Fógraíonn an tAire O’Gorman Deontas Caipitil €331 milliún don earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu sonraí Bhliain 3 de Bhunmhaoiniú ar fiú €331 milliún é, a bheidh ar siúl ó Mheán Fómhair 2024 go Lúnasa 2025. Is méadú de €44 milliún (15%) é seo ar an gclár bliana reatha. Beidh an maoiniú seo ag gabháil le forbairtí nua ar rialacha na scéime chun tacú le seirbhísí chomh maith le leanaí agus a dteaghlaigh.
Tugadh Bunmhaoiniú isteach den chéad uair in 2022, agus is deontas é do sholáthróirí luathfhoghlama agus cúraim leanaí i dtreo a gcostas oibriúcháin, agus mar chomaoin ar an infheistíocht shuntasach, aontaíonn seirbhísí le coinníollacha na scéime, lena n-áirítear bainistiú táillí agus trédhearcacht airgeadais.
I measc forbairtí nua de Bhunmhaoiniú Bliain 3, beidh:
• Méadú ar an mbreisiú ar ráta comhréidh do sheirbhísí seisiúnacha amháin go €5,000 in aghaidh na seirbhíse (€4,075 faoi láthair);
• Méadú ar an íosmhéid maoinithe a gheobhaidh seirbhís ionadbhunaithe go €14,000 in aghaidh na bliana (€8,150 faoi láthair);
• Méadú ar an leithdháileadh bunráta in aghaidh an áite a chuirtear ar fáil thar gach aoisghrúpa, le harduithe níos mó do leanaí faoi thrí bliana d’aois; agus
• Maoiniú chun tacú le fás acmhainne de bheagnach 6% ar fud na hearnála.
Ina theannta sin, cuirfear teorainn de €500,000 ar an leithdháileadh uasta le haghaidh seirbhíse faoin scéim.
In éineacht le hathruithe ar an tsamhail leithdháilte, tá an tAire ag déanamh athruithe ar an gCóras Bainistíochta Táillí faoi Bhunmhaoiniú ó Mheán Fómhair.
Don tríú bliain den scéim, coimeádfar an calcadh éifeachtach ar tháillí. Cuirfidh gné nua de Bhunmhaoiniú i mBliain 3 ar chumas roinnt seirbhísí, iarratas a dhéanamh ar ardú táillí laistigh de Bhunmhaoiniú, nuair is cuí. Sa chás go dtarlaíonn sé seo, cinnteoidh fóirdheontais na Scéime Náisiúnta Cúraim Leanaí nach mbeidh tuismitheoirí/caomhnóirí as póca maidir le haon mhéadú ar chostais.
Ina theannta sin, ó Mheán Fómhair beidh uas-táille ceadaithe faoi Bhunmhaoiniú do sheirbhísí nua a bheidh ag dul isteach sa Bhunmhaoiniú den chéad uair. Leathnófar teorainn ar tháillí chuig na seirbhísí go léir i gconradh le haghaidh Croímhaoinithe ó Mheán Fómhair 2025 (Bliain 4). Beidh eolas ar cad is brí leis na hathruithe seo do thuismitheoirí ar fáil ag https://www.gov.ie/en/campaigns/5ab17-childcare/.
Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá lúcháir orm a bheith in ann Bunmhaoiniú do Sheirbhísí Comhpháirtithe a mhéadú do Bhliain 3. Tiocfaidh na méaduithe atá á bhfógairt agam inniu i bhfeidhm i Meán Fómhair 2024 agus tacóidh siad le cumas méadaithe, go háirithe acmhainn do leanaí faoi bhun trí bliana d’aois agus cobhsaíocht ioncaim do sheirbhísí, go háirithe seirbhísí ar ioncam íseal. Ó tugadh isteach é, tá geallta agam an Bunmhaoiniú a fhorbairt agus tá sé sin déanta agam.”
Dúirt an tAire chomh maith:
“Ina theannta sin, cinnteoidh na forbairtí maidir le bainistiú táillí, nuair is gá, go mbeidh seirbhísí in ann céim bhuan a dhéanamh i dtreo staid airgeadais níos cobhsaí, gan cur isteach ar inacmhainneacht iomlán na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí.”
“Táim dóchasach go n-éascóidh na feabhsuithe seo le chéile an bealach le haghaidh tuilleadh idirbheartaíochta chun pá a fheabhsú ag an gComhchoiste Oibreachais neamhspleách.”
Le haghaidh tuilleadh eolais tabhairt cuairt ar www.first5fundingmodel.gov.ie/
CRÍOCH//
Tá Bunmhaoiniú ar cheann de na sruthanna maoinithe atá mar chuid de Le Chéile i gComhair Torthaí níos Fearr, an tsamhail mhaoinithe stáit don earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí. Cruthaíonn Le Chéile i gComhair Torthaí Níos Fearr ceangal idir Bunmhaoiniú, an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS), Cúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ), an tSamhail Rochtana agus Chuimsithe (AIM) agus an Tús Comhionann a fógraíodh le déanaí.
Tá sé mar aidhm ag Bunmhaoiniú inacmhainneacht, cáilíocht, cuimsiú agus inbhuanaitheacht a fheabhsú. Tacaíonn sé freisin le forbairt comhpháirtíochta idir soláthraithe (Seirbhísí Comhpháirtithe) agus an Stát a léiríonn an tábhacht a bhaineann le luathfhoghlaim agus cúram leanaí chun freastal ar leas an phobail.
Is deontas é Bunmhaoiniú do sholáthróirí luathfhoghlama agus cúraim leanaí i dtreo a gcostas oibriúcháin, agus i gcomaoin ar infheistíocht shuntasach, aontaíonn Seirbhísí Comhpháirtithe le coinníollacha na scéime lena n-áirítear bainistíocht táillí agus trédhearcacht airgeadais.
Tá an deontas comhdhéanta de thrí ghné:
1. An Bunráta, atá bunaithe ar acmhainn foirne na seirbhíse – na huaireanta oscailte, seachtainí oibriúcháin, an aoisghrúpa dá gcuirtear seirbhísí ar fáil, agus líon na n-áiteanna atá ar fáil. Ní gá áiteanna a líonadh, ach caithfidh an fhoireann cheart mar atá leagtha amach sna rialacháin a bheith i bhfeidhm.
2. Na Bisigh Chéimithe, a chuireann maoiniú ar fáil chun tacú le soláthar faoi stiúir céimithe agus atá bunaithe ar líon na bPríomh-Oideoirí nó na mBainisteoirí céimithe i seirbhís agus na huaireanta a oibríonn na baill foirne seo.
3. Bearta spriocdhírithe lena n-áirítear breisiú ar ráta comhréidh do sheirbhísí seisiúnacha amháin, leithdháileadh íosta agus uasta. Díríonn na heilimintí spriocdhírithe seo tacaíocht bhreise do sheirbhísí beaga agus seisiúnacha.
Beidh íosmhéadú 3.5% ar mhaoiniú do na seirbhísí go léir seachas dhá cheann acu, ar mhaithe lena n-acmhainn foirne. Is iad an dá eisceacht ná Seirbhísí Comhpháirtithe a fhaigheann na leibhéil is airde maoinithe le haghaidh acmhainne, agus beidh laghdú beag ar aon dul leis an leithdháileadh uasta nua de €500,000.
I gClár Bliana 3 (Meán Fómhair 2024 – Lúnasa 2025), chomh maith leis an calcadh táillí, beidh an deis ag Seirbhísí Comhpháirtithe a ghearrann na táillí is ísle, iad a mheas le haghaidh ardú táillí laistigh den Bhunmhaoiniú. Ina theannta sin, beidh táille uasta le haghaidh Seirbhísí Comhpháirtithe Céaduaire. Is seirbhísí nua iad seo atá ag cur isteach ar an mBunmhaoiniú den chéad uair i gclár bliana 2024/25.
Beidh ar na seirbhísí sin a dtáillí a shocrú go dtí an t-uasmhéid atá leagtha amach thíos ar a laghad, bunaithe ar na huaireanta cúraim a chlúdaíonn an táille. Beidh teorainn ar tháillí i bhfeidhm ar gach Seirbhís Comhpháirtí ó Mheán Fómhair 2025 (Bliain 4). Tá na Coistí Cúraim Leanaí Cathrach/Contae áitiúla ar fáil chun tacú le tuismitheoirí/caomhnóirí agus soláthraithe an t-athrú seo a thuiscint.
Tábla 1: Bandaí Struchtúr Táille
Banda Táille | Uaireanta sa tseachtain | Táille uasta € |
Banda A | Níos lú ná 10 n-uaire | €65 |
Banda B | Idir 10 n-uaire agus 19 uair 59 nóiméad | €130 |
Banda C | Idir 20 uair agus 29 uair 59 nóiméad | €195 |
Banda D | Idir 30 uair agus 39 uair 59 nóiméad | €260 |
Banda E | Idir 40 uair agus 49 uair 59 nóiméad | €325 |
Banda F | 50 uair an chloig nó níos mó | €390 |
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.first5fundingmodel.gov.ie/ , lena n-áirítear forbhreathnú ar athruithe do sholáthraithe agus do thuismitheoirí. Tá liosta de na Seirbhísí Comhpháirtithe reatha ar fáil ar an suíomh seo freisin.