Preasráitis
Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh, an 5 Iúil 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,741 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Sathairn, an 4 Iúil, bhí 18 chás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,527 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19 .
CRÍOCH