Imeacht speisialta d’Éirinn i gceanncheathrú na NA i Nua-Eabhrac chun comóradh a dhéanamh ar chéim stairiúil don náisiún 100 bliain ó shin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Osclaíonn an tAire Catherine Martin mórthaispeántas faoin am ar tháinig Éire isteach i gConradh na Náisiún, ag cur í féin i láthair don chéad uair ar ardán an domhain
I mórimeacht deiridh chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann, osclófar taispeántas a thugann aitheantas don chéad uair a aithníodh Éire mar náisiún nua ar ardán an domhain i gCeanncheathrú na NA i Nua-Eabhrac.
Osclóidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD an taispeántas. Is é ‘On an Equal Footing with All, Ireland at the League of Nations 1923-1946’ an teideal atá ar an taispeántas seo ina ndéantar ceiliúradh ar chéad bliain de bhallraíocht na hÉireann i gConradh na Náisiún, an chéad eagraíocht pholaitiúil ar leibhéal stáit ar fud an domhain, a cruthaíodh tar éis an Chéad Chogadh Domhanda.
Chuaigh Éire isteach sa Chonradh ar an 10 Meán Fómhair 1923, agus rinne sí amhlaidh chun a léiriú gur stát neamhspleách a bhí inti agus gníomhaí neamhspleách i gcúrsaí domhanda. Bhí ballraíocht sa chonradh mar chuid riachtanach de chéad chéimeanna Éire neamhspleách ar an ardán idirnáisiúnta.
Ag labhairt roimh an seoladh, dúirt an tAire Catherine Martin:
“Fiú sula bhfuair sé neamhspleáchas ón mBreatain in 1922, bhí rialtas réabhlóideach Dháil Éireann ag iarraidh go dtiocfadh Éire isteach sa Chonradh. Ach ní go dtí gur tháinig stát Éireannach neamhspleách a aithníodh go hidirnáisiúnta ar an bhfód ar an 6 Nollaig 1922 – Saorstát Éireann, mar a thugtaí ar Éirinn an uair sin – go raibh an cumas dlíthiúil agus idirnáisiúnta ag Éirinn dul isteach i gConradh na Náisiún.
"Tá sé oiriúnach, mar sin, agus muid ag druidim le deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, an ócáid stairiúil seo a cheiliúradh a léirigh agus a chuimsigh fís agus spriocanna an tSaorstáit a bhí ag teacht chun cinn, ag glacadh a áite i measc náisiúin an domhain.
"Is mór an onóir dom an taispeántas tábhachtach seo a oscailt i Nua-Eabhrac ag ceanncheathrú na Náisiúin Aontaithe, an foras comharba ar Chonradh na Náisiún. Léiríonn an taispeántas agus an foilseachán a théann leis ón gCartlann Náisiúnta an tábhacht a bhaineann lenár mbailiúcháin náisiúnta agus le hathléiriú ar bhealaí nua cruthaitheacha don phobal chun dul i ngleic leo.
"Le hoidhreacht Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 rinneadh athshamhlú ar an gCartlann Náisiúnta agus ar a ról i gcaomhnú thaifid luachmhara an Stáit ó bunaíodh í.”
Is iad an Chartlann Náisiúnta, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Acadamh Ríoga na hÉireann a chuireann an taispeántas i láthair. Tá taifid ón gCartlann Náisiúnta ann a bhaineann le ballraíocht na hÉireann sa Chonradh agus nár cuireadh ar taispeáint go poiblí riamh. Sna taifid áirítear doiciméid oifigiúla, grianghraif, cuimhní cinn, litreacha agus earraí inbhailithe, agus léiritear iontu luath-eachtraí iontacha an Stáit nua agus é ag tosú ar sheasamh idirnáisiúnta a chruthú dó féin.
San áireamh sa taispeántas tá gné speisialta faoi Fhuinneog na Ginéive le Harry Clarke, a choimisiúnaigh Rialtas Cosgrave in 1929 mar bhronntanas ó Stát na hÉireann d’fhoirgneamh nua Eagraíocht Idirnáisiúnta an Lucht Oibre sa Ghinéiv. Is éard a bhí san fhuinneog ná fínéid ó 19 scríbhneoir Éireannacha, ach nuair a críochnaíodh í in 1930, dhiúltaigh Rialtas na hÉireann í mar gheall ar imní go mbreathnófaí ar a hábhar mar ábhar ‘mímhorálta’. Fuair Clarke bás sula bhféadfaí aon athrú a dhéanamh ar an bhfuinneog a cuireadh ar ais chuig a bhaintreach sa deireadh.
Óna blianta tosaigh i gConradh na Náisiún i leith, mhol Éire ord domhanda síochánta agus réiteach díospóidí idirnáisiúnta ar bhealaí síochánta. Ba iad seo príomhspriocanna an Chonartha agus bhí a fhios ag Éirinn, mar stát beag nach raibh cumhacht mhór mhíleata agus eacnamaíoch aici, gurbh í ballraíocht i ngrúpa stát ar aon intinn cosúil le Conradh óg na Náisiún an seans ab fhearr chun maireachtáil, agus teacht faoi bhláth, ar ardán an domhain.
Le linn cuairt ghearr dhá lá an Aire ar an gcathair buailfidh sí le príomh-cheannairí cultúrtha atá lonnaithe i Nua-Eabhrac a chuireann deiseanna ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha cur i láthair ag féilte agus ag ionaid le tacaíocht ó Chultúr Éireann. Tabharfaidh an tAire cuairt freisin ar Ionad Ealaíona na hÉireann, an priomhionad ealaíona agus cultúir na hÉireann i Meiriceá Thuaidh, agus gheobhaidh sí nuashonrú ar a chlár caipitil. I mí Mheán Fómhair 2023, chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €2 mhilliún breise ar fáil chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh bunaidh Ionad Ealaíona na hÉireann ar 51st Street.
Beidh cruinniú freisin ag an Aire Martin le hoifigigh Thurasóireacht Éireann chun an clár fairsing promóisean atá ar bun sna Stáit Aontaithe go dtí deireadh na bliana a phlé, chomh maith leis na hionchais don bhliain 2024 ó mhargadh tábhachtach SAM.
Tá an t-ionchas don turasóireacht ó na Stáit Aontaithe an bhliain seo chugainn dearfach – go háirithe i bhfianaise na bhfógraí le déanaí maidir le rochtain aeir do 2024, lena n-áirítear cinneadh JetBlue eitilt go hÉirinn den chéad uair, le heitiltí laethúla díreacha go Baile Átha Cliath ó aerfort JFK i Nua-Eabhrac agus ó aerfort Bhostúin le seoladh san earrach.
Nótaí an Eagarthóra
Caomhnaíonn lucht an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann siad agus cosnaíonn siad taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go bunú Shaorstát Éireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
In éineacht leis an taispeántas tá foilseachán den teideal céanna, On an Equal Footing with All, Ireland at the League of Nations 1923-1946, chun fiosrúchán stairiúil agus tuiscint ar thionchar agus ar oidhreacht na n-imeachtaí a chabhraigh leis an Stát a mhúnlú a spreagadh.
Dátaí taispeántais:
Ceanncheathrú na Náisiúin Aontaithe, 405, East 42nd St., New York, 10017, NY, USA
21 Samhain go dtí an 2 Nollaig 2023
Cead isteach saor in aisce.