Fógraíonn an tAire Ryan bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachain amhantair san earnáil fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, bearta inniu chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachain amhantair san earnáil fuinnimh trí Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle. a chur chun feidhme.
Mar thoradh ar phraghsanna gáis mórdhíola a bheith níos airde, tá gnóthachain amhantair fhéideartha á ndéanamh ag táirgeoirí leictreachais, a bhfuil méadú ag teacht ar a n-ioncam ón margadh leictreachais mórdhíola. D’fhéadfadh na praghsanna ardaithe gnóthachain amhantair a ghiniúint i mbreoslaí iontaise a tháirgeadh agus a mhínchóireáil.
Dúirt an tAire Ryan:
"Mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá méaduithe nach bhfacthas a leithéid riamh ag teacht ar phraghsanna gáis nádúrtha mórdhíola, rud atá ag déanamh difear do na praghsanna atá á n-íoc ag tomhaltóirí agus ag cruthú gnóthachain amhantair i roinnt réimsí den earnáil fuinnimh. Is é an toradh a bheidh ar an Rialachán ón gComhairle a chomhaontú agus ar chur chun feidhme an Rialacháin a bheith á cheadú ag an Rialtas ná go gcinnteofar go ndéanfar gnóthachain amhantair a bhailiú agus a athdháileadh chun tacú le tomhaltóirí fuinnimh."
Chinn an Rialtas go gcuirfeadh sé caidhp ar an ioncam margaidh ar fad de chuid gineadóirí leictreachais neamhgháis. Déanfar an t-ioncam barrachais a bhailiú agus a úsáid chun tacú le tomhaltóirí leictreachais.
Is mar a leanas a bheidh feidhm ag an gcaidhp ar an ioncam margaidh maidir le gineadóirí leictreachais neamhgháis arb ionann a dtoilleadh agus 1 MW nó níos mó:
Cuirtear san áireamh sa chaidhp ar leibhéal €120 in aghaidh an MWh i gcás fuinneamh gaoithe agus fuinneamh gréine an t-ioncam a raibh na gineadóirí ioncaim ag súil leis roimh an méadú i bpraghsanna gáis, arbh ionann é agus níos lú ná €100 in aghaidh an MWh, agus an méadú teoranta i gcostais arna dtabhú ag na gineadóirí sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gurb amhlaidh, i gcás gur féidir le soláthraithe leictreachais a thaispeáint go bhfuil aon ioncam atá os cionn na caidhpe á chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí deiridh trí phraghsanna níos ísle, nach mbeidh an t-ioncam sin faoi réir na caidhpe. Beidh feidhm ag an gcaidhp ar an ioncam margaidh ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí an Mheithimh 2023, agus an dá mhí sin san áireamh, faoi mar atá leagtha amach sa Rialachán ón gComhairle.
Chinn an Rialtas freisin go gcuirfeadh sé an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach chun feidhme, faoi mar atá leagtha amach sa Rialachán ón gComhairle, maidir le cuideachtaí atá agus a bheidh gníomhach i mbreoslaí iontaise a tháirgeadh agus a mhínchóireáil do na blianta 2022 agus 2023.
Ríomhtar an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ar bhonn an sciar de bhrabús inchánach cuideachta is mó ná 20% os cionn bonnlíne. Is é a bheidh sa bhonnlíne ná an meánbhrabús inchánach don chuideachta don tréimhse ón mbliain 2018 go dtí an bhliain 2021. Ní chuirfear caillteanais ó bhlianta roimhe san áireamh nuair a bheifear ag ríomh an bhrabúis inchánach sa ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ná nuair a bheifear ag ríomh na bonnlíne.
Maidir le brabús inchánach is mó ná 20% os cionn na bonnlíne, beidh siad faoi réir na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí ag ráta 75%. Is iad na torthaí a bheidh air sin ná ráta éifeachtach 0% le haghaidh gnóthachain amhantair is ionann agus 20% ar a mhéad, ráta éifeachtach 50% le haghaidh gnóthachain amhantair is ionann agus 60%*, agus ráta éifeachtach 60% le haghaidh gnóthachain amhantair is ionann agus 100% (i.e., i gcás gur tháinig méadú faoi dhó ar an mbrabús).
Mar gheall ar luaineacht na bpraghsanna gáis, ní féidir méid na bhfáltas ón gcaidhp ar an ioncam margaidh agus ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a mheas le haon chinnteacht. Ag brath ar phraghasleibhéal an gháis nádúrtha, is féidir gurbh ionann na fáltais agus suim idir thart ar €300 milliún agus €1.9 billiún. Mar sin féin, meastar an leibhéal a bheith ag an taobh íochtarach den raon sin agus is féidir go mbeidh sé níos ísle fós má thagann laghdú ar phraghsanna gáis.
Táthar ag súil go mbaileofar sa bhliain 2023 na fáltais ón gcaidhp ar an ioncam margaidh agus go mbaileofar sna blianta 2023 agus 2024 na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach.
Leagtar amach sa Rialachán ón gComhairle go bhféadfar na fáltais a úsáid chun dul chun tairbhe do thomhaltóirí leictreachais. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin muirir líonraí a laghdú nó tacaí a thabhairt go díreach do thomhaltóirí, cosúil leo sin atá i bhfeidhm cheana féin. Cinnfidh an Rialtas in am trátha conas is fearr na fáltais sin a dháileadh.
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur chuir an Rialtas raon leathan cineálacha tacaíochta i bhfeidhm do gach tomhaltóir fuinnimh. Tá mionsonraí iomlána ar fáil ag www.gov.ie/ReduceYourUse.
*(60% lúide an bhonnlíne 20% = tá 40% incháilithe lena ranníoc ag ráta 75%; is é sin, 30%)
CRÍOCH
Áirítear na nithe seo le Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh:
1. caidhp ar ioncam margaidh teicneolaíochtaí sonracha san earnáil leictreachais
2. ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach a bheidh bunaithe ar an mbrabús inchánach do chuideachtaí breoslaí iontaise, agus
3. ceanglas go laghdófaí an t-éileamh ar leictreachas sa gheimhreadh atá le teacht
Maidir leis an gcaidhp ar an ioncam margaidh:
Déanfar na fáltais ón gcaidhp ar an ioncam margaidh a choinneáil agus a úsáid san earnáil leictreachais chun praghsanna a ísliú do thomhaltóirí ar aon dul leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán ón gComhairle.
Maidir leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach:
Is mar a leanas a bheidh rátaí éifeachtacha na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí, bunaithe ar an sciar den bhrabús breise:
Íocfar na fáltais ón ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach leis an státchiste agus caithfear iad ar aon dul leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán ón gComhairle.
Ceanglaítear ar na Ballstáit leis an Rialachán ón gComhairle bearta a chur chun feidhme chun an tomhaltas leictreachais foriomlán sa tréimhse ó mhí na Samhna 2022 go dtí mí an Mhárta 2023 a laghdú faoi 10% i gcomparáid le meán na gcúig bliana roimhe sin thar an tréimhse chéanna. Áirítear leis freisin ceanglas éigeantach chun an buaicthomhaltas leictreachais sa tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí an Mhárta 2023 a laghdú faoi 5% i gcomparáid leis an tomhaltas réamh-mheasta.
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag obair i gcomhpháirt le Ranna agus gníomhaireachtaí iomchuí chun bearta a fhorbairt chun go gcomhlíonfar na ceanglais maidir leis an éileamh a laghdú.
Is féidir téacs iomlán an Rialacháin ón gComhairle a léamh ar shuíomh gréasáin EUR-Lex.
Leis an bhfeachtas tras-Rialtais faisnéise poiblí 'Úsáid Níos Lú', gríosaítear sealbhóirí tí agus gnólachtaí a chinntiú go mbíonn siad ag baint leas as na tacaí atá i bhfeidhm chun cabhrú linn go léir teacht slán as an ngeimhreadh seo. Tá an Rialtas ag iarraidh ar dhaoine coinneáil te agus folláin an geimhreadh seo agus a bheith ar an eolas go mbeidh cabhair ar fáil dóibh má bhíonn sí ag teastáil uathu thar na seachtainí agus na míonna atá romhainn.
Nuair is sábháilte agus is féidir déanamh amhlaidh, táthar ag iarraidh ar dhaoine cur amú fuinnimh a laghdú. Má úsáideann teaghlaigh agus gnólachtaí níos lú fuinnimh, cabhrófar leo airgead a shábháil.
Is iad an Coimisiún um Rialáil Fóntais, MABS (an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid), ALONE agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann na príomh-chomhpháirtithe a bhfuil baint acu leis an bhfeachtas.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na cineálacha cabhrach agus tacaíochta a bheidh ar fáil an geimhreadh seo a léamh ar leathanach gréasáin an fheachtais 'Úsáid Níos Lú'.