Giotár Rory Gallagher ag Teacht Abhaile
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fender Stratocaster ceannaithe d’Ard-Mhúsaem na hÉireann le tacaíocht ó Live Nation Gaiety Teo.
Tar éis díolachán Fender Stratocaster Rory Gallagher inniu ag ceant i Londain, léirigh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a buíochas as an iarracht speisialta a rinneadh chun a chinntiú go bhfillfidh an giotár ar Éirinn ar bhonn buan agus go mbeidh sé ar taispeáint do dhíograiseoirí ceoil agus don phobal i gcoitinne mar aitheantas ar cheoltóir ceannródaíoch agus taibheoir íocónach.
Tá an giotár ceannaithe ag Live Nation Gaiety le súil é a dheonú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Leanann sé seo tar éis plé agus teagmhálacha idir an Roinn, an tArd-Mhúsaem agus an ceannaitheoir, roimh cheant suntasach uirlisí agus míreanna an ghiotáraí inniu. Cinntíonn an comhaontú ceannaigh go gcaomhnófar an Strat cáiliúil anois faoi úinéireacht an Stáit, agus go gcuirfear ar fáil é don phobal agus do lucht leanúna Rory Gallagher ar fud an domhain.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá lúcháir orm go bhfuil giotár Rory ag teacht abhaile go hÉirinn. Tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Ard-Mhúsaem chun é seo a thabhairt i gcrích. Tá fáilte mhór roimh an gceannachán rathúil, i gcomhar le hArd-Mhúsaem na hÉireann. Ó fógraíodh díolachán bhailiúchán Rory Gallagher, thuig mé díograis an náisiúin, agus lucht an cheoil ach go háirithe, go mbeadh giotár íocónach Rory slán mar ábhar inspioráideach dár gcnuasach oidhreachta náisiúnta agus mar theistiméireacht ar an iliomad éachtaí atá déanta aige. Bhí Rory Gallagher lárnach i mbunú na hÉireann ar stáitse domhanda mar ionad rac-cheoil. D’éirigh go maith le Rory ar fud an domhain lena stíl bharántúil bunaithe ar na gormacha agus bhí an-ghrá ag lucht leanúna air as a chuid albaim iomadúla agus a thaibhithe beo den scoth."
“Ní hamháin go gceadóidh an tabhartas flaithiúil don mhúsaem an uirlis iontach a chosaint do na glúnta atá le teacht agus do cheoltóirí, ach is dóigh liom go meallfaidh sé cuairteoirí ó chian is ó chóngar. Táim ag súil le tuilleadh a chloisteáil faoi phleananna an mhúsaeim chun an Strat cáiliúil a thaispeáint, rud a thuigim a chuimseoidh Corcaigh, áit ar fhás an ceoltóir clúiteach aníos.”
CRÍOCH