Fógraíonn an tAire McConalogue go n-osclófar Tráinse 2 ACRES le haghaidh iarratas
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhféadfar iarratais a chur isteach go foirmiúil anois le haghaidh Thráinse 2 den Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES).
Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire,
“Tá áthas orm go bhfuil an córas ACRES oscailte anois d’iarratasóirí Thráinse 2 agus is féidir le comhairleoirí ACRES, thar ceann a gcliant, iarratais a chur isteach go foirmiúil. Cé go bhfuil Léirithe Suime curtha isteach ag roinnt comhairleoirí cheana féin agus iad tosaithe ar dhréacht-Phleananna Inbhuanaitheachta Feirme (FSPanna) a ullmhú, is féidir iad seo a thabhairt chun críche anois agus a chur isteach leis an iarratas deiridh, an tríú céim agus an chéim dheireanach sa phróiseas seo.”
Fanfaidh an tréimhse iarratais seo ar oscailt go dtí 5.30 pm Dé Céadaoin, an 13 Nollaig 2023, do Chomhoibriú ACRES agus ACRES ginearálta araon.
Lean an tAire,
“Tá €1.5 billiún geallta ag an Rialtas do ACRES thar thréimhse na scéime chun rannpháirtíocht 50,000 feirmeoir a éascú. Éascaíonn an maoiniú a fuair mé i mBuiséad na míosa seo caite oscailt Thráinse 2 de ACRES chun na huimhreacha sa Scéim a thabhairt suas go dtí an leibhéal sin, rud a thagann le Plean Straitéiseach na hÉireann 2023-2027.”
Mheabhraigh an tAire freisin do rannpháirtithe agus dá gcomhairleoirí go mbeidh an córas chun Pleananna Oibre Bliantúla Infheistíochta Neamhtháirgiúla (NPInna) a chur isteach do rannpháirtithe Chomhoibriú ACRES, atá ar oscailt ó Déardaoin, an 16 Samhain 2023, dúnta d'iarratais ar 5.30 p.m. Dé Céadaoin, an 6 Nollaig 2023.
Dúirt an tAire,
“Tá comhairleoirí in ann, ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, pleananna Oibre Bliantúla NPI a dhréachtú dá gcliaint agus táim ag spreagadh comhairleoirí anois na pleananna seo a chur isteach go foirmiúil roimh an spriocdháta. Is bealach fíorluachmhar iad NPInna laistigh de chur chuige Chomhoibriú ACRES d’fheirmeoirí chun bearta sonracha a ghlacadh chun a ngabháltais a bhainistiú agus a fheabhsú ar mhaithe leis an tírdhreach agus an comhshaol iomlán. Cé go rachaidh cur i bhfeidhm na NPInna chun tairbhe an chomhshaoil, in am agus i dteannta a chéile, cabhraíonn siad freisin le feirmeoirí scóir a gcuid tailte a mhéadú agus, ar a seal, leibhéal a n-íocaíochta bliantúla bunaithe ar thorthaí a mhéadú.”
Dúirt an tAire freisin go bhfuil na Téarmaí agus Coinníollacha maidir le Tráinse 2 de ACRES, mar aon leis na sonraíochtaí le haghaidh ACRES Ginearálta, foilsithe ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag gov.ie/ACRES , agus go bhféadfaidh feirmeoirí tuilleadh faisnéise faoin Scéim a fháil óna gcomhairleoirí, an Roinn, agus, i gcás tailte i limistéir Chomhoibriú ACRES, ón bhFoireann Tionscadail Chomhoibriú ACRES ábhartha.
Thapaigh an Roinn an deis freisin chun a chur i gcuimhne do Chomhairleoirí ACRES, mar a bhí amhlaidh i gcás iarratas ar iontráil i dTráinse 1, nach mór na trí chéim ar fad sa phróiseas iarratais do Thráinse 2 a chur i gcrích faoin spriocdháta .i. 5.30 pm an 13 Nollaig 2023, le go measfar go bhfuil an t-iarratas curtha isteach – agus is iad na trí chéim sin ná Léiriú Suime a chur isteach, Plean Inbhuanaitheachta Feirme a ullmhú agus, ar deireadh, an FSP agus an t-iarratas féin a chur isteach.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
• Is í an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) an beart aeráide agra-chomhshaoil faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
• Ceapadh ACRES chun cabhrú go suntasach le torthaí feabhsaithe ar bhithéagsúlacht, ar an aeráid, ar cháilíocht an aeir agus ar an uisce a bhaint amach, trí ghníomhartha atá bunaithe ar oidis ilfheidhmeacha agus ar thorthaí araon. Bunphrionsabal is ea an ghníomhaíocht cheart san áit cheart chun rannchuidiú na ngníomhaíochtaí leis na cuspóirí sin a uasmhéadú agus a fheabhsú. Tá ACRES á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag an státchiste náisiúnta.
• Tá dhá chur chuige laistigh den Scéim:
• ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta de réir mar atá sainithe do chur chuige Chomhoibriú ACRES thíos), a thairgeann raon beart (bunaithe ar oidis agus ar thorthaí araon); agus
• Comhoibriú ACRES, atá ar fáil d'fheirmeoirí i limistéir shainithe gheografacha ardtosaíochta. Taispeánann an léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha ACRES na 8 gcrios de Thionscadal Chomhoibriú ACRES (‘CP’).
• Tá an glacadh sa Scéim céimnithe, in dhá thráinse ar a laghad. Dúnadh Tráinse 1 d’iarratais i mí na Nollag 2022.
Tá €1.5 billiún geallta ag an Rialtas don Scéim thar a ré, agus an tsuim sin chun glacadh le 50,000 feirmeoir san iomlán in ACRES a éascú. Glacadh le gach iarratas bailí ar Thráinse 1 de ACRES isteach sa Scéim, agus tá díreach faoi bhun 46,000 rannpháirtí sa Scéim faoi láthair. Ciallaíonn sé seo dá réir gurb é an líon a fhéadfar a ghlacadh isteach sa Scéim i dTráinse 2 ná líon a thabharfar méid na rannpháirtithe go dtí an teorainn acmhainne 50,000. Má tá ró-éileamh ar an scéim, tabharfar faoi phróiseas rangaithe agus roghnóireachta.
• Ní mór do chomhairleoir ACRES faofa iarratas ACRES a chur isteach thar ceann an fheirmeora, agus ní féidir an t-iarratas seo a chur isteach ach le haghaidh cur chuige amháin, mar ní fhéadfaidh feirmeoir a bheith rannpháirteach in ACRES ginearálta agus Comhoibriú ACRES araon.
• Chun iarratas a chur isteach thar ceann a gcliant feirmeoirí, ní mór do chomhairleoir faofa ACRES an méid seo a leanas a dhéanamh, maidir le gach duine dá gcliaint:
• Léiriú Spéise/Comhaontú Rochtana a chur isteach;
• Plean Inbhuanaitheachta Feirme (FSP) a ullmhú agus a chur isteach ar chóras Bainistíochta Talún Cineálach (GLAM) na Roinne, agus
• An t-iarratas a chomhlánú agus a chur isteach chun uaslódálacha ábhartha a chur san áireamh.
Tá sé riachtanach go mbeadh na trí chéim ar fad curtha i gcrích faoin spriocdháta chun go measfar go bhfuil iarratas ‘curtha isteach’.
• Osclaíodh Tráinse 2 de ACRES d’iarratais ar líne Dé Céadaoin, an 22 Samhain 2023, agus féadfaidh comhairleoirí ACRES faofa iarratais a chur isteach trína gcuntas Agfood go dtí 5.30 pm Dé Céadaoin, an 13 Nollaig 2023.
• Tá ábhar tacaíochta chun iarratais ACRES a ullmhú le haghaidh Tráinse 2 lena n-áirítear Sonraíochtaí Scéime, Téarmaí & Coinníollacha, lámhleabhar úsáideora GLAM, treoir AgriSnap agus treoracha físe faoi chruthú an FSP agus faoi iarratas a chur isteach ag gov.ie/ACRES.