoi bhráid an Rialtais lena mbreithniú."
Dúirt an Dr. Cillian De Gascun, Stiúrthóir na Saotharlainne Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:
“Amhail meán oíche Dé Luain an 1 Meitheamh, tá 348,416 curtha i gcrích. Le 22 seachtain anuas, rinneadh 22,621 tástáil agus astu sin bhí 389 dearfach, rud a thug ráta dearfach de 1.7%. "
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá 47% de dhaoine ag glacadh níos faide ná 4 lá ó thús na siomptóm go dtí go mbaintear sampla le maipín. Táimid ag impí ar gach duine den phobal eolas a bheith acu ar shiomptóim COVID-19 agus cóir leighis a lorg a luaithe a bhíonn na siomptóim orthu."
CRÍOCH