Fógraíonn an tAire Humphreys tacú buan leis an Scéim Iasacht bheag na gComhar Chreidmheasa ‘Luíonn sé le Ciall’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí inniu, Heather Humphreys TD, go bhfuil an tionscnamh chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus teaghlaigh ar ioncam íseal trí rochtain a chur ar fáil ar iasachtaí an Chomhair Chreidmheasa, anois buan.
Is scéim iasachta an Chomhair Chreidmheasa é ‘Luíonn sé le Ciall,’ tionscnamh Scéim Micrichreidmheasa Pearsanta, a chuireann iasachtaí beaga ar fáil ar ráta íseal úis do dhaoine a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu.
Soláthraíonn an Scéim creidmheas inacmhainne do dhaoine ar ioncam íseal agus tá sé mar aidhm acu cleithiúnas ar sholáthraithe creidmheasa ardchostais a laghdú.
Tá formhór d’aisíocaíochtaí na hiasachtaí déanta trí shaoráid Buiséadú Teaghlaigh, An Post, a thabhaíonn táille 25c in aghaidh an idirbhirt, a mbeidh ar na Comhair Chreidmheasa íoc as. Aithníonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an t-ualach a chuireann na táillí seo ar Chomhair Chreidmheasa agus chun an soláthar leanúnach a chinntiú den scéim iasachta tábhachtach seo, tá na táillí seo í n-íoc ag an Roinn, ar bhonn treoirscéime ó Eanáir 2020.
Bunaithe ar rath na treoirscéime, d’fhógair an tAire inniu bunú buan na híocaíochta de réir Reachta san Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh, 2005 (arna leasú).
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is cúis mhór áthais dom a fhógairt go bhfuil ‘Luíonn sé le Ciall,’ atá á leathadh amach i gcomhpháirtíocht lenár gComhair Chreidmheasa, le bheith buan as seo amach.
“Is scéim thábhachtach í seo a chuireann rogha creidmheasa ar ús íseal do dhaoine a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu, a bhfuil iasachtaí beaga ag teastáil uathu agus múrach sin, d’fhéadfaidís casadh i dtreo soláthraithe creidmheasa ardchostais.
“Cinnteoidh an íocaíocht atá déanta ag mo Roinn, ar bhonn buan, den táille idirbhirt le haghaidh aisíocaíochtaí tríd shaoráid Buiséadú Teaghlaigh, an soláthar leanúnach den scéim iasachta seo, atá beag, ach tábhachtach ar fud na hÉireann.
“Is maith atá a fhios agam, na dúshláin a bhíonn roimh theaghlaigh agus daoine ar ioncam íseal ina bhfuil iasachtaí beaga ag teastáil uathu, ó mo chuid laethanta a bheith ag obair i gComhar Creidmheasa. Fáiltím go bhfuil os cionn leath de na Comhair Chreidmheasa ag cur na scéime seo ar fáil, in os cionn 280 suíomh, agus go bhfuil sé ar fáil do dhaoine nach ball iad chomh maith le baill.
“Is cúis mhór áthais, go bhfeicfimid an soláthar leanúnach de ‘Luíonn sé le Ciall’ mar rogha eile d’iasachtaí beaga tábhachtach in áit creidmheas ardchostais, a bhuí le tacaíocht na Roinne, agus mar chéim aistir do dhaoine chun tús a chur le stair creidmheasa mhaith, agus chun bogadh ar aghaidh chuig iasachtaí caighdeánacha óna gComhair Chreidmheasa”.
Ag cur fáilte roimh an fhógra inniu, dúirt David Malone, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin de Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa:
“Cuirim fáilte roimh shíneadh an rialtais as íocaíocht a dhéanamh as na táillí idirbhearta do Chomhair Chreidmheasa atá rannpháirteach san tionscnamh Micrichreidmheasa Pearsanta, ar a dtugtar, Luíonn sé le Ciall. Bunaíodh an scéim seo in 2017 agus is rogha eile é in áit soláthraithe creidmheasa ardchostais. Domsa, díríonn an scéim iasachta faoi leith seo, ach a bhfuil tábhacht léi, ár n-aird ar an ról lárnach a bhíonn ag Comhair Chreidmheasa i bpobail na hÉireann. Bíonn Comhair Chreidmheasa i ngach pobal d’Éirinn, a sholáthraíonn coigilteas agus iasachtaí do bhaill ar bhonn neamhbhrabúis.”
Tá eolas maidir leis an scéim agus nuashonruithe rialta, lena n-áirítear liosta de na Comhair Chreidmheasa atá rannpháirteach ar fáil ag www.itmakessenseloan.ie.