Cuireann an tAire Martin Fáilte roimh Thacaíocht d’Earnáil an Cheoil Bheo i mBabhta Maoinithe Nua Údarás Craolacháin na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Martin fáilte inniu roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go n-osclófaí babhta maoinithe €6.9m de chuid an Scéim Fuaime agus Físe chun tacú le léiriú ábhair in earnáil an chraolacháin, na fuaime agus an chlosamhairc. Beidh cistiú curtha i leataobh sa mhaoiniú seo chun tacú le hearnáil an cheoil bheo.
Ag tabhairt aitheantais do na dúshláin ghéara atá le sárú ag ceoltóirí na hÉireann agus ag earnáil an cheoil bheo mar thoradh ar COVID-19, d’iarr an tAire Martin ar Údarás Craolacháin na hÉireann gairm a chur amach le haghaidh tionscadail ar leith chun tacú leis an earnáil seo i mbabhta oscailte de chuid an Scéim Fuaime agus Físe agus chuir sí €1.4m ar fáil i gcomhair na dtionscadal sin.
Dúirt an tAire inniu:
“Tá ríméad orm go n-osclóidh Údarás Craolacháin na hÉireann an babhta seo a chuirfidh leis na tionscnaimh eile atá ar siúl ag mo Roinnse chun tacú le hearnáil an cheoil bheo. Chuir an phaindéim drochbhail ar an earnáil seo agus caitear deiseanna a chruthú do cheoltóirí ceol a sheinm dá lucht leanúna. Cuirfidh na deontais nua craoltóireachta seo ardán ar fáil dóibh chun a gcuid ceoil a chur ar stáitse go háirithe ag am seo nuair a chronaíonn an pobal ceolchoirmeacha uathu go mór. Táim ag súil le taitneamh a bhaint as na tionscadail a dhéanfar leis an maoiniú breise seo agus cuireann sé lúcháir orm go ndéanfaidh oscailt an bhabhta seo leas léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha sa tréimhse dhúshlánach seo.”
Tá sonraí an bhabhta ar fáil ar BAI.ie.
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá an €1.4m a chuir an tAire ar fáil do Chiste Craolacháin Údarás Craolacháin na hÉireann i mí na Nollag 2020 i gcomhair tionscadail cheoil bheo mar chuid den €6.9m a fógraíodh inniu. Cabhróidh sé seo le hardán a chur ar fáil do ghairmithe thionscal an cheoil a d’oibrigh in earnáil an cheoil bheo go príomha. Chuir COVID-19 drochbhail ar an earnáil seo, ach cabhróidh an maoiniú seo le tionscadail inar féidir le ceoltóirí nasc a dhéanamh lena lucht leanúna tríd an teilifís agus an raidió.
Osclófar babhtaí eile níos déanaí i mbliana agus fógróidh Údarás Craolacháin na hÉireann na babhtaí seo de réir mar a osclófar iad. Tagann an maoiniú seo mar aon le tacaíochtaí a cuireadh ar fáil cheana féin le linn 2020.
Bhain an earnáil raidió tairbhe as tarscaoileadh i leith an tobhaigh chraolacháin i gcomhair an chéad leath de 2020, arbh fhiú €1m don earnáil. Dáileadh babhta speisialta €2.5m den Chiste Fuaime agus Físe don raidió brabúsach, stáisiúin áitiúla agus stáisiúin réigiúnacha san áireamh, sa bhliain 2020 chomh maith.
Don earnáil chlosamhairc, chuir an tAire maoiniú breise €2m ar fáil i bpacáiste spreagtha mhí Iúil agus €1m eile i mí na Nollag chun an méid airgid atá ar fáil sa bhabhta is déanaí den Scéim Fuaime agus Físe a thabhairt suas go €5.5m. Tháinig sé seo mar aon le €7m a cuireadh ar fáil níos luaithe in 2020 don earnáil chlosamhairc faoin Scéim Fuaime agus Físe.
Cuirfidh Údarás Craolacháin na hÉireann sonraí eile faoin gCiste Craolacháin ar fáil in am trátha, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar na babhtaí seo.