Cuirfidh an Roinn Airgeadais seimineár gréasáin faoi Chánachas Idirnáisiúnta ar siúl
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faighfear dearcthaí ó pháirithe leasmhara idirnáisiúnta sa tseimineár chomh maith le ceisteanna a mbaineann le hÉire a chur in iúl
Beidh 2021 bliain thábhachtach do Chánachas Idirnáisiúnta nuair atáimid ag lorg comhaontú san ECFE i dtaca le tabhairt faoi dhúshláin chánachais a mbaineann lena dhigitiú.
Chuaigh an comhar idirnáisiúnta chun tairbhe d'Éire agus táthar tiomanta go mbainfeadh na 139 ball den gCreat Cuimsitheach an ECFE treánchomhaontú inbhuanaithe a thaobhódh le fás amach. Caithfear an comhaontú riachtanais na dtíortha go léir a chomhlíonadh idir bheag agus mhór, balltíortha forbartha agus forásacha araon. Tá sé criticiúil go soláthfar cinnteacht do thíortha agus comhlachtaí araon nuair atáthar ag baint amach comhréiteach cothrom, agus, sa phlé, caithfimid machnamh a dhéanamh ar chúlra na ndúshlán níos leithne a mbeidh os ár gcomhair de réir mar a thiocfaimid amach ón bpaindéim.
Cuirfear béim ar an bplé idirnáisiúnta sa tseimineár, pléifear treoirlínte taistil agus díreofar aird ar cheisteanna a bhaineann le páirtithe leasmhara Éireannacha i gcómhthéacs an chomhaontaithe agus ansin cur chun feidhme an chomhaontaithe.
Cuirfidh an tAire Airgeadais agus an Teachta Dála Paschal Donohoe tús leis an ócáid seo, agus beidh lucht déanta beartas an ECFE, an Coimisiúin Eorpach agus páirtithe leasmhara de chuid na hÉireann agus na Stát Aontaithe i láthair, chomh maith le hionadaithe de chuid dlínsí éagsúla.
Dúirt an tAire i leith an tseimineáir;
'Táim ag tnúth go mór le bheith ag plé na bealaí ar féidir linn an comhaontú idirináisiúnta a chur chun cinn mar gheall ar chúrsaí chánachais, agus ba bhreá liom na dearcthaí difirúla as áiteanna eile ar fud na cruinne a chluinstin i dtaca le conas comhaontú a chur le chéile ina léireofar an ré digiteach seo'.
Craolfar ar an ngréasáin an seimineár ag 14:00 Céadaoin, an 21 d'Aibreán.
Chun na sonraí a fháil nó más spéis leat a bheith páirteach san imeacht seo, seol ríomhphost chuig intltax@finance.gov.ie