Faigheann an tAire Ryan ceadú ón Rialtas le haghaidh Plean Gníomhaíochta nua um Thearcrochtain Fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an rialtas Plean Gníomhaíochta nua um Thearcrochtain Fuinnimh inniu. Soláthraítear leis an bPlean do chiste €10 milliún a bhunú chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do dhaoine a bhfuil Tearcrochtain Fuinnimh acu nó atá i mbaol í a bheith acu an geimhreadh seo agus isteach sa bhliain 2023.
Oibreoidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le soláthraithe, le comhlachtaí poiblí ábhartha agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do shaoránaigh atá ag streachailt lena gcostais fuinnimh a íoc an geimhreadh seo, lena n-áirítear custaiméirí gáis agus leictreachais ‘Íoctar mar a Úsáidtear’. Beidh an ciste nua ar fáil chun cistí cruatain (atá i bhfeidhm ag an gcuid is mó de sholáthraithe) a threisiú. Moltar do dhaoine caidreamh a dhéanamh lena soláthraithe go díreach nó dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) , le Cumann Naomh Uinseann de Pól nó le ALONE, ar féidir leo labhairt le soláthraithe thar a gceann.
Ina theannta sin, leathnóidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an sainmhíniú ar cad is ciall le 'custaiméir leochaileach' chun daoine atá leochaileach ó thaobh an airgeadais de a fholú ionas go mbeidh siad in ann leas a bhaint as cosaintí breise tomhaltóirí. Ina measc sin beidh na daoine sin atá ag fáil Liúntas Breosla, na daoine sin atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist le breis agus sé mhí anuas, agus na daoine sin atá ag fáil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Liúntas Cúraim Baile nó Liúntas do Chúramóirí.
Chomh maith leis sin, leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh na gníomhartha atá curtha i bhfeidhm ag an rialtas cheana féin chun dul i ngleic le tearcrochtain fuinnimh agus chun cabhrú le daoine a mbillí fuinnimh a íoc mar chuid den mhór-ghéarchéim costais maireachtála. Áirítear iad seo a leanas leis na bearta sin:
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Ós rud é go mbíonn ag méadú ar phraghsanna leictreachais agus gáis de dheasca an chogaidh san Úcráin, tá daoine ag déileáil le costais fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh. Is eol dúinn ónár suirbhéanna tráthrialta rianaire ‘Úsáid Níos Lú’ go bhfuil imní ar dhaoine nach mbeidh siad in ann a mbillí fuinnimh a íoc nó nach mbeidh siad in ann a dteach a théamh nó a chumhachtú go leordhóthanach, go háirithe le linn tréimhsí fuara ar nós na tréimhse a bhfuilimid ina lár faoi láthair. Tuigeann an rialtas cé chomh doiligh is atá sé an geimhreadh seo, agus tá an scéim seo ceaptha chun airgead a dháileadh go mear ar na daoine a bhfuil an gá is mó acu leis.
"Is é an toradh a bheidh ar an gciste €10 milliún ón roinn seo ná go dtreiseofar na cistí cruatain atá á soláthar ag a lán soláthraithe cheana féin. Moltar do dhaoine idirchaidreamh a dhéanamh lena soláthraithe fuinnimh agus tacaíocht a iarraidh uathu. De bhreis air sin, is féidir le custaiméirí a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí í. Áirítear leo sin custaiméirí a úsáideann méadar ‘Íoctar mar a Úsáidtear’ ar féidir go mbeidh cúnamh airgeadais ag teastáil uathu lom láithreach chun a méadair a íoc agus chun a bhfuinneamh a choinneáil ar siúl. Déanfar dianiarracht a chinntiú go bhfaighidh daoine a bhfuil fadhbanna airgeadais acu Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise, má cháilíonn siad lena haghaidh, ar an aon lá amháin nó a luaithe is féidir, chomh fada agus a bhaineann an staid sin le costais leictreachais agus téimh.
"Táimid ag obair i ndlúthchomhar le grúpaí amhail MABS agus Alone ar fud an fhómhair i mbliana agus táimid ag éisteacht leis an gcomhairle uathu, arb é atá inti ná bearta beaga meara tacaíochta airgeadais a sholáthar do dhaoine in ionad creidmheas a mhéadú toisc nach bhfágfadh sé sin ach go mbeadh fiachas níos mó ag daoine sa deireadh. Moltar do dhaoine freisin dul i dteagmháil leis na grúpaí sin, ar féidir leo labhairt lena soláthraithe thar a gceann, más cuí."
Chomh maith leis sin, áirítear leis an bPlean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh roinnt de thionscnaimh mheántéarmacha agus de thionscnaimh fhadtéarmacha chun tuilleadh tuisceana a ghnóthú ar chastachtaí na tearcrochtana fuinnimh agus chun tuilleadh aghaidhe a thabhairt orthu:
1. Infheistíocht €248 milliún i gcistiú breise don Scéim um Thithe Níos Teo suas go dtí an bhliain 2027 (ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa) chun tuilleadh tithe le teaghlaigh ísealioncaim a iarfheistiú mar réiteach ar bhunchúis le tearcrochtain fuinnimh.
2. Tuilleadh taighde chuimsithigh chun tearcrochtain fuinnimh in Éirinn a thomhas ar bhealach níos fearr agus chun freagairt di ar bhealach níos fearr, ar taighde é a mbeidh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) i gceannas air agus lena mbainfidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO).
Comhaontófar mionsonraí sonracha an chiste idir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
CRÍOCH
Is féidir le custaiméirí fuinnimh a dteastaíonn tacaíochtaí breise uathu an geimhreadh seo na nithe seo a leanas a dhéanamh:
1. idirchaidreamh a dhéanamh lena soláthraí chun na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil a phlé
2. iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí í. Beidh an íocaíocht ar fáil freisin do chustaiméirí a úsáideann méadar ‘Íoctar mar a Úsáidtear’. Déanfar dianiarracht a chinntiú go bhfaighidh daoine leochaileacha a bhfuil fadhbanna airgeadais acu Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise, má cháilíonn siad lena haghaidh, ar an aon lá amháin nó a luaithe is féidir, chomh fada agus a bhaineann an staid sin le costais leictreachais agus téimh
3. comhairle airgeadais agus tacaíocht tathanta a iarraidh ón tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS)
Leathnófar an sainmhíniú reatha ar cad is ‘custaiméir leochaileach’ ann chun go bhfolóidh sé daoine atá leochaileach ó thaobh an airgeadais de. Ina measc sin beidh na daoine sin atá ag fáil Liúntas Breosla, na daoine sin atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist le breis agus sé mhí anuas, agus na daoine sin atá ag fáil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Liúntas Cúraim Baile nó Liúntas do Chúramóirí. I láthair na huaire, ní fholaíonn an sainmhíniú ar cad is ‘custaiméir leochaileach’ ann ach na daoine sin atá sa dá chatagóir seo a leanas:
Is é an toradh a bheidh ar an sainmhíniú ar cad is custaiméir leochaileach ann a leathnú ná go mbunófar tríú catagóir de chustaiméirí atá leochaileach ó thaobh an airgeadais de chun tréimhsí geimhridh na mblianta 2022/2023 agus 2023/2024 a chumhdach.
Mar chuid dá obair ar chosaintí tomhaltóirí a neartú, tá an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) ag reáchtáil feachtas cumarsáide chun daoine a spreagadh, nuair is cuí, chun clárú mar chustaiméir leochaileach lena soláthraí.
Is mar a leanas atá na tréimhsí moratóra nach bhféadfar custaiméirí íoctha billí leictreachais agus gáis a dhícheangal lena linn:
Tá ceangal ar gach soláthraí aon chustaiméirí leochaileacha a chur ar an taraif is barainní.
Is é atá san fheachtas 'Úsáid Níos Lú/Fan Te agus Folláin' ná tionscnamh rialtais a bhfuil mar aidhm leis faisnéis phraiticiúil a thabhairt do theaghlaigh maidir le conas is féidir leo a n-úsáid fuinnimh a laghdú thar thréimhse an gheimhridh agus maidir le conas is féidir leo tacaíochtaí airgeadais a rochtain.
Tá an rialtas ag iarraidh ar dhaoine coinneáil te agus folláin an geimhreadh seo agus a bheith ar an eolas go mbeidh cabhair ar fáil dóibh má bhíonn sí ag teastáil uathu thar na seachtainí agus na míonna atá romhainn.
Nuair is sábháilte agus is féidir déanamh amhlaidh, táthar ag iarraidh ar dhaoine cur amú fuinnimh a laghdú. Má úsáideann teaghlaigh agus gnólachtaí níos lú fuinnimh, cabhrófar leo airgead a shábháil.
Is iad an Coimisiún um Rialáil Fóntais, MABS, ALONE agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann na príomh-chomhpháirtithe a bhfuil baint acu leis an bhfeachtas.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na cineálacha cabhrach agus tacaíochta a bheidh ar fáil an geimhreadh seo a léamh ar leathanach gréasáin an fheachtais 'Úsáid Níos Lú'.