Fáiltíonn an tAire Butler roimh phacáiste airgeadais chun tacú le folláine agus meabhairshláinte mac léinn in institiúidí ardleibhéil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, roimh an bhfógra go bhfuil pacáiste airgeadais cuimsitheach €5 milliún curtha ar fáil ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, chun tacú le folláine agus meabhairshláinte mac léinn in institiúidí ardleibhéil.
Dúirt an tAire Butler:
“Is moladh tosaíochta é an gá le tacaíochtaí breise meabhairshláinte a sholáthar do mhic léinn in institiúidí ardleibhéil i dtuarascáil an Tascfhórsa um Meabhairshláinte don Óige (2017). Ina theannta sin, tá rochtain bhreise ar thacaíochtaí comhairleoireachta agus idirghabhálacha síceolaíochta mar phríomhthosaíocht faoin mbeartas nua meabhairshláinte 'An Fhís a Chomhroinnt'.
“Tá an t-aistriú ón meánscoil go dtí an tríú leibhéal an-dúshlánach do go leor mac léinn. I gcás cuid acu is é seo a gcéad uair as baile, agus cé go dtéann cuid acu i dtaithí air go tapa, ní hamhlaidh an cás i gcónaí. Tá rochtain luath ar thacaíochtaí meabhairshláinte ríthábhachtach, go háirithe le cúrsaí mar atá siad faoi láthair, agus d’fhéadfadh torthaí níos dearfaí a bheith mar thoradh air sin do mhic léinn a bhfuil imní orthu faoi thosú nó leanúint dá dturas san Ardoideachas le linn na paindéime seo."
Dúirt an tAire Butler:
“Príomhthosaíocht den bheartas nua meabhairshláinte is ea cur chuige uile-rialtais a chur chun cinn chun tacú le meabhairshláinte an phobail agus tá an-fháilte roimh an tiomantas seo ón Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta."
CRÍOCH