Seolann an tAire an Córas Náisiúnta Oideas Tréidliachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, an Córas Náisiúnta Oideas Tréidliachta (NVPS) nua inniu.
Is bunachar sonraí náisiúnta leictreonach é NVPS a bhaileoidh gach oideas tréidliachta agus a chabhróidh le tacú le gníomhaíochtaí leanúnacha na hearnála sláinte ainmhithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán Aon Sláinte Amháin maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach. Leis an mbunachar sonraí nua, beifear in ann gach cógas tréidliachta a fhorordaítear agus a scaoiltear lena n-úsáid in ainmhithe a tháirgeann bia a thaifeadadh.
Ag trácht dó ar an gcóras nua, dúirt an tAire McConalogue:
“Cuirfidh forbairt agus tabhairt isteach an chórais seo feabhas ar sheirbhísí digiteacha ar líne do chustaiméirí de réir Straitéis Náisiúnta Dhigiteach an Rialtais. Cuideoidh sé freisin lena chinntiú go n-úsáidtear frithmhiocróib go hiomchuí agus cuirfidh sé cinnteacht níos fearr ar fáil dár gcomhpháirtithe agus dár gcustaiméirí trádála náisiúnta agus idirnáisiúnta.”
Is féidir le hoideasóirí tréidliachta oidis a sheoladh chuig NVPS ag baint úsáid as aip ghréasáin na Roinne saor in aisce nó ag baint úsáid as a mbogearraí cleachtais féin trí chomhéadan tiomnaithe. Ar an dóigh chéanna, is féidir le dáileoirí an aip ghréasáin nó a gcuid bogearraí gnó féin a úsáid ag baint úsáid as comhéadan den chineál céanna chun gach oideas a dháileadh ar NVPS.
Tá tacú le húsáid níos inbhuanaithe cógas tréidliachta, antaibheathaigh go háirithe, ar cheann de phríomhaidhmeanna NVPS. Tá sé seo riachtanach má tá na cógais atá againn fós éifeachtach d'fhonn sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Léiríonn an córas oideasaithe nuálach seo ceannaireacht réamhghníomhach de réir mar a leanann Éire ar aghaidh ag obair go comhoibritheach chun aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, agus ag an am céanna soláthar a dhéanamh maidir le leanúint den mhargadh iomaíoch chun táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar, agus rogha a sholáthar don phobal feirmeoireachta maidir leis an áit ar féidir leo cógais tréidliachta a cheannach agus rochtain a fháil orthu.”
Nótaí don eagarthóir:
• Tá tuilleadh eolais faoi NVPS, lena n-áirítear sonraí faoi conas clárú, oiliúint agus tacaíocht ar fáil ar gov.ie/nvps. .
• Beidh líne chabhrach tacaíochta thiomnaithe ar bun ó 9r.n. go 5i.n. Luan go Domhnach ón 13 Eanáir 2025 chun cabhrú le húsáideoirí an chórais agus chun tacú leo.
Le haghaidh aon cheisteanna ar NVPS, déan teagmháil le nvps@agriculture.gov.ie