Déanann an tAire Humphreys athruithe móra ar an Tástáil Mhaoine do Chúnamh Feirme
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys athruithe móra isteach inniu (Dé Máirt, an 14 Meitheamh) ar an Tástáil Mhaoine do Chúnamh Feirme mar bheart a chruthóidh sochar do na mílte feirmeoir.
Shínigh an tAire rialacháin a thabharfaidh neamhaird ioncaim nua isteach a chinnteoidh nach ndéanfar difear d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh feirmeoirí a ghlacann páirt i Scéimeanna Comhshaol Talmhaíochta.
Mar thoradh ar na hathruithe seo, cuirfear neamhaird ioncaim i bhfeidhm anois ar Chúnamh Feirme, Liúntas Cuardaitheora Poist agus Pinsin Stáit (Neamh-Ranníocach) na Roinne.
Beartaítear go ndéanfaidh neamhaird ioncaim a thabhairt isteach faoi na scéimeanna seo níos mó feirmeoirí a dhreasú páirt a ghlacadh iontu, ar aon dul le cuspóirí athraithe aeráide an Rialtais.
Baineann deontais faoi na scéimeanna talmhaíochta seo tairbhe as an neamhaird uasta €2,450, agus déantar measúnú ag 50% ar an iarmhéid eile atá fanta.
Mar sin, mar shampla, ní dhéanfaí difear ar bith d’íocaíocht leasa shóisialaigh feirmeora a fhaigheann deontas €2,000.
Agus na bearta nua á bhfógairt, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá gliondar croí orm an liosta scéimeanna comhshaol talmhaíochta a shíneadh a bhaineann tairbhe as neamhaird leasa shóisialaigh – a sholáthraíonn cinnteacht bhreise dár bpobal feirmeoireachta.
“Rachaidh na bearta seo chun sochair na mílte feirmeoir fud fad na tíre agus cuirtear neamhaird uasta €2,450 i bhfeidhm.
“Creidim, freisin, go nglacfaidh níos mó feirmeoirí páirt tríd an liosta Scéimeanna Comhshaol Talmhaíochta a shíneadh.
“Spreagfainn feirmeoirí beaga, ach go háirithe, iarratas a dhéanamh ar na scéimeanna seo agus é ar eolas acu nach n-imreoidh sé tionchar diúltach ar a n-íocaíocht leasa shóisialaigh.
“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus mar gheall gurb as an tuath dom féin, is maith is eol dom an ról ríthábhachtach atá á ghlacadh ag ár bhfeirmeoirí i bhfreagairt na hÉireann do ghníomhú ar son na haeráide.
"Tá súil agam go dtiocfaidh méadú ar na líonta feirmeoirí a ghlacann páirt sna scéimeanna seo de bharr an bhirt seo.”
Tá liosta scéimeanna (a bhainistíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara) a mheallann neamhaird ioncaim thíos. Baineann deontais faoi na scéimeanna talmhaíochta seo tairbhe as an neamhaird uasta €2,450, agus déantar measúnú ag 50% ar an iarmhéid eile atá fanta. Mar shampla, ní laghdófaí íocaíocht leasa shóisialaigh feirmeora a fhaigheann deontas €2,000 mar gheall ar an deontas seo.
Bainfidh faighteoirí reatha agus iarratasóirí nua tairbhe ón mbeart seo.
Is iad na scéimeanna comhshaol talmhaíochta a mheallann neamhaird ioncaim:
a) An Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (REPS)
Tá REPS ceaptha luaíocht a bhronnadh ar fheirmeoirí i ngeall ar thabhairt faoina ngníomhaíochtaí i dtimpeallacht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus chun feabhsú bithéagsúlachta a bhaint amach ar fheirmeacha.
b) An Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (an AEOS)
Spreagann an AEOS feirmeoirí chun leanúint de mhodhanna táirgthe talmhaíochta a chur i bhfeidhm atá comhoiriúnach don timpeallacht, an tírdhreach agus a ghnéithe a chosaint.
c) An Scéim Ghlas do Thimpeallacht na Talmhaíochta ar Bheagán Carbóin
Cuireann an Scéim Ghlas do Thimpeallacht na Talmhaíochta ar Bheagán Carbóin (GLAS) íocaíochtaí ar fáil d’fheirmeoirí chun cabhrú leo dul i ngleic le hathrú aeráide, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, gnáthóga a chosaint, feirmeoireacht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn.
d) An Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM)
Tugann an Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) cúnamh airgeadais sealadach d’fheirmeoirí mairteola in Éirinn. Geallann iarratasóirí táirgeadh nítrigin aoileach beostoic bhuaibhigh ar an ngabháltas a laghdú faoi 5%.
e) An Clár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola
Cuireann an Clár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola tacaíocht airgeadais ar fáil d’fheirmeoirí chun úsáid a bhaint as an teicneolaíocht agus géanómaíocht chun feabhas a chur ar an tréad náisiúnta. Caithfidh feirmeoirí caighdeáin a shásamh maidir le hainmhithe géinitíopa.
f) An Clár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola - Ba Diúil (BEEP-S) mar chuid de Chlár Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola
Tá mar chuspóir ag an gClár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola – Ba Diúil (BEEP-S) éifeachtúlacht thréad diúil na hÉireann a mhéadú. Déanfaidh sé é seo trí fheabhas a chur ar na sonraí a bhailítear faoin tréad.
g) An Clár Laonna Mairteola Déiríochta mar chuid de Chlár Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola
Tacaíonn an Clár Laonna Mairteola Déiríochta le feirmeoirí mairteola a bhfuil laonna á dtógáil acu ón tréad déiríochta. Caithfidh gur rugadh laonna incháilithe an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh.
h) An Clár Píolótach Comhshaol Talmhaíochta Torthaíbhunaithe (REAP)
Tionscadal píolótach comhshaol talmhaíochta é an Clár Píolótach Comhshaol Talmhaíochta Torthaíbhunaithe (REAP) a íocann feirmeoirí le dálaí comhshaoil a dtalún a chothabháil agus a fheabhsú.
i) Scéim Leasa Caorach
Cuireann an Scéim Leasa Caorach tacaíocht airgeadais ar fáil d’fheirmeoirí as dul i mbun bearta breise le leas a n-ealta a fheabhsú. Íoctar €10 le feirmeoirí in aghaidh gach caorach póraithe as tabhairt faoi bhearta leasa ealta.
j) An Scéim Deontais Foraoisithe agus Préimhe, deontais agrafhoraoiseachta agus foraoiseacht do ghairbhseach san áireamh
Cuireann an Scéim Foraoisithe 2014-2020 tacaíocht airgeadais ar fáil lena spreagadh crainn a chur ar thalamh nach raibh faoi chrainn roimhe seo. Cabhraíonn achar faoi fhorais na tíre a mhéadú le dul i ngleic le hathrú aeráide, an bhithéagsúlacht a mhéadú, agus cuireann sé poist inbhuanaithe ar fáil sa gheilleagar tuaithe.
k) An Scéim Athchuir um Chríonadh Siar Fuinseog
Cuireann an Scéim Athchuir um Chríonadh Siar Fuinseog tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le foraois a n-imríonn fungas chalara fuinseoige difear dóibh. Is féidir leis an ngalar difear a dhéanamh d’fhuinseoga, is cuma cén aois iad agus cén áit a bhfuil siad.
l) An Scéim um Chruthú Coillearnaí ar Thailte Poiblí
Tá mar chuspóir ag an Scéim seo Comhlachtaí Poiblí a spreagadh coillearnach nua dhúchasach a bhunú ar thalamh bhán oiriúnach. Tá an Scéim dírithe ar gach Comhlacht Poiblí, Ranna Rialtais agus eagraíochtaí atá faoi urraíocht an stáit, údaráis ardoideachais agus údaráis áitiúla san áireamh.
m) An Scéim Foscadáin Chrann d’Fhianna agus an Scéim Fálaithe Fianna/Giorriacha
Cuireann an Scéim Foscadáin Chrann d’Fhianna agus an Scéim Fálaithe Fianna/Giorriacha tacaíocht airgeadais ar fáil don bheart a chosnaíonn crainn ó dhíobháil. Is féidir le gach ceann de na 3 speiceas fia in Éirinn díobháil thromchúiseach a dhéanamh do chrainn - an fia Seapánach, an fia buí agus an fia rua.
n) Na Scéimeanna Deontais Foraoiseachta agus Préimhe (2014-2020)
o) An Scéim Ábhar Atáirgthe Acmhainní Géiniteacha Foraoise
Baineann buntábhacht le hacmhainní dúchasacha géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a fhorbairt le cuspóirí bheartas foraoise náisiúnta na hÉireann a bhaint amach. Tá mar chuspóir ag an Scéim Ábhar Atáirgthe Acmhainní Géiniteacha Foraoise den Chlár Foraoise an fháil agus an caighdeán atá ar shíolta crainn foraoise a mhéadú trí thacú le clampaí síolta a bhainistiú, agus síolghoirt nua a bhunú.
p) Scéim na mBóithre Foraoise
Cuireann Scéim na mBóithre Foraoise deontais ar fáil chun íoc as an gcostas a bhíonn ar bhóithre foraoise a thógáil go príomha leis na crainn a bhaint ach ar mhaithe le gníomhaíochtaí bainistíochta eile freisin, cosúil le cosaint ar dhóiteán agus caitheamh aimsire. Cuireann bóithre foraoise feabhas freisin ar luach comhshaoil foraoise trí éifeachtaí imill a mhéadú.
q) An Grúpscéim um Aistriú Eolais Foraoiseachta
Is í aidhm na scéime an leibhéal de ghníomhaíocht bhainistíochta foraoise a mhéadú i measc úinéirí rannpháirteacha foraoise. Is é an spriocghrúpa na húinéirí siúd foraoise a dteastaíonn eolas breise uathu chun cabhrú leo tabhairt faoi ghníomhaíocht bhainistíochta amháin nó níos mó ina bhforaois. Is féidir bacainn fhéideartha atá roimh adhmad agus bithmhais a úsáid tríd an mbearna eolais seo a líonadh.
r) An Scéim Teicneolaíochta Nuálaí Foraoiseachta: Modúl Teannta Bonn Lárnach
Cuireann an Scéim Teannta Bonn Lárnach tacaíocht airgeadais ar fáil le hoibreoirí tarlaithe adhmaid a spreagadh infheistíocht a dhéanamh i gcórais bhonn a laghdaíonn an díobháil a dhéantar do dhromchla bóthair i bhforaois.
s) An Scéim Caomhnaithe Coillearnaí Dúchasaí
Cuireann an Scéim Caomhnaithe Coillearnaí Dúchasaí feabhas ar chosaint choillearnach agus bhithéagsúlacht dhúchasach na hÉireann. Tacaíonn sé le coillearnach dhúchasach reatha agus le foraois reatha neamhdhúchasach a thiontú ina gcoillearnach dhúchasach.
t) An Scéim NeighbourWood
Cuireann an Scéim NeighbourWood cúnamh airgeadais ar fáil le conláistí coillearnaí a chruthú do dhaoine áitiúla. Tá cistiú ar fáil chun cabhrú le coillearnach a bhunú ar láithreáin úrnua agus chun tacú le suíomhanna reatha a fhorbairt.
u) An Scéim Athbhunaithe agus Fochuir (Críonna Siar Fuinseog) (RUS)
Is féidir tacaíocht airgeadais a chur ar fáil faoin scéim RUS don mhéid seo a leanas:
v) An Scéim Feabhsúcháin Coillearnaí, Clúdach Foraoiseachta Leanúnach san áireamh
Cuireann an Scéim Feabhsúcháin Coillearnaí tacaíocht airgeadais ar fáil d’úinéirí foraoise chun cabhrú le híoc as an gcostas a bhíonn ar fhoraois leathanduilleach agus meascán leathanduilleacha a thanú. Cuirfidh an scéim seo 2 idirghabháil tanúcháin ar fáil do gach foraois leathanduilleach agus measctha leathanduilleach, gan aird ar cibé acu an dtugtar nó nach dtugtar cúnamh deontais dóibh. Tacaíonn an scéim freisin leis an gcur chuige clúdaigh leanúnaigh foraoiseachta i leith bainistíocht foraoise.