Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil conraitheoir ceaptha le forbairt €30m ar Ché Dhomhainmhara in Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl a chríochnú.
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, cheap an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, conraitheoir le conradh €30m chun Cé Dhomhainmhara a fhorbairt in Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl.
Agus é ag fáiltiú roimh shíniú an chonartha oibreacha leis an gconraitheoir Ward & Burke Construction Limited, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a bheith in ann toradh rathúil an chomórtais tairisceana don Ché Dhomhainmhara a fhógairt, lena gcuirfear 200 méadar breise de ché ar fáil chun freastal ar shoithí iascaireachta níos mó agus chun teacht i dtír breise a mhealladh ó shoithí iascaireachta na hÉireann agus ó shoithí eile.”
Faoi láthair tá cois cé 325 méadar in Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl ach tá sí teoranta go -5.8 méadar tagra cairte agus bíonn brú tráchta ann i séasúir iascaigh a bhíonn gnóthach. Beidh an fhorbairt nua ar fáil do shoithí móra amhail soithí de chuid Chabhlach na hÉireann, Soithí Taighde Fhoras na Mara, soithí suirbhéireachta mara agus soithí fóillíochta mara.
Dúirt an tAire:
“Tá Ionaid Iascaigh Cuain ríthábhachtach don tionscal bia mara agus is sampla soiléir é Ros an Mhíl den chaoi a spreagann na háiseanna seo gníomhaíocht eacnamaíoch do na pobail chósta tuaithe máguaird a d'fhéadfadh forbairt agus poist a chur ar fáil.”
Dúirt an tAire:
“Is léiriú breise é an tionscadal seo ar thiomantas an Rialtais seo aghaidh a thabhairt ar thionchair an Bhreatimeachta ar an earnáil iascaireachta agus ar thodhchaí láidir do phríomhtháirgeoirí bia mara na hÉireann. Táim ag súil go gcuirfear tús leis an tionscadal in Eanáir 2023 agus go mbeidh sé críochnaithe faoi Mheán Fómhair 2024.”
Maoineofar an tionscadal tríd an gClár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta.
CRÍOCH