Pleanáil agus ullmhaigh sula dtéann tú amach ar an uisce
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Molann an Roinn Iompair d’úsáideoirí árthaí áineasa pleanáil chun tosaigh
Cuirtear i gcuimhne d’úsáideoirí árthaí áineasa (canúnna, cadhcanna, báid rámhaíochta, báid seoil agus cláir seaschéaslóireachta, cuir i gcás) an tábhacht a bhaineann lena dturas a phleanáil agus dálaí contúirteacha aimsire agus farraige a sheachaint. Anois agus ardséasúr an tsamhraidh ar na bacáin, tá an Roinn Iompair ag impí ar gach úsáideoir árthaigh áineasa na dualgais pleanála turais a chomhlíonadh sula dtéann sé amach.
I measc na rudaí ar cheart breathnú orthu nuair atáthar ag pleanáil dul amach ar an uisce tá:
Aibhsítear i bhFógra Mara Uimh. 30 de 2023 an fhaisnéis thábhachtach sin agus na prionsabail pleanála turais. Moltar san Fhógra freisin gur cheart do gach úsáideoir árthaigh áineasa Teachtaireacht Tuairisce Tráchta a logáil tríd an Stáisiún Raidió is gaire de chuid Gharda Cósta na hÉireann sula dtéann sé amach ar an uisce. Ní mór do gach duine atá ar bord árthach pléisiúir atá níos lú ná seacht méadar ar fhad gaireas snámhachta pearsanta nó seaicéad tarrthála a chaitheamh.
Arsa an tAire Stáit Jack Chambers:
“Anois agus na seachtainí is gnóthaí den samhradh ag druidim linn, is mithid a chinntiú go bhfuil do dhualgais ar eolas agat agus go dtuigeann tú na rioscaí a bhaineann le dul amach ar an uisce. Bí ullamh, pleanáil chun tosaigh agus fan sábháilte. Tá mé ag iarraidh ar na daoine go léir a bhfuil sé ar intinn acu dul amach ar an uisce sna míonna amach romhainn ullmhú i gceart, cloí leis an gcomhairle agus eolas a chur ar na rioscaí. Ní fiú dul sa seans.”
Le tuilleadh eolais a fháil faoi fhanacht sábháilte agus árthach áineasa á úsáid agat, léigh an Cód Cleachtais um Oibriú Sábháilte Árthaí Áineasa.
Fógraí Mara
Is fógraí faisnéise iad Fógraí Mara agus eisíonn an Roinn Iompair iad le faisnéis thábhachtach a phoibliú, amhail faisnéis sábháilteachta, faisnéis rialála agus faisnéis eile a bhaineann leis an earnáil mhuirí in Éirinn.
Is féidir teacht ar na Fógraí Mara uile anseo: Marine Notices 2023