Seolann an tAire Sláinte Seachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly Seachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán 2023 inniu (16 Bealtaine 2023).
Agus é ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt an tAire:
"Tá an-áthas orm a fheiscint gur bhfuil borradh ag teacht arís faoin gcóras deonuithe agus trasphlandaithe i ndiaidh COVID-19, le 250 trasphlandú déanta anuraidh.
"Tá tuilleadh fáis feicthe againn i mbliana le líon iomlán dochreidte de 81 trasphlandú déanta sa chéad ráithe de 2023. Is é seo an tús bliana is fearr a bhí ag an gcóras deonuithe agus trasphlandaithe riamh."
"Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach: na hionaid trasphlandaithe, foireann dianchúraim, bainisteoirí altra deontóra orgáin, Deonú agus Trasphlandú Orgán Éireann, agus gach duine a d'oibrigh chun feasacht a ardú."
Ag an imeacht, dhearbhaigh an tAire arís a thiomantas i leith tuilleadh forbartha ar an gcóras deonuithe agus trasphlandaithe in Éirinn.
"Mar rialtas tá cúpla beart déanta againn le blianta beaga anuas chun seribhísí deonuithe agus trasphlandaithe in Éirinn a fheabhsú. Tá An Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeántas Poiblí) tugtha isteach againn chomh maith le soláthar €2.25 milliún mar mhaoiniú breise chun tacú le forbairt leanúnach seirbhísí trasphlandúcháin.
"Tabharfaidh An Bille um Fhíochán Daonna córas rogha an diúltaithe isteach sa chóras deonuithe in Éirinn. Cabhróidh sé linn líon na n-orgán atá ar fáil le haghaidh deonuithe a mhéadú. Beidh an toiliú lárnach sa chóras seo, agus beidh aon duine nach bhfuil sásta a n-orgáin a dheonú, ar chúis ar bith, rogha a dhéanamh gan a bheith bainteach leis an gcóras."
Agus é ag labhairt faoi théama na Seachtaine Feasachta i leith Deontóirí Orgán i mbliana dúirt an tAire:
"Is é téama na Seachtaine Feasachta i leith Deontóirí Orgán i mbliana ná 'Ná Fág Amhras Ar Bith.' Molaim do gach duine deonú orgáin a phlé le bhur muintir, le bhur dtoil, agus cuir ar an eolas iad maidir le do chuid mianta i leith deonaithe. Trí seo, tabhairfadih tú suaimhneas dóibh go bhfuil siad in ann do mhianta a shásamh má imíonn tú ar shlí na fírinne, rud nach bhfágfadh amhras ar bith orthu.
"Is bronntanas saoil do dhuine eile é deonú orgáin. Cuireann trasphlandú feabhas ollmhór ar chaighdeán saoil an fhaighteora, agus d'fhéadfadh sé deis eile saoil a thabhairt dóibh. Dá bharr sin, tá sé chomh tábhachtach feasacht a ardú air seo gach Seachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán."
Beidh Seachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán 2023 ar siúl idir an 20 - 27 Bealtaine i mbliana agus tá sé eagraithe ag Cumann Duán na hÉireann i gcomhar le Deonú agus Trasphlandú Orgán Éireann de chuid an FSS.
Tá feachtas Sheachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán bunaithe i mbliana ar an téama 'Ná Fág Amhras ar Bith ar do Mhuintir!'
Is é príomh-theachtaireacht na seachtaine ná daoine a spreagadh le labhairt lena muintir faoi dheonú orgáin agus na mianta atá agat nuair a imíonn tú ar shlí na fírinne. Má roinneann tú do mhianta agus tú i ndea-shláinte ní bheidh an cinneadh chomh strusmhar sin do do theaghlach sa chás go dtéitear i dteagmháil leo de bharr gur dheontóir orgáin féideartha tú.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Sheachtain Feasachta i leith Deontóirí Orgán, déan teagmháil le Gwen O’Donoghue - 086 8241447 / gwen@ika.ie