Tá McConalogue ag iarraidh go mbeidh daoine san airdeall tar éis ráig den ghalar crúibe is béil sa Ghearmáin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an Ghearmáin inniu (10/01/2025) a chéad chás den ghalar crúibe is béil (FMD) ó 1988. Braitheadh an galar i mbuabhall uisce i stát Brandenburg. Tá dianrialuithe curtha i bhfeidhm ag údaráis na Gearmáine chun scaipeadh ar aghaidh a chosc agus tá imthosca na ráige á bhfiosrú acu.
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD,
“Tá díomá orm cloisteáil faoin ráig den ghalar crúibe is béil sa Ghearmáin inniu. Tá a fhios agam gur buille uafásach é seo d'fheirmeoirí na Gearmáine, go háirithe an tréadúinéir atá buailte agus a gcomharsana. Tá a fhios agam go bhfuil údaráis na Gearmáine ag obair go dian chun é seo a réiteach. Ba mhaith liom a áitiú ar gach duine in Éirinn, feirmeoirí go háirithe, fanacht san airdeall agus ár mbeostoc Éireannach a chosaint.”
Is galar víreasach an-tógálach é FMD d’eallach, caoirigh, muca agus ainmhithe crúbscoilte eile. Bíonn sé ina chúis le caillteanais eacnamaíocha an-suntasach, de dheasca caillteanais táirgthe sna hainmhithe dá ndéantar difear agus mar gheall ar chaillteanas rochtana ar mhargaí eachtracha d'ainmhithe, d'fheoil agus do bhainne do thíortha atá thíos leis. Ní dhéanann FMD daoine a ionfhabhtú agus ní bhaineann riosca sábháilteachta bia leis. Tá Éire saor ó FMD, tar éis di a cás deireanach a bheith aici in 2001.
Tá beart á dhéanamh ag an Roinn chun beostoc na hÉireann a chosaint tar éis na ráige seo. Dheimhnigh an Roinn nár allmhairíodh aon ainmhithe atá soghabhálach i leith FMD (i.e. eallach, caoirigh, muca, etc.) isteach go hÉirinn ón nGearmáin ón 1 Samhain 2024, tréimhse shuntasach sula mbeadh cás ionfhabhtaithe sa Ghearmáin den chéad uair.
I measc rialuithe na hÉireann chun FMD a chosc tá toirmisc dhiana ar allmhairí ainmhithe agus táirgí ainmhithe ó thíortha ina bhfuil FMD i láthair; córas cuimsitheach faireachais tréidliachta chun ráigeanna neamhghnácha galair a bhrath; agus obair leantach ghníomhach agus imscrúdú tréidliachta ar aon tuairiscí faoi chásanna amhrasta.
Dá n-aithneofaí cás FMD in Éirinn, dhéanfaí ciondíothú ar an tréad ionfhabhtaithe, dhéanfaí an láithreán a dhíghalrú, agus chuirfí crios cosanta 3k agus crios faireachais 10k ar bun, ina bhforchuirfí rialuithe agus tástáil gluaiseachta an-dian. Is beag seans go gcuirfí cosc ar ghluaiseacht náisiúnta sna chéad laethanta tar éis aon chás FMD tosaigh. Dá dtarlódh cás FMD in Éirinn, chaillfí láithreach rochtain ar an margadh d'ainmhithe agus do tháirgí ainmhithe na hÉireann dá bharr.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo: gov.ie - Galar Crúibe agus Béil
Ba cheart aon chásanna amhrasta FMD in Éirinn a thuairisciú láithreach don Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil nó ar an nguthán don Bheolíne Éigeandála Galair Náisiúnta ar 01 492 8026 (lasmuigh d'uaireanta oifige).