Fógraíonn an tAire McConalogue oscailt na n-iarratas ar Scéimeanna Tacaíochta Teicniúla Eachaí agus Pórú Eachaí 2024
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu seoladh na Scéime Teicniúla Eachaí agus Pórú Eachaí 2024 agus an oscailt chun iarratais a fháil. Is é aidhm na scéime ná earnáil eachaí na hÉireann a éascú agus tacú léi chun na caighdeáin idirnáisiúnta is airde maidir le pórúchán, oiliúint agus taighde a chur i bhfeidhm agus iad afhorbairt.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm seoladh na Scéime Teicniúla agus Pórú Eachaí 2024 a fhógairt, ar fiú €854,000 í don earnáil eachaí. Cuirtear an maoiniú ar fáil chun tacú le tionscadail éagsúla sa tionscal eachaí. Táim tiomanta do thacaíocht leanúnach don earnáil eachaí, go háirithe i réimsí na leabhar graí agus an phórúcháin, an oideachais agus an taighde.”
Tá trí cheannteideal cláir sa scéim:
Clár Ginearálta;
Clár Oiliúna/Oideachais; agus
Cláir um Thaighde ar Ghalair Eachaí.
Dúirt an tAire freisin:
“Cuireadh maoiniú ar fáil do roinnt tionscadail luachmhara le blianta beaga anuas. Mar shampla, sa bhliain 2023, d'úsáid cumainn phóir maoiniú chun tástáil tuismíochta a chur ar fáil do gach ainmhí a théann isteach ina bpórleabhar faoi seach, ag baint úsáid as an teicneolaíocht um Polamorfacht Aon-Núicléitíde (SNPanna). Cuireann an t-aistriú seo deiseanna ar fáil do thógálaithe Éireannacha a bheith ina gceannairí domhanda sa ghéineolaíocht eachaí amhail cruinneas feabhsaithe ginealaigh, caomhnú línte neamhchoitianta, faireachán a dhéanamh ar ghéinte a bhaineann le sláinte agus mínormáltachtaí féideartha, dath fionnaidh a thuar agus, amach anseo, taighde a dhéanamh ar thréithe eile a bhaineann le pórú agus le feidhmíocht. I measc na dtionscadal luachmhar eile bhí aistriú eolais dár dtógálaí óga a bheidh ina dtógálaí sa todhchaí, margaíocht agus cur chun cinn ár leabhar graí agus taighde ar ghalair eachaí. Táim ag tnúth leis na moltaí do 2024 a fheiceáil agus tá súil agam go mbeidh go leor iarratas ar thionscadail nua agus nuálacha ann a chabhróidh agus a chuirfidh le forbairt inbhuanaithe na hearnála”.
Ní mór d'iarratasóirí cloí le téarmaí agus coinníollacha sonracha gach cláir agus ní mór tionscadail a bheith críochnaithe agus tuairisc déanta orthu go déanach in 2024. Is é 5pm Dé hAoine an 22 Nollaig 2023 an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá tuilleadh sonraí ar fáil faoin scéim, lena n-áirítear cóip de théarmaí agus coinníollacha gach cláir, ar shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.gov.ie/en/publication/412da-animal-breeding/
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, déan teagmháil leis an Rannán Póraithe, Táirgthe agus Trádála Beostoic, An Cabhán:
• uimhir fóin: 049 436 8242
• seoladh ríomhphoist: ets@agriculture.gov.ie