Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 24 Aibreán 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 37 duine in Éirinn ar deimhníodh i saotharlann go raibh COVID-19 orthu.
Cuireadh an IFCS ar an eolas freisin gur dóchúil go bhfuair 185 duine bás go dtí seo*.
Ar an ábhar sin, deimhníodh go bhfuil 1,014* duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 1pm Dé hAoine, an 24 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 577 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 18,184 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Céadaoin, an 22 Aibreán (17,420 cás), an méid seo a leanas le fios:
Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta ar a chéile inniu (Dé hAoine, an 24 Aibreán) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19.
I ndiaidh an chruinnithe, molann an FÉSPN chun glacadh le sainmhíniú cáis ar thástáil do COVID-19 an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Moltar san FÉSPN freisin chun na catagóirí reatha um beartú tosaíochta a choimeád.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tugann gach táscaire go dtí seo le fios go bhfuil cobhsú tagtha ar fhás an ghalair seo nó go bhfuil sé curtha faoi chois. Léiríonn seo na hiarrachtaí a rinne gach duine aonair ar fud na hÉireann le roinnt seachtainí anuas. Ní haon amhras ach gur thug na hiarrachtaí a rinne sibh saol go leor daoine slán.
“Taispeánann sé gur féidir linn an víreas seo a chur faoi chois san fhadtéarma nuair a chloímid leis an gcomhairle sláinte poiblí. Leanaimis orainn.”
CRÍOCH
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,014 bás.