Fógraíonn an tAire Sláinte dhá cheapachán nua do Bhord FSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ceapachán Anne Carrigy agus an tUasal Brendan Whelan ar bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tagann na ceapacháin tar éis feachtais na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS) do bhaill bhreise ar an mbord.
Ag fáiltiú dó roimh na ceapacháin, dúirt an tAire:
“Tá ríméad orm fáilte a chur roimh Anne Carrigy Uasal agus an tUasal Brendan Whelan do bhord FSS, atá ag glacadh le poist dhúshlánacha ach thábhachtacha ag an tráth seo”.
“Tá an bord lárnach maidir le rialachas a neartú agus cuireann sé le maoirseacht agus feidhmíocht FSS a fheabhsú. Táimid dírithe ar an bpaindéim faoi láthair agus trí chumas iomlán Bhord FSS a chinntiú, táim ag cinntiú go mbeidh sé sa riocht is fearr agus is féidir chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hathchóiriú agus atheagrú a thiocfaidh dlús leo sna míonna agus sna blianta amach romhainn."
Mar thoradh ar cheapachán an dá chomhalta nua tá dhá bhall déag san iomlán ar an mbord, rud a fhágann go mbeidh líon iomlán foirne ag an mbord den chéad uair ó bunaíodh é in 2019. Ceadaíonn an reachtaíocht lena mbunaítear an bord cathaoirleach, leaschathaoirleach agus 10 mball agus tá an bord iomlán i bhfeidhm anois.
Rinneadh na ceapacháin seo tar éis comórtais oscailte arna n-oibriú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, a thug cuireadh d’iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil saineolas sonrach acu ar abhcóideacht othar agus/nó cliniceoirí a bhfuil taithí acu. Is inniúlachtaí iad seo a shonraítear sa reachtaíocht a chaithfear a bheith ag beirt bhall ar a laghad de Bhord FSS.
Ceaptar an tUasal Whelan faoin bhforáil 'Abhcóideacht Othar' agus Ms Carrigy faoin bhforáil á cheangal ar an iarrthóir cleachtadh mar bhall de ghairm sláinte.
CRÍOCH
Anne Carrigy
Is altra ó thaobh gairme í. Tar éis di speisialtóireacht a dhéanamh agus a bheith ag obair i nDianchúram, bhog sí isteach i mbainistíocht altranais mar Stiúrthóir Altranais agus mar Cheann Gnóthaí Corparáideacha in Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath.
Ansin chuaigh sí le FSS mar Stiúrthóir ar an bhFoireann Bainistíochta Teagmhas Tromchúiseach agus ina dhiaidh sin rinneadh Ceannaire Náisiúnta, Seirbhísí Ospidéil Géarmhíochaine FSS di.
D’fhóin sí ar Bhoird agus ar Choistí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta le blianta fada lena n-áirítear mar Uachtarán ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann; Ball de Bhord ENDA (Cumann Stiúrthóirí Altraí na hEorpa); Uachtarán FEPI (Cónaidhm Eorpach na nGairmithe Altranais); Ball Comhairle de Chomhairle Leighis na hÉireann; Ball de Bhord HIQA (an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte); agus Ball de Chomhlacht Rialaithe Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Tá sí paiseanta faoi othair agus mhol sí cúram othar-lárnaithe, tar éis di a saol a thiomnú do sheirbhísí cúraim othar a fheabhsú.
Brendan Whelan
Is é Brendan Whelan POF an Fhorais Airgeadais Shóisialta, eagraíocht a sholáthraíonn maoiniú iasachta d’eagraíochtaí san earnáil shóisialta nach gcomhlíonann de ghnáth critéir chreidmheasa iasachtóirí príomhshrutha. Roimh an ról seo, bhí sé mar chuid den fhoireann Bainistíochta Sinsearaí i mBanc na hÉireann agus bhí sé freagrach as Oibríochtaí, TF agus AD.
Tá céim sa Tráchtáil aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, céim sa Bhainistíocht ó Ollscoil Stanford agus is Comhalta é d’Institiúid na mBancéirí in Éirinn.
Tá paisean aige cuidiú le daoine aonair a bhfuil riachtanais bhreise acu. Léirítear é seo ina Chathaoirleacht ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta (SO) Éireann agus an bhaint a bhí aige le dhá chlub SO áitiúil. Tá sé ina Chathaoirleach freisin ar St. Catherine’s Association, eagraíocht cúraim shóisialta Alt 39 i gCill Mhantáin agus ina Phátrún ar Scoil Speisialta St. Catherine's.