Fógraíonn an tAire Smyth foilsiú thorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach, gur foilsíodh torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, 2023. Soláthraítear sna torthaí sin sonraí staitistiúla tábhachtacha faoi fhad agus comhdhéanamh an bhruscair in Éirinn agus faoi na cúiseanna leis, agus iad ag cur ar chumas na n-údarás áitiúil chun an truailliú ó bhruscar a bhainistiú ar bhealach córasach struchtúrtha.
Agus foilsiú na dtorthaí don bhliain 2023 á bhfógairt aige, luaigh an tAire Smyth an ról tábhachtach atá á imirt ag údaráis áitiúla agus ag pobail áitiúla araon i ndul i ngleic le dúshláin bhruscair na hÉireann.
Dúirt an tAire Smyth:
"Cé go bhfuil áthas orm laghdú a fheiceáil sa chéatadán de limistéir a bhfuil méid measartha truaillithe iontu, tá imní orm faoin laghdú sa chéatadán de limistéir nach bhfuil aon truailliú iontu agus faoin méadú sa chéatadán de limistéir a bhfuil méid mór truaillithe iontu agus de limistéir a bhfuil méid ollmhór truaillithe iontu. Is treochtaí iad sin ar mhaith liom go dtiocfadh siad chun deiridh agus is meabhrúchán dúinn uile iad gur gá dúinn leanúint d’obair go dícheallach chun a chinntiú go leanaimid den dul chun cinn atá déanta againn go dtí seo ar thruailliú ó bhruscar a chomhrac.
"Léirítear sna torthaí a foilsíodh le déanaí ar shuirbhéanna Irish Business Against Litter [IBAL] go bhfuil treochtaí dearfacha ann ó thaobh buidéil phlaisteacha agus cannaí de, agus laghdú 30% ann sa líon cannaí dí a caitheadh amach agus laghdú 20% ann sa líon buidéal plaisteach ar ár sráideanna. Ós rud é go raibh an Scéim Aisíoca Éarlaise san idirthréimhse fós le linn shuirbhéanna IBAL, bheinn ag súil le tuilleadh laghduithe suntasacha sa líon míreanna den sórt sin a thagann chun bheith ina mbruscar a fheiceáil i dtorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar don bhliain 2024."
Dúirt sé ina dhiaidh sin:
"Tá bruscar a bhaineann le toitíní ar an toisc is mó ar fad taobh thiar den bhruscar foriomlán fós. Tháinig laghdú 6.5% air i gcomparáid le leibhéal na bliana 2022, áfach – agus é cothrom le 45.6% anois. Bunaíodh Grúpa um Scagairí Plaisteacha Táirgí Tobac. Is Scéim Freagrachta Leathnaithe í d’allmhaireoirí agus táirgeoirí a chuireann scagairí tobac a bhfuil plaisteach iontu ar an margadh in Éirinn. Cabhróidh sé sin le híoc as an gcostas a bhaineann le glanadh agus le bonneagar gaolmhar. Cabhróidh sé freisin le feasacht a mhéadú.
"Leagtar béim sna torthaí a foilsíodh inniu ar na réimsí éagsúla is dúshlán don bhruscar a chosc in Éirinn. Táim meáite ar dhul i ngleic leis an bhfadhb sin agus tá mo chuid oifigeach i mbun scrúdú a dhéanamh ar an dóigh is fearr ar féidir é sin a bhaint amach."
Is é atá sa bhruscar a bhaineann le toitíní fós ná an chatagóir aonair truaillithe bruscair is mó sna láithreacha a ndearnadh suirbhé orthu.
Táthar ag dul i ngleic leis sin faoi cheann amháin de cheanglais na Treorach maidir le Plaistigh Aonúsáide, rud a glacadh sa bhliain 2019 agus a trasuíodh sa dlí náisiúnta faoi na Rialacháin um Plaistigh Aonúsáide, 2021. Is é aidhm na Treorach ná an tionchar atá ag plaistigh aonúsáide ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú, rud atá le baint amach trí chreat beart lena n-áirítear srianta margaidh, ceanglais maidir le táirgí agus le lipéadú, méadú feasachta, agus scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a thabhairt isteach.
Bunaíodh an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora le haghaidh táirgí scagaire toitíní a bhfuil plaisteach iontu (féach suíomh gréasáin an Ghrúpa um Scagairí Plaisteacha Táirgí Tobac. Ceanglaítear léi ar allmhaireoirí agus ar tháirgeoirí a chuireann scagairí tobac a bhfuil plaisteach iontu ar mhargadh na hÉireann chun teacht ina mbaill agus chun ranníoc leis na costais a bhaineann le bruscar a ghlanadh agus le feasacht a mhéadú. Déanfar an t-ioncam a bhaileofar a chur i leataobh chun rannchuidiú le bearta um bruscar a chosc agus le glanadh.
Tá an beartas Rialtais ag bogadh i dtreo 'geilleagar ciorclach' a bhaint amach. Ní féidir linn leanúint d’ábhair a dhéanamh, a úsáid agus a chaitheamh amach. Trí bhogadh chuig geilleagar ciorclach, is féidir linn úsáid ábhar agus dramhaíl ábhar a laghdú.
Is cuid thábhachtach den obair sin í an Scéim Aisíoca Éarlaise le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra. Tá sí ag laghdú an bhruscair agus ag comhrac an tionchair a bhíonn ag plaistigh aonúsáide ar an gcomhshaol. Meastar go n-úsáidtear thart ar 5 mhilliún ceann de bhuidéil agus cannaí aonúsáide dí gach lá in Éirinn. Ó tugadh an Scéim Aisíoca Éarlaise isteach i dtús mhí Feabhra i leith, tugadh 270 milliún coimeádán, beagnach, agus aisíocadh éarlaisí is fiú €47 milliún le tomhaltóirí. Is mó na meánrátaí tugtha ar ais in aghaidh an lae agus trí mhilliún ceann de bhuidéil agus de channaí ar bhonn tráthrialta anois; leanfaidh an figiúr sin ar aghaidh ag méadú, ós rud é go bhfuil an 'idirthréimhse' tagtha chun deiridh. Is eol dúinn anois gur beart éifeachtach um bruscar a chosc í an Scéim Aisíoca Éarlaise. Soláthraítear léi dreasacht airgid, eadhon éarlais in-aisíoctha, do thomhaltóirí chun buidéil fholmha nó cannaí folmha a thabhairt ar ais. Bíonn dreasacht ag daoine atá ag dul an bealach, fiú, buidéil nó cannaí a chaitear amach mar bhruscar a thógáil suas, is é sin an éarlais a éileamh.
Bunófar scéimeanna eile Freagrachta Leathnaithe Táirgeora le haghaidh míreanna aonúsáide – amhail ceirtíní taise, balúin agus fearas iascaireachta a bhfuil plaisteach ann, agus iad de bhreis ar na scéimeanna atá ann cheana le haghaidh scagairí tobac agus le haghaidh míreanna pacáistíochta.
Leanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide de roinnt cláir ardtionchair lena méadaítear an fheasacht ar an gcomhshaol a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh. Áirítear leo sin: Clár na Scoileanna Glasa, atá dírithe ar oideachas a chur ar dhaoine óga; an clár PURE (Ardtailte agus Timpeallachtaí Tuaithe a Chosaint) a reáchtálann Comhairle Contae Chill Mhantáin é; agus na scéimeanna deontais frithbhruscair agus frithghraifítí do phobail áitiúla, ar scéimeanna iad a n-oibríonn údaráis áitiúla iad. De bhreis air sin, leanann an roinn de thacú le hobair grúpaí áitiúla tríd an nGlantachán Náisiúnta Earraigh a reáchtálann An Taisce é.
CRÍOCH
Cheap an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Tobin Consulting Engineers chun feidhmiú mar Chomhlacht Monatóireachta Bruscair don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 1 Aibreán 2025 tar éis comórtas tairisceana – chun leanúint le forbairt a dhéanamh ar an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar a bunaíodh sa bhliain 1999 agus chun cur chun feidhme an chórais sin ag údaráis áitiúla a chomhordú. Trí bhíthin suirbhéanna ó na húdaráis áitiúla (dá raibh breis agus 5,000 ceann ann sa bhliain 2023), gintear sonraí iontaofa leis an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar chun cur ar chumas gach údaráis áitiúil athruithe i méid agus comhdhéanamh an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme a thomhas go cruinn le himeacht ama, rud a chabhraíonn leo bainistíocht bruscair a phleanáil ar bhealach níos éifeachtaí.
Leis an gcóras, ceanglaítear ar údaráis áitiúla:
Ar na sonraí suirbhé a fháil ó údaráis áitiúla, déanann an Comhlacht Monatóireachta Bruscair:
Is ann do dhá chineál suirbhé a dhéanann údaráis áitiúla:
Sainaithnítear cúig cinn déag de chatagóirí bruscair sna suirbhéanna ar chainníocht bruscair:
Ba é an toradh a bhí ar an gcéad sraith de shuirbhéanna a rinneadh sa bhliain 2000/2001 ná gur cuireadh ar chumas na n-údarás áitiúil measúnuithe ‘tagarmhairc’ a bhunú ar mhéid agus comhdhéanamh an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme, agus táthar in ann comparáidí idir na torthaí suirbhé bhliantúil agus na suirbhéanna tagarmhairc sin a úsáid chun an dul chun cinn a thomhas ón uair sin i leith. Leis an anailís ar shonraí suirbhé, cuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil éifeachtacht a straitéisí bainistíochta bruscair a mheasúnú ar bhonn leanúnach.
Is é an toradh atá ar na sonraí a tháirgtear trí shuirbhéanna an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar ná go gcuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil na nithe seo a leanas a shainaithint:
Is é is an Córas Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar ann ná uirlis bainistíochta comhshaoil lena gcuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil dul i ngleic leis an mbruscar ar bhealach níos éifeachtaí trí chreat a sholáthar le haghaidh féinmheasúnú comhsheasmhach cruinn.