Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonrú ar liosta na Stát ainmnithe - 9 Lúnasa 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go bhfuil sé i gceist aige Stát amháin eile a chur ar liosta na Stát ainmhithe. Daoine nach bhfuil go hiomlán vacsaínithe fós*, atá ag teacht isteach in Éirinn agus a bhí sna Stáit seo nó ar idirthuras iontu sna 14 lá roimhe seo, ní mór dóibh Coraintín Éigeantach in Óstán a dhéanamh.
Is í an tír atá á cur ar an liosta ná: an Chasacstáin
Go luath, ag tosú ó 04.00 Dé hAoine, 13 Lúnasa, áireofar an Chasacstáin ar an gcóras áirithinte don Choraintín Éigeantach Óstáin. Beidh sé riachtanach do phaisinéirí atá ag teacht ón Stát seo agus nach bhfuil vacsaínithe, coraintín a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais maidir leis an gCoraintín Éigeantach Óstáin le fáil ag www.gov.ie/quarantine . Má ta tú ag taisteal go hÉireann ó Stát neamhainmnithe, ní mór duit Foirm Aimsitheora Paisinéirí leictreonach a chomhlánú roimh duit an tír sin a fhágáil. Ní mór duit cruthúnas bailí a bheith agat go bhfuil tú vacsaínithe nó go bhfuil téarnamh déanta agat, nó fianaise a chur i láthair i dtaca le toradh diúltach ar thástáil RT-PCR a rinneadh laistigh de 72 uair roimh duit teacht isteach sa tír. Tuilleadh eolais le fáil ag www.gov.ie/travel .
DEIREADH
Cúrsa iomlán d’aon cheann de na vacsaíní a leanas: Meastar go bhfuiltear vacsaínithe go hiomlán tar éis
2 dáileog den Vacsaín Pfizer-BioNtech: BNT162b2 (Comirnaty®) | 7 lá |
2 dáileog de Moderna Vaccine: CX-024414 (Moderna®) | 14 lá |
2 dáileog den Vacsaín Oxford-AstraZeneca: ChAdOx1- SARS-COV-2 (Vaxzevria® or Covishield) | 15 lá |
1 dáileog den Vacsaín Johnson & Johnson/Janssen: Ad26.COV2-S [athchuingreach] (Janssen®) | 14 lá |
Má tá tú vacsaínithe go hiomlán le haon cheann de na vacsaíní thuas atá faofa, agus na doimiméid agat chun é sin a chruthú, ní gá duit an coraintín éigeantach óstáin a dhéanamh nuair a thagann tú isteach in Éirinn. Ní gá do chleithiúnaithe atá ag taisteal leat, páistí san áireamh, an coraintín éigeantach óstáin a dhéanamh ach an oiread.
Tá liosta iomlán de na tíortha atá ainmnithe le fáil anseo.