Cuireadh i gcrích beagnach 80% de na gníomhartha faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ach leanann treocht na n-astaíochtaí ag ardú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsíodh an ceathrú Tuarascáil agus an ceann deiridh ar Dhul Chun Cinn de Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021, ag a bhfuil ráta forfheidhmithe foriomlán deiridh de 79%, agus cuireadh 760 beart as 965 i gcrích le haghaidh cheithre ráithe 2022.
Sonraítear sa tuarascáil ar dhul chun cinn R4 freisin rátaí seachadta do R4 amháin (64%), agus tugtar achoimre ar dhul chun cinn maidir le bearta moillithe ó cheathrúna roimhe seo.
Foilsíodh an tuarascáil le linn ama a raibh éifeachtaí athraithe aeráide agus teochtaí agus teagmhais aimsire antráthúla le brath in Éirinn agus san Eoraip i rith na bliana.
Leagtar béim sa tuarascáil ar roinnt gníomhartha tábhachtacha a cuireadh i gcrích i Ráithe 4:
I measc na n-éachtaí aeráide eile in 2022:
In ainneoin dul chun cinn maidir leis na bearta claochlaithe seo, léiríonn sonraí ón SEAI ardú i dtreocht astaíochtaí a bhaineann le fuinneamh. Tá roinnt cúiseanna leis sin, lena n-áirítear méadú ar úsáid bhreosla iontaise i nginiúint leictreachais mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin den chuid is mó, méadú ar astaíochtaí iompair agus fuinnimh tar éis de dheireadh teacht le srianta COVID in Éirinn agus cúpláil leanúnach gníomhaíocht gheilleagrach le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.
Sa chomhthéacs seo, tá iarmhairtí suntasacha ag aon mhoilleanna forfheidhmithe ó Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 ar an gcumas freastal ar bhuiséid charbóin atá ina gceangal de réir dlí agus Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála.
Agus é ag labhairt faoi Thuarascáil deiridh ar Dhul Chun Cinn 2021, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:
"Ní hionann an ghéarchéim aeráide agus dúshláin eile a bhí romhainn. Teastaíonn athmhachnamh ar an gcaoi a n-oibrímid, a dtaistealaímid, a n-úsáidimid an talamh agus a bhfaighimid fuinneamh. I mbeagán focal, baineann sé le córais a athrú. Tá Éire ag dul i ngleic leis an dúshlán ó ghlúin go glúin sin.
"Tugadh uchtach dom ar fheiceáil an dul chun cinn atá déanta inár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021, ach caithfimid dlús a chur lenár gcuid oibre sa réimse seo agus bogadh níos sciobtha chun gníomhartha aeráide comhaontaithe a chur i bhfeidhm ar fud na n-earnálacha go léir.
"Is tréimhse í seo ina bhfuil na deiseanna sin againn. Is féidir linn tithe níos teo, aer níos glaine, níos lú turais, níos lú comaitéireachta, níos mó obair chianda agus ón bhaile, níos mó post agus forbairt réigiúnach a chinntiú. Cabhróidh Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 linn é sin a bhaint amach agus deiseanna nua ioncaim, fostaíochta agus infheistíochta a chruthú.
"Caithfimid go léir oibriú le chéile chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú. Caithfimid a bheith ar an nglúin a chasann an taoide ar athrú aeráide agus ar chaillteanas bithéagsúlachta agus an domhan a fhágáil ag an gcéad ghlúin eile i riocht níos fearr ná mar a tugadh dúinne é."
Dúirt Tánaiste Micheál Martin:
"Tá an ghéarchéim aeráide ag athrú an domhain timpeall orainn, agus tá na héifeachtaí sin le feiceáil go soiléir anseo in Éirinn agus ar fud na mór-roinne. Ní mór dúinn gníomhú níos tapúla chun aghaidh a thabhairt air sin, ní hamháin chun ár spriocanna idirnáisiúnta agus ár ngealltanais náisiúnta atá ina gceangal de réir dlí a bhaint amach, ach chun ár n-ionchais agus ár gcaighdeán maireachtála a fheabhsú. Níl aon am le cur amú againn, ar son na hÉireann agus ar son an phláinéid."
Dúirt an tAire Eamon Ryan:
"Léiríonn Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 go bhfuil dul chun cinn seasta á dhéanamh againn, ach mar thoradh ar scála na géarchéime aeráide caithfimid leanúint orainn ag freagairt i mbliana agus sna blianta amach romhainn le níos mó práinne, nuálaíochta agus comhoibrithe agus comhpháirtíochta chun a chinntiú go ndéanann gníomhú ar son na haeráide saol daoine, ní hamháin níos inbhuanaithe, ach níos fearr agus níos inmharthana. Is athruithe suntasacha iad na hathruithe atá le déanamh againn ach tá na deiseanna agus na buntáistí suntasach freisin. Caithfimid na hathruithe sin a chur i bhfeidhm ar bhealach cóir cothrom; tá tábhacht le gach earnáil, gach áit agus gach duine a bhaineann leis an aistriú seo."
Is í seo an Tuarascáil deiridh ar Dhul Chun Cinn maidir le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide (CAP) 2021, ina sonraítear dul chun cinn maidir le bearta a sheachadadh atá le tuairisciú i Ráithe 4 2022. Eagraítear an tuarascáil i gcaibidlí earnála, in ord tionchar astaíochtaí, agus tugtar mionsonraí ar phríomhthreochtaí astaíochtaí agus ar bhearta earnála ardtionchair a cuireadh i gcrích agus ar cuireadh moill leo sa ráithe seo. Cuirtear dul chun cinn na mbeart go léir i Ráithe 4 san áireamh sa tuarascáil maidir le trédhearcacht agus cuntasacht iomlán.
Ar an iomlán, tuairiscítear ráta cur i gcrích 64% do R4 2022, cuireadh 165 de 257 beart nua i gcrích in am. Tuairiscítear freisin dul chun cinn na mbeart a raibh moill orthu ó cheathrúna roimhe seo, agus níor cuireadh ach 32% den 166 beart a raibh moill orthu i gcrích in ainneoin an ama bhreise a tugadh lena gcur i bhfeidhm. Is é 79% ráta forfheidhmithe foriomlán CAP 21 (seachadtaí á dtabhairt le chéile ó R4 2021 go R4 2022), agus cuireadh 760 de 965 beart i gcrích.
Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, a seoladh i mí na Nollag, 2022, an dara nuashonrú bliantúil dá chineál agus an chéad cheann a ullmhaíodh faoi An tAcht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Leanann sé ar aghaidh ón réamhrá, in 2022, de bhuiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus síleálacha astaíochtaí earnála.
Sonraítear sa phlean gníomhartha ar fud roinnt réimsí, lena n-áirítear sé earnáil ríthábhachtacha, ardtionchair:
Foilseoidh an Rialtas Iarscríbhinn Gníomhartha Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 go luath, agus déanfar cur síos ar ghníomhartha faoin bPlean nua.