Fógraíonn na hAirí go gcuirfear tús le híocaíochtaí le saothróirí gairneoireachta faoi Scéim Íocaíochta Éisceachtúla na Gairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí a eisiúint chuig iarrthóirí incháilithe faoi Scéim Íocaíochta Éisceachtúla na Gairneoireachta (SÍEG). Leanfar ar aghaidh ag eisiúint íocaíochtaí le saothróirí trí mhí Mheán Fómhair de réir mar a phróiseáiltear iarratais.
Maoinítear an beart tacaíochta SÍEG ar fiú €2.8 milliún é ón leithdháileadh de chuid na hÉireann, mar a d’fhógair an Coimisiún Eorpach ar an 23ú Márta, i leith an chúnaimh coigeartaithe eisceachtúil do na táirgeoirí in earnálacha na talmhaíochta a ndeachaigh ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin i bhfeidhm orthu.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi Scéim Íocaíochta Éisceachtúla na Gairneoireachta. Cabhróidh an beart tacaíochta seo chun cuid de na dúshláin shuntasacha atá roimh an earnáil gairneoireachta le déanaí a mhaolú. Tá an-tábhacht ag baint leis an earnáil ghairneoireachta intíre agus is mian linn í a chosaint agus a fheabhsú. Ba é seo mo phríomhchúis leis an bpacáiste tacaíochta seo a cheapadh. Ba mhaith liom an earnáil a fheiceáil faoi bhláth san am atá romhainn.”
Dúirt an tAire Hackett freisin:
“Tá ról ríthábhachtach ag ár saothróirí gairneoireachta intíre i dtáirgeadh bia sábháilte, cothaitheach agus áitiúil ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár saothróirí trí thréimhse thar a bheith dúshlánach, agus soláthróidh na híocaíochtaí seo sreabhadh airgid luachmhar chun tacú le saothróirí agus chun inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála a chinntiú.”
Déanfar íoacaíochtaí le saothróirí sna hearnálacha barra ard-sreang, glasraí páirce agus úlla ar bhonn limistéir (in aghaidh an heicteáir) le haghaidh barra atá á bhfás i 2022. Maidir le beacáin, déanfar íocaíochtaí a ríomh ar leibhéal na mbeacán a dhíoltar agus beidh sé bunaithe ar chainníocht (meáchan i kg) na mbeacán a díoladh le linn na tréimhse ón 1ú Eanáir 2022 go dtí an 30ú Aibreán 2022.
Mhol an tAire McConalogue feirmeoirí a bhfuil ceisteanna gan réiteach acu freagra a thabhairt don Roinn láithreach chun a n-íocaíocht a éascú.
Nótaí do na hEagarthóirí:
Tá SÍEG deartha chun slándáil ghearrthéarmach agus mar sin inmharthanacht fhadtéarmach na n-earnálacha seo a chinntiú.
I measc na bhfo-earnálacha a áirítear faoin Scéim seo tá saothróirí tráchtála in earnáil na mbarr ard-sreang tithe gloine (piobair/trátaí/cúcamair), earnáil glasraí na páirce, earnáil na mbeacán agus earnáil na n-úll.
Cuirfear teorainn de €100,000 in aghaidh an úinéara tairbhiúil ar íocaíochtaí.
Déanfar íocaíochtaí le saothróirí glasraí páirce agus úlla ar bhonn limistéir (in aghaidh an heicteáir) ag ráta €400 in aghaidh an heicteáir.
Ríomhfar íocaíochtaí le saothróirí barra ard-sreang in aghaidh 2 heicteáir ar a mhéad. Íocfar ráta €70,000 don chéad heicteár i dtáirgeadh agus €30,000 don dara heicteár nó don choibhéis pro-rata.