An Taoiseach Micheál Martin ag labhairt ar bhás Ted Crosbie
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
“Tá mé go mór faoi bhrón tar éis scéala a fháil go bhfuil Ted Crosbie imithe ar shlí na fírinne. Fear ab ea é a raibh a shaol fite fuaite i gcreatlach a chathrach dúchais, Corcaigh, le breis is nócha bliain.
Bhí Ted ar dhuine de na daoine is deise a d’fhéadfá casadh leis; bhí sé deisbhéalach, léannta agus géarchúiseach.
Ba bhreá an comhluadar é i gcónaí.
Bhí stíl scríbhneoireachta álainn ag Ted, agus nuair a bhfaightí litir uaidh, ní bhítí in amhras faoi chomh dáiríre agus a bhí sé faoin ábhar idir lámha.
Ina cháil mar phríomhfheidhmeannach an ghrúpa nuachtán a dtagann an Irish Examiner agus an Evening Echo faoina scáth, ba cheannródaí ceart é Ted i meáin chomhaimseartha na hÉireann, bhí intinn ghéar eolaíochta agus gnó aige, agus bhí díocas air chun saol carthanais, cultúir agus sóisialta a chathrach agus a thíre a shaibhriú.
Tá oidhreacht mhór fágtha ag Ted, lena n-áirítear na chéad nuachtáin náisiúnta lándaite in Éirinn, mar aon le nuálaíochtaí i dteicneolaíochtaí priontála agus digiteacha a bhí i bhfad chun cinn ar a chuid iomaitheoirí.
Tá a fhios agam go raibh grá mór ag Ted do pháipéar agus dúch nuachtáin, ach bhí an grá a bhí aige do sheoltóireacht beagnach chomh mór céanna, agus bhí ceangal aige le Club Luamhaireachta Ríoga Chorcaí leis na blianta.
Fear uasal amach is amach ab ea Ted, agus aireoimid uainn go mór é ina chathair dúchais agus níos faide i gcéin.
Déanaim comhbhrón ó chroí lena chlann Tom, Liz, Andrew, Ed, agus Sophie, agus lena mhuintir agus lena chairde i gcoitinne.”