Preasráitis
Ráiteas ón Aire Donohoe maidir le cinneadh Davy dul i mbun díolachán an Ghrúpa
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD tráthnóna inniu (Déardaoin) go dtacaíonn sé leis an bhfógra a d’eisigh bord J&E Davy go bhfuil cinneadh déanta aige díol an Ghrúpa a shaothrú.
Ag labhairt dó tráthnóna, dúirt an tAire Donohoe:
"Is gnólacht seirbhísí airgeadais tábhachtach é Davy a fhostaíonn thart ar 700 duine le raon éagsúil cliant institiúideach, miondíola, carthanais, comhair chreidmheasa agus corparáideach."
“Tá sé tábhachtach go mbeadh pobal stocbhróicéireachta áitiúil seasmhach, dea-bhainistithe ann chun tacú le cuideachtaí dúchasacha. Ar an ábhar sin tacaím le fógra an tráthnóna seo. "
Deireadh leis an gcaint