Faisnéis tugtha don Aire Ryan agus Aire Lawless ar chúrsaí i gCalefort Holyhead sa Bhreatain Bheag
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na hAirí Eamon Ryan agus James Lawless, maraon leis an Roinn Iompair, ag dul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann i leith taistil do lasta agus do phaisinéirí isteach agus amach ó Phort Holyhead, i ndiaidh an damáiste a tharla le linn stoirm Darragh an deireadh seachtaine seo caite.
Ar maidin, bhí an bheirt acu curtha ar an eolas go hiomlán ag oifigí na Roinne, Oifig Forbartha Muirí na hÉireann, Calaphort Bhaile Átha Cliath agus Euraphort Ros Láir, chun gach aon réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann a phlé, ionas gur féidir freastal ar sholáthairtí trádála agus trácht paisinéara tríd calaphoirt eile, chomh héifeachtach agus is féidir.
Ón tseachtain seo ar aghaidh, beidh tuilleadh acmhainní á gcur ar fáil ó Ros Láir. An tseachtain seo, beidh Irish Ferries ag cur an W.B.Yeats ar fáil chun dul in ionad an Isle of Innisfree. Léiríonn sé seo méadú de thart ar 100% d’acmhainn bhreise. Tá seoladh breise tugtha isteach freisin ag Stena Line Ferries chuig Learpholl. Cé nach mbíonn seoltaí díreacha idir Calaphort Chorcaigh agus an Ríocht Aontaithe, tá sé curtha in iúl ag Corcaigh go bhfuil sé de chumas acu seoladh amháin a fheidhmiú in aghaidh an lae, b’fhéidir dhá cheann, bunaithe ar sceidealú. Tá molta ag na hAirí go bhféadfaí smaoineamh ar chalaphoirt agus ar bhealaí níos faide ó thuaidh a úsáid chomh maith.
Fanfaidh na hAirí i dteaghmháil leis na páirtithe leasmhara ar fad i rith na deireadh seachtaine, agus tá sé i gceist acu bualadh le Irish Ferries agus Stena Line Dé Luain, chun cinntiú go bhfuil an comhoibriu is fearr ann idir chomhlachtaí, ionas gur féidir freastal ar lasta, tiománaithe, agus ar phaisinéirí, roimh shéasúr na Nollag.
Scríobh an tAire Lawless chuig a chontrapháirt i dTionól na Breataine Bige, Ken States, Rúnaí Comh-aireachta ar Iompar agus An Bhreatain Bheag Thuaidh, chun cruinniú a eagrú. Scríobhfaidh na hAirí freisin chuig Heidi Alexander, Rúnaí Stáit d’Iompar don Ríocht Aontaithe.
Mar Aire le freagracht speisialta do Bheartas Poist, tá ómós tugtha ag an Aire Lawless don obair atá déanta ag An Post le laethanta beaga anuas, chun laghdú cuimsitheach a dhéanamh ar an riaráiste de bharr na calaphoirt a bheith dúnta, le 350,000 pacáiste le teacht ón Ríocht Aontaithe go ceann 24 uair an chloig.
Don scéal is déanaí, féach ar ár leathannach idirlíona Information regarding Holyhead Port Closure – 12 December 2024