Ráiteas ón Aire Sláinte maidir le Foilsiú Phlean Geimhridh FSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, Plean Geimhridh FSS do 2021/22 inniu. Beidh dúshláin shuntasacha roimh an earnáil Sláite an Geimhreadh seo maidir le cúram éigeandála a sholáthar chun dul i ngleic le COVID-19 i dteannta le gnáthdhúshláin thréimhse an Gheimhridh. Ag aithint go bhfuil gá le freagairt chórais iomláin, tugann an Plean breac-chuntas ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag FSS na dúshláin seo a bhainistiú ar fud cúram príomhúil, pobail agus géarmhíochaine lena n-áirítear bearta chun ligean don chóras poiblí rochtain a fháil ar acmhainn cúram sláinte príobháideach.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Táim ag foilsiú ár bPlean Geimhridh do 2021/2022 inniu, agus fáiltím go háirithe roimh an bhfócas feabhsaithe ar athchóiriú seirbhísí i seirbhísí míchumais, meacbhairshláinte, seirbhísí do dhaoine aosta agus grúpaí cúraim um chuimsiú sóisialta.
“Tacaím go hiomlán le tiomantas FSS feabhas a chur ar Amanna Eispéireas Othar, go háirithe maidir le gach duine a choinneáil slán agus muid ag freagairt do COVID-19."
Tá sé mar aidhm ag an Plean Geimhridh tacú le daoine fanacht ina dtithe féin trí na bealaí othar seo a leanas a sholáthar:
Beidh feachtas comhairle/cumarsáide poiblí ann don gheimhreadh freisin maidir le bealaí malartacha don gheimhreadh agus víris an gheimhridh a bhainistiú.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ba mhaith liom aird a tharraingt freisin ar an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfaighidh na daoine a dteastaíonn aireachas leighis uathu an t-aireachas sin chomh luath agus a bhraitheann siad tinn. Molaim do gach duine smaoineamh ar roghanna eile seachas an Rannóg Éigeandála mar do chógaslann áitiúil, do Dhochtúir Teaghlaigh nó Aonad Mionghortaithe mar is cuí."
Tógann an Plean ar na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil i bPlean Geimhridh na bliana seo caite agus féachann sé le 4,000 diagnóisic dochtúra a sholáthar in aghaidh na seachtaine. Cuireadh maoiniú ar fáil freisin chun tacú le seirbhísí Dochtúirí Teaghlaigh lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre a sholáthar. Tá sé mar aidhm ag an bPlean a chinntiú gur féidir othair a fheiceáil sa phobal nuair is féidir trí bhealaí cúraim mhalartacha a sholáthar lasmuigh den earnáil ghéarmhíochaine de réir Sláintecare.
CRÍOCH