Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe agus Sochar Tuismitheora Nua ar Fáil Anois
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dé hAoine, an 1 Samhain 2019: D’fhógair an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, T.D, go dtabharfar isteach dhá scéim nua atá bunaithe ar ÁSPC ina Roinn a chuirfear i bhfeidhm inniu.
Scéim atá i gceist le Sochar Cuardaitheora Poist do dhaoine féinfhostaithe atá ar fáil do dhaoine féinfhostaithe, atá bunaithe ar a Ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme S) féinfhostaíochta nach bhfuil ag tabhairt faoin bhféinfhostaíocht a thuilleadh.
Dúirt an tAire Doherty:
“Is ionann an fháil atá ar Shochar Cuardaitheora Poist do dhaoine féinfhostaithe den chéad uair agus an chéim is déanaí in obair an Rialtais seo chun sochair ÁSPC a shíneadh agus chun líontán sábhála ioncaim a sholáthar d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe araon.
“Tacóidh an teidlíocht nua sochair seo le húinéirí gnólachtaí beaga agus meánmhéide, arb iad cnámh droma an gheilleagair. Cruthaíonn an beart seo níos mó cothroime inár gcóras tacaíochta dóibh siúd a chruthaíonn poist do dhaoine eile agus tá sé ar aon dul le beartas an Rialtais seo chun tacú le féinfhostaíocht agus fiontraíocht.”
Is féidir teacht ar eolas breise faoin teidlíocht seo ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.welfare.ie
Beidh Sochar Tuismitheora nua ar fáil, chomh maith, ón lá inniu Cinnteoidh an sochar seo gur féidir le tuismitheoirí a bhfuil leanbh acu a rugadh nó a uchtaíodh ón lá inniu ar aghaidh cáiliú anois do shaoire íoctha choicíse an duine laistigh de chéad bhliain a linbh. Íoctar é seo anuas ar Shochair reatha Máithreachais agus Atharthachta.
Tacaíonn an scéim Sochar Tuismitheora seo le teaghlaigh agus tá sí solúbtha, agus ceadaíonn sí do thuismitheoirí chun seachtain amháin nó dhó de shaoire a ghlacadh in aon tráth amháin. Beidh gach tuismitheoir in ann glacadh leis an tsaoire nua íoctha ag aon tráth i rith chéad bliain de shaol a linbh.
Nuair a roghnaíonn tuismitheoir chun glacadh leis an tsaoire nua seo chun am breise a chaitheamh lena leanbh, beidh siad i dteideal €245 sa tseachtain a fháil ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Leag an tAire Doherty an bhéim ar thiomantas an Rialtais do theaghlaigh mar gheall go bhfuil súil leis go bhféadfadh an scéim seo tacú lena mhéid le 60,000 tuismitheoir sa bhliain chun am breise a chaitheamh lena leanaí agus chun solúbthacht níos mó a sholáthar maidir le cothromaíocht saoil is oibre a bhainistiú. Dúirt sí:
“Blianta múnlaitheacha iad luathbhlianta saol linbh. Imíonn an chéad bhliain thart thar a bheith tapa, bainimid an tairbhe is mó as tríd an deis a thabhairt don bheirt tuismitheoirí chun níos mó ama a chaitheamh lena naíonán nua. Táimid tiomanta don fhad d’am speisialta a chaitheann tú leo a mhéadú.
“Léiríonn an tSaoire Thuismitheora nua seo – anuas ar thionscnaimh eile, ar nós cúram leanaí fóirdheonaithe, béilí scoile teo agus cúram Dochtúra Ghinearálta saor in aisce do leanaí – go léiríonn an Rialtais seo luach ar theaghlaigh agus go n-aithníonn sé a dtosaíochtaí. Agus, mar gheall go léirímid luach ar theaghlaigh, beartaím chun cur leis an Sochar Tuismitheora seo agus chun an méid sochair atá ar fáil shíneadh de réir a chéile go dtí naoi seachtaine do gach tuismitheoir.”
Is féidir teacht ar eolas breise faoin tSaoire Thuismitheora nua ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.welfare.ie
Beidh feachtais faisnéise phoiblí á gcur ar siúl ag an Roinn chun an fháil atá ar an dá scéim nua seo a chur chun cinn. Ó Dé Luain seo chugainn, an 4 Samhain, ar aghaidh, cuirfear tús le feachtas faisnéise poiblí, ina mbeidh fógraíocht na meán clóite, raidió, digiteach agus na meán sóisialta páirteach, chun daoine féinfhostaithe a bhfágtar dífhostaithe iad a chur ar an eolas go mb’fhéidir go gcáileofar iad do Shochar Cuardaitheora Poist do dhaoine féinfhostaithe bunaithe ar a ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S.
Cuirfear tús le feachtas faisnéise poiblí chun Sochar Tuismitheora a chur chun cinn an tseachtain dar gcionn agus tá sé dírithe ar thuismitheoirí naíonán nuabheirthe agus ar tuismitheoirí a dhéanann naíonáin nó leanaí a uchtáil ón lá inniu (an 1 Samhain). Beidh fógraíocht na meán clóite, raidió, digiteach agus na meán sóisialta i gceist leis an bhfeachtas seo, chomh maith.
CRÍOCH
Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe
Bainfidh go leor de ghnéithe an tSochair Chuardaitheora Poist reatha atá ar fáil d’fhostaithe leis an scéim nua. Áirítear leo seo:
• Beidh an ráta íocaíochta mar an gcéanna leis an ráta a íoctar le fostaithe a n-íoctar Sochar Cuardaitheora Poist leo – is é an ráta seachtainiúil uasta €203.
• Déanfar íocaíochtaí, méaduithe ina measc do dhaoine fásta agus leanaí cáilithe, chomh maith, ar aon dul leo siúd a dhéantar do Shochar Cuardaitheora Poist reatha.
• Mairfidh an fad don scéim 6 nó 9 mí ag brath ar an líon ranníocaíochtaí ÁSPC a íocann an duine féinfhostaithe. Tá seo ar aon dul, chomh maith, leis an scéim reatha Sochar Cuardaitheora Poist d’fhostaithe.
Sochar Tuismitheora – Eolas Cúlra
Cuireann Sochar agus Saoire Thuismitheora le roinnt teidlíochtaí reachtúla chun saoire a fháil a bhfuil tuismitheoirí i dteideal a fháil cheana féin. Is iad seo:
Foráiltear sna hAchtanna um Chosaint Máithreachais, 1994 agus 2004 do theidlíocht íosta reachtúil do shaoire mháithreachais. Tá fostaí torrach i dteideal saoire mháithreachais 26 seachtain (caithfear 2 sheachtain díobh siúd a ghlacadh sula mbeirtear ar an leanbh) chomh maith le teidlíocht do shaoire mháithreachais bhreise neamhíoctha 16 seachtaine.
In 2017, síneadh fad na saoire mháithreachais agus an tsochair mháithreachais ghaolmhair chun go n-íoctar í i gcásanna ina mbeirtear ar leanbh go réamhaibí. Is ionann tréimhse shínte an tsochair agus an fad idir dáta breithe féin an linbh agus an dáta a raibh súil leis tús a chur leis an tsaoire mháithreachais (i.e. is gnách gurb é seo dhá sheachtain roimh an dáta breithe a mbíonn súil leis). Tugadh na bearta nua seo isteach faoi alt 16 den Acht Leasa Shóisialaigh, 2017, a achtaíodh agus a tháinig i bhfeidhm sa dlí an 23 Nollaig 2017.
Thug an Rialtas saoire atharthachta dhá sheachtain isteach le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2016. Tá aithreacha i dteideal saoire atharthachta íoctha ón bhfostaíocht nó ón bhféinfhostaíocht i ndiaidh breith nó uchtáil linbh.
Foráiltear in Alt den Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016 do shaoire atharthachta reachtúil 2 sheachtain. Baineann na forálacha seo le breitheanna agus uchtáil an 1 Meán Fómhair 2016 nó ina dhiaidh sin, agus is féidir iad a ghlacadh ag aon tráth laistigh de na chéad sé mhí i ndiaidh breithe nó socrúchán uchtála.
Foráiltear in Alt 6 den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 do shaoire thuismitheoireachta neamhíoctha 18 seachtaine do leanbh a shine le hocht mbliana d’aois, nó 16 bliana d’aois i gcás linbh a bhfuil leanbh acu a bhfuil breoiteacht thromchúiseach orthu nó atá faoi mhíchumas tromchúiseach. Chuir an tAcht um Shaoire Thuismitheoireachta (Leasú), 2019 síneadh ocht seachtaine leis an teidlíocht seo, ina bhfuil méadú ceithre seachtaine bhreise ón 1 Meán Fómhair 2019 agus ceithre seachtaine sa bhreis ón 1 Meán Fómhair 2020. Ina theannta sin, mhéadaigh an tAcht an aois a bhfuil saoire thuismitheoireachta ar fáil di aníos ó ocht mbliana go 12 bhliain.
Faoin Acht um Shaoire Uchtaíoch, 1995, arna leasú ag an Acht um Shaoire Uchtaíoch 2005, tá máthair uchtála i dteideal saoire uchtaíoch a fháil ó fhostaíocht.
Ón 1 Márta 2007, tá an tuismitheoir uchtála i dteideal saoire thuismitheoireachta 24 seachtain a ghlacadh. Tá duine a dhéanann leanbh a uchtáil i dteideal, chomh maith, chun 16 seachtaine bhreise de shaoire uchtaíoch neamhíoctha a fháil i ndiaidh go gcríochnaíonn an tsaoire íoctha 24 seachtain.
Sonraí Teagmhála na Preasoifige
R-phost: press.office@welfare.ie
Guthán: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie
Instagram: instagram.com/social.protection