Fógraíonn an t-Aire O'Gorman ceadú an mhaoinithe do Lá Náisiúnta an tSúgartha 2022
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mór an t-áthas a chuireann ar an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Roderic O’Gorman a fhógairt go bhfuil €93,000 ceadaithe chun tacú le Lá Náisiúnta an tSúgartha 2022.
Is féidir Lá Náisiúnta Súgartha a bheith ar siúl I mbliana ar aon lá nó meascán de laethanta idir an 2 Iúil agus an 9 Iúil (an dhá lá san áireamh).
Sé an aidhm atá le Lá Náisiúnta an tSúgartha ná deiseanna súgartha a chur chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na tíre, agus sé téama na bliana seo ná ‘Gach Éinne ag Súgradh Le Chéile’.
Fuair an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige iarratais ar an maoiniú seo ón 31 Údarás Áitiúil. Cháiligh gach ceann acu d'uasmhéid an mhaoinithe a bhí ar fáil - €3,000 in aghaidh an Údaráis Áitiúil.
Cuirfidh an maoiniú ar chumas na nÚdarás Áitiúil deiseanna súgartha a chur ar fáil do raon éagsúil na leanaí agus na ndaoine óga sa phobal.
I measc na n-earraí le maoiniú tá pacaí súgartha gníomhacha a dhíríonn ar roinnt leanaí nach éasca freastal orthu, lena n-áirítear leanaí ón Lucht Siúil, leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, leanaí in ionaid tearmann na mban, leanaí in ionaid an tsoláthair dhírigh agus leanaí Úcránach nuathagtha i gcóiríocht shealadach.
Bainfidh na hÚdaráis Áitiúil úsáid freisin as an maoiniú le haghaidh raon éagsúil gníomhaíochtaí faoin aer a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga ina gcuid pobal.
Agus fáilte a chur aige roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’ Gorman:
“Tá an súgradh thar a bheith tábhachtach chun tacú le forbairt, foghlaim agus folláine na leanaí. Spreagann sé spiorad na heachtraíochta agus na fionnachtana, ag cuidiú leis an aigne óg tuiscint níos fearr a fháil ar an saol mórthimpeall trí bhealaí spraíúla cruthaitheacha. Is deis é d’Údaráis Áitiúla Lá Náisiúnta seo an tSúgartha cuireadh a thabhairt do leanaí, agus dá dteaghlaigh, teacht le chéile ina gcuid pobal agus páirt a ghlacadh i raon gníomhaíochtaí spraíúla agus spreagúla ar féidir le gach éinne sult a bhaint astu.”
CRÍOCH
Tá sé mar aidhm ag Lá Náisiúnta an tSúgartha deiseanna súgartha a chur chun cinn do leanaí ar fud na tíre. Cheadaigh an RLCMIÓ iarratais ón 31 Údarás Áitiúil ar chlár gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm chun tacú le Lá Náisiúnta an tSúgartha. Dá bhrí sin, gheobhaidh gach Údarás Áitiúil a rinne iarratas ar mhaoiniú faoin scéim deontais seo maoiniú €3,000.
Cuireann deontas Lá Náisiúnta an tSúgartha cistí ar fáil do na hÚdaráis Áitiúla chun ligean dóibh deiseanna an tsúgartha agus caitheamh na haimsire a chruthú agus a óstáil do leanaí agus do dhaoine óga ina gcuid pobal.
Is féidir leis na hÚdaráis Áitiúla úsáid a bhaint freisin as maoiniú Lá Náisiúnta an tSúgartha d'fhonn pacaí súgartha a cheannach agus a dháileadh ar leanaí agus daoine óga. Díríonn na pacaí súgartha seo ar leanaí sa phobal i gcoitinne chomh maith le leanaí a bhféadfadh níos lú deiseanna súgartha a bheith acu, m.sh. iad siúd ina gcónaí in Ionaid an tSoláthair Dhírigh. I measc na bPacáistí Súgartha, is féidir earraí mar rópaí scipeála, liathróidí boga, ábhair ceardaíochta nó líníochta, bréagáin le haghaidh cumarsáide, bréagáin an tsóisialaithe, bréagáin céadfacha - BRÉAGÁIN AN SPRAOI!
Rinne 31 údarás áitiúil iarratas i mbliana ar mhaoiniú faoin scéim seo; tá sonraí na n-iarrtas ar fáil anseo.