Seolann an Roinn Sláinte an chéad Straitéis Náisiúnta Taighde Meabhairshláinte in Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Roinn Sláinte, i gcomhar leis an mBord Taighde Sláinte, an chéad Straitéis Náisiúnta Taighde Meabhairshláinte in Éirinn inniu. Is céim bhunathraitheach é an tionscnamh ceannródaíoch seo maidir le tiomantas na hÉireann do sheirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte a fheabhsú trí thaighde agus fianaise.
Leagann an straitéis, a forbraíodh i gcomhréir le beartas náisiúnta meabhairshláinte na hÉireann, Comhfhís: Beartas Meabhairshláinte do Chách, treoir shoiléir amach do thaighde meabhairshláinte in Éirinn. Is í fís na straitéise ná Éire le córas taighde meabhairshláinte rathúil a bhaint amach, a neartaíonn ár dtuiscint ar mheabhairshláinte agus a mbíonn tionchar dearfach aige ar mheabhairshláinte agus folláine do chách.
Leagtar amach ann creat cuimsitheach atá deartha chun comhtháthú, nuálaíocht agus tionchar a chothú, ag cinntiú go spreagann taighde meabhairshláinte beartas agus cleachtas fianaise-bhunaithe. I measc na bpríomhmholtaí tá:
Déanfaidh Grúpa Forfheidhmithe agus Maoirseachta tiomnaithe, a bhunóidh an Roinn Sláinte, maoirseacht ar chur i bhfeidhm na straitéise tras-rannach seo. Oibreoidh an grúpa seo i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara chun a chinntiú go mbainfear amach spriocanna agus gníomhartha molta na straitéise.
Labhair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, faoi thábhacht na straitéise seo, ag rá:
"Tá forbairt na straitéise seo ina sainchomhartha maidir le cur i bhfeidhm an bheartais mheabhairshláinte in Éirinn, agus tá sé ar cheann de na garspriocanna is suntasaí maidir le fianaise a nascadh le beartas ó thug mé faoi ról an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta i mí an Mheithimh 2020. Cuireann sé creat cuimsitheach agus mionsonraithe ar fáil chun taighde meabhairshláinte a threorú sna blianta amach romhainn, rud a chabhróidh le beartas a chur i bhfeidhm bunaithe ar fhianaise. Molaim Sainghrúpa na Straitéise Náisiúnta um Thaighde Meabhairshláinte agus an Bord Taighde Sláinte as a saineolas agus a n-iarrachtaí luachmhara chun an píosa oibre den scoth seo a sheachadadh, agus táim ag tnúth leis an tionchar ollmhór a bheidh aige ar thaighde meabhairshláinte agus ar bheartas fianaise-bhunaithe a fheabhsú sna blianta amach romhainn."
Leag an Dr Mairéad O'Driscoll, Príomhfheidhmeannach den Bhord Taighde Sláinte, béim ar ról ceannaireachta an Bhoird Taighde Sláinte i bhforbairt na straitéise:
"Ag an mBord Taighde Sláinte, bíonn daoine i gcónaí i gcroílár na hoibre a dhéanaimid, agus léiríonn an straitéis seo an croíluach sin. Trí dhíriú ar thaighde a mbíonn tionchar díreach aige ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail, is mian linn a chinntiú go dtugann taighde meabhairshláinte aghaidh ar riachtanais an tsaoil agus go soláthraíonn sé torthaí fiúntacha. Is céim shuntasach chun cinn í an straitéis seo chun córas taighde a chruthú a thugann tús áite don nuálaíocht agus don chomhoibriú, chomh maith le cúrsaí meabhairshláinte agus folláine a choinneáil i gcroílár a mhisin."
Leag an Dr Fiona Keogh, Cathaoirleach de Ghrúpa Saineolaithe na Straitéise Náisiúnta um Thaighde Meabhairshláinte, béim ar acmhainneacht chlaochlaitheach na straitéise féin:
"Is deis gan fasach í an straitéis seo chun taighde meabhairshláinte a chur chun cinn agus Éire a thabhairt chun tosaigh maidir le fianaise agus nuálaíocht mheabhairshláinte. Trí chóras taighde cuimsitheach agus comhtháite a thógáil, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha, riachtanais amach anseo a réamh-mheas, agus tionchar dearfach a imirt ar chúrsaí meabhairshláinte agus folláine do chách. Molaim do lucht déanta beartas, maoinitheoirí, taighdeoirí, agus daoine a bhfuil taithí saoil acu teacht le chéile chun tacú leis an straitéis seo, ar mhaithe le hÉirinn níos sláintiúla agus níos athléimní a chruthú."
Tá sé mar aidhm ag an straitéis taighde cheannródaíoch seo páirtithe leasmhara éagsúla ar fud earnálacha a theorú i dtreo fís chomhroinnte folláine agus dea-mheabhairshláinte don phobal ar fad.
Is beartas meabhairshláinte náisiúnta uaillmhianach, ilghnéitheach na hÉireann é Comhfhís , atá ann chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte trasna contanaim leathan, ó chur chun cinn na meabhairshláinte, cosc, luath-idirghabháil agus soláthar seirbhíse meabhairshláinte speisialaithe le linn na tréimhse 2020-2030. Cuireann sé leis an méid atá bainte amach ag Fís don Athrú , le béim ar sholáthar seirbhíse trasearnála níos leithne atá oiriúnach do riachtanais an daonra ar fad. Tá 100 moladh sonrach maidir le castacht agus frámaí ama éagsúla i gComhfhís.
Le Moladh 99 de Chomhfhís, ceanglaíodh go mbunófaí Coiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta uile-rialtais, le hionadaíocht láidir d’úsáideoirí seirbhíse agus don earnáil dheonach agus phobal ann, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí sa Bheartas agus chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn.
Bunaíodh an chéad NIMC i mí na Nollag 2020 agus tá Coiste Stiúrtha ann, in éineacht le Grúpa Forfheidhmithe FSS, Grúpa Tagartha de shaineolaithe ar thaithí saoil, agus Sainghrúpaí gaolmhara. D'fhaomh NIMC an Plean Forfheidhmithe 2022-2024 le haghaidh Comhfhís i Márta 2022. Tá tuilleadh eolais faoi bhallraíocht agus obair an choiste reatha ar fáil anseo