Buansciath an Chomórtais Aistritheoirí Óga á tabhairt ar ais go dtí an Spidéal
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An chéad ghlúin eile d’aistritheoirí Gaeilge á cothú
Is í Cainnear Nic Réamoinn, scoláire as Coláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i gConamara atá fógartha (inniu, 27 Aibreán 2022) mar bhuaiteoir an chomórtais Aistritheoirí Óga do 2022. Is é seo an dara bliain as a chéile atá an Bhuansciath buaite ag scoláire i gColáiste Chroí Mhuire agus is le haghaidh aistriúcháin ón bhFraincis go Gaeilge a bronnadh an ollduais.
Is iad Tomás Ó hUiginn, Coláiste Pobail Ros Comáin; Seán Holt, Gaelcholáiste Cheatharlach; Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne; agus Niamh Ní Mhuirí, Scoil Iósaef, Tír Eoghain a bhuaigh catagóirí Chúige Chonnacht, Laighean, na Mumhan agus Uladh agus taibléad Samsung an duine bronnta orthu.
Ag labhairt dó ag searmanas bronnta an Chomórtais, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers, T.D:
“Táim thar a bheith sásta go raibh sé ar chumas mo Roinne, i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach, an comórtas fíorthábhachtach seo a rith arís i mbliana. Chomh maith leis sin, tá sé go hiontach go bhfuilim féin in ann casadh leis na haistritheoirí óga seo go pearsanta agus tréaslaím leis na hiarratasóirí uile a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana. Tháinig deireadh leis an maolú don Ghaeilge in institiúidí an AE ar an 31 Nollaig 2021 agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh scileanna aistriúcháin den scoth ag na daoine atá ag iarraidh na poist san AE a líonadh sna blianta amach romhainn. Tá scileanna iontacha léirithe ag na buaiteoirí agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na buaiteoirí uile. Maith sibh!
“Is iontach go bhfuil an oiread seo suime á léiriú ag an aos óg i réimse an aistriúcháin agus is léiriú é seo ar an obair mhór atá curtha isteach ag oifigigh mo Roinne chun deireadh a chur leis an maolú, go háirithe tríd an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge a bhfuil mórán d’institiúidí oideachais na hÉireann páirteach ann chun ábhair aistritheoirí a ullmhú le haghaidh gairm bheatha mar aistritheoirí sna hinstitiúidí Eorpacha. Tá an raon deiseanna i réimse an aistriúcháin Gaeilge ag dul ó neart go neart agus tá mé cinnte go seasfaidh eispéireas an Chomórtais do na daoine óga uile a chuir isteach ar an gcomórtas agus iad ag dul le ceird an aistriúcháin amach anseo.”
I láthair ag an searmanas inniu chomh maith bhí Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach agus Barbara Nolan, Ceannasaí ar Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. Comhthionscnamh idir an Coimisiún Eorpach agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán is ea an Comórtas Aistritheoirí Óga atá á reáchtáil ó 2018.
Dúirt Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, gur cheart do na daltaí a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo “a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu” agus “go n-ardaíonn sé a chroí an t-ardchaighdeán agus an cruinneas a léirigh na buaiteoirí ina n-aistriúcháin”’ Thagair Seán don raon teangacha a d’úsáid na daltaí i gcomórtas na bliana seo, agus dúirt sé gur “díol sásaimh” é agus go bhfuil “súil againn cur leis an raon sin sna blianta amach romhainn.” Ar deireadh, dúirt sé go raibh súil aige “gur spreag an obair seo na hiarrthóirí le smaoineamh faoi ghairm an aistriúcháin amach anseo.”