Cistiú Cúnaimh Forbartha Idirnáisiúnta de €28.9 milliún do 2022 fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, cistiú €28.9 milliún óna Roinn d'fhorbairt idirnáisiúnta do 2022 inniu.
Áirítear leis sin réamhíocaíocht ghealltanas na hÉireann in 2023 de €25 milliún do Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (WFP).
Ag fógairt na sonraí dó, dúirt an tAire McConalogue:
“Chuir éifeachtaí leanúnacha an athraithe aeráide agus paindéime COVID-19 go leor brú ar dhaoine leochaileacha maidir le eashlándáil bhia mar gheall ar theip na bhfómhar, cuir isteach ar shlabhraí soláthair, chomh maith le coinbhleacht réigiúnach. D'éirigh cúrsaí níos measa fós mar gheall ar ionradh neamhdhleathach gan údar na Rúise ar an Úcráin, go háirithe i gcodanna d'Oirthear na hAfraice, áit a bhfuil ocras eindéimeach agus ina bhfuil gorta ar tí tarlú anois.
“Tá mo Roinn i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann le dhá ghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe, an Clár Domhanda Bia agus anEagraíocht Biaagus Talmhaíochta, agus treisíonn cistiú na hÉireann chuig na gníomhaireachtaí sin an dlúthpháirtíocht dhomhanda atá againn leis na daoine is leochailí ar domhan atá ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéimeanna eashlándála bia agus cothaithe nach féidir a shamhlú.”
Agus réamhíocaíocht ghealltanas na hÉireann do 2023 don WFP á haithint aige, dúirt an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an tUasal David Beasley:
“Tá an Rialtas agus muintir na hÉireann ina gcairde agus ina gcomhpháirtithe do WFP le fada an lá inár dtroid i gcoinne an ocrais. Táimid ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim dhomhanda slándála bia gan fasach faoi láthair agus tá cur chuige solúbtha na hÉireann maidir le cistiú ag cabhrú leis an WFP cúnamh ríthábhachtach a thabhairt do chuid de na daoine is leochailí ar domhan. Táimid ag tnúth le leanúint lenár gcomhpháirtíocht thábhachtach chun beatha daoine a shábháil agus beatha daoine a athrú in 2023 agus ina dhiaidh sin."
D'fhógair an tAire McConalogue freisin íocaíochtaí €1.75 milliún do thionscadail agus do chláir shonracha de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO), chomh maith le ranníocaíocht mheasúnaithe bhliantúil na hÉireann de €1.61 milliún. Tá na tionscadail shonracha seo dírithe go láidir ar athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide; cúnamh talmhaíochta éigeandála; cumhachtú eacnamaíoch na mban tuaithe; agus oibríonn siad ar chórais bhia inbhuanaithe. Cuimsíonn sé freisin an tionscadal €750,000 chun tacú leis an bpobal feirmeoireachta san Úcráin, a d'fhógair an tAire le déanaí.
Rinneadh íocaíochtaí €240,000 freisin faoi Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP), atá á oibriú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Is eagraíocht í an WFP atá freagrach as ocras a throid ar fud an domhain agus tá sí maoinithe go heisiach ó ranníocaíochtaí deonacha. Geallann Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 2, Díothú an Ocrais, deireadh a chur le hocras, slándáil bia a bhaint amach, cothú a fheabhsú, agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, agus is é tosaíocht an WFP é.
Níl dóthain bia ag 828 milliún duine ar fud an domhain agus tá 49 milliún duine ag tabhairt aghaidh ar leibhéil éigeandála ocrais.
Tá codanna d'Éimin, an tSúdáin Theas, an Aetóip agus an Nigéir gar do ghorta nó tá siad i ngreim an ghorta cheana féin.
Seasann riachtanas cistiúcháin WFP do 2022 ag US$22.2 billiún chun cabhrú le 160 milliún duine i 123 tír.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun tosaigh maidir le caidreamh Rialtas na hÉireann leis an gClár Domhanda Bia, gníomhaireacht dhaonnúil túslíne na Náisiún Aontaithe. Tá gealltanas ó Éirinn i gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí WFP-na hÉireann 2022-2024 chun bunchistiú a mhéadú go €75m. Áirítear leis seo leithdháileadh €5 mhilliún in aghaidh na bliana ar chiste iontaobhais an WFP le haghaidh athrú aeráide a bhaineann leis an ocras; agus leithdháileadh bliantúil €8 milliún do fhreagairt éigeandála na Siria ón WFP.
Chomh maith le bunchistiú na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara do WFP, cuireann Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha cistiú ar fáil don WFP do chláir ghéarchéime i dtíortha agus i réigiúin ar leith. In 2022, b'ionann cistiú na Roinne Gnóthaí Eachtracha do WFP agus €6 mhilliún, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí in Uganda, sa Liobáin, sa tSiombáib agus i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach Laos.
Eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaithe is ea FAO atá sainordaithe chun cabhrú le deireadh a chur le hocras, le easlándáil bia agus míchothú, chun an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus an t-iascach a dhéanamh níos táirgiúla agus níos inbhuanaithe, chun córais talmhaíochta agus bia atá cuimsitheach agus éifeachtúil a chumasú agus chun slite beatha a dhéanamh níos athléimí maidir le bagairtí agus géarchéimeanna. Tá tuilleadh sonraí faoin gcomhpháirtíocht idir Éire agus an FAO leagtha amach sa tuarascáil atá ar fáil ag gov.ie - FAO + Ireland: Partnering for a Peaceful, Equal and Sustainable World.
Comhthionscnamh is ea an AADP idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is é cuspóir an AADP ná comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir Earnáil Agraibhia na hÉireann agus tíortha na hAfraice chun tacú le fás inbhuanaithe an tionscail bia áitiúil, margaí do tháirgí áitiúla a thógáil agus tacú le comhthrádáil idir Éire agus an Afraic.
Tá an cistiú seo agus na comhpháirtíochtaí leis an WFP agus an FAO laistigh de chreat beartas na hÉireann um fhorbairt idirnáisiúnta, "Domhan Níos Fearr”, , an beartas uile-Rialtais do chlár comhair forbartha na hÉireann, ar a n-oibríonn DAFM go dlúth le Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Cúnamh Forbartha Idirnáisiúnta - DAFM 2022 | € | |
An Clár Domhanda Bia (WFP) | ||
Réamhíocaíocht ghealltanas 2023 faoi Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí WFP-na hÉireann (2022-2024) | 25,000,000 | |
An Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta (FAO) | ||
Ranníocaíocht Mheasúnaithe na hÉireann - FAO 2022 | 1,609,107 | |
Tacaíocht slí bheatha éigeandála do theaghlaigh tuaithe sa Úcráin | 750,000 | |
Pobail athléimneacha a thógáil trí tháirgeadh cliste aeráide agus faoi thionchar an mhargaidh chun slándáil bia agus cothú a fheabhsú i Siarra Leon | 500,000 | |
Aistí bia na ndaoine is leochailí a chosaint mar chuid de chlár freagartha agus aisghabhála COVID-19 sa Chéinia agus sa Mhaláiv | 120,000 | |
Ag tacú le slite beatha na mban sna réigiúin shléibhtiúla i dtuaisceart Vítneam. | 100,000 | |
An Chomhghuaillíocht Dhomhanda um Bithgheilleagar (Staidéar Scóipe) | 80,000 | |
An Óige a chumasú chun réitigh nuálaíocha a chomhfhorbairt le claochluithe córais bia – Mol um Chlaochlú Córas Bia | 50,000 | |
Comhpháirtíocht um Measúnú agus Feidhmíocht Comhshaoil Beostoic (LEAP) | 40,000 | |
An Comhaontas Domhanda um Aonad Éascaithe Talmhaíochta Cliste Aeráide (GACSA) | 40,000 | |
An Clár Oibre Domhanda um Beostoc Inbhuanaithe (GASL) | 40,000 | |
Tacú le cistiú chun tacú le hobair Fhochoiste an Choiste FAO um Thalmhaíocht (COAG) ar Bheostoc | 30,000 | |
Iomlán FAO | 3,359,107 | |
Clár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP) | ||
Cistiú tionscadail AADP 2022 | 239,650 | |
Iomlán | 28,859,847 |