Buaileann an tAire McConalogue le hIonadaithe ó Thionscal na hIascaireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí cruinniú táirgiúil ag Charlie McConalogue, T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, le hionadaithe ó earnáil na hiascaireachta. I measc rudaí eile, bhí uasdátú ar chur i bhfeidhm scéimeanna tacaíochta molta ag Tascfhórsa Earnáil Bhia Mara mar chuid de chlár an chruinnithe, chomh maith le réamhullmhúcháin le haghaidh idirbheartaíocht ar dheiseanna iascaireachta 2024.
Is iad seo a leanas na heagraíochtaí a bhí i láthair ag an gcruinniú: Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Oirthear Éireann, Eagraíochtaí Táirgeoirí Éisc Éireannacha, Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Iarthar na hÉireann, Eagraíocht Iascairí na hÉireann na gCeall Beag, Eagraíocht Táirgeoirí Acmhainní Mara Oileán na hÉireann, Cumann Náisiúnta na nIascairí Cladaigh, Fóram Náisiúnta na nIascach Cladaigh, ionadaithe ó Chomharchumainn agus Eagraíocht Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann. D'fhreastal Bord Iascaigh Mhara (BIM) agus Foras na Mara ar an gcruinniú chomh maith.
Agus é ag labhairt faoin gcruinniú, dúirt an tAire:
“Bhí an cruinniú an-dearfach agus bhí plé maith ann ar thorthaí dearfacha d'Éirinn i mbliana, ar chur i bhfeidhm scéimeanna molta ag Tascfhórsa Earnáil Bhia Mara faoi threoir ionadaithe iascaireachta agus ar idirbheartaíocht ar dheiseanna iascaireachta 2024, i measc na míreanna eile den chlár a pléadh.”
Thug an tAire uasdátú ar chur i bhfeidhm agus glacadh scéimeanna tacaíochta Breatimeachta Thascfhórsa Earnáil Bhia Mara agus thug sé an t-eolas is déanaí do lucht tionscail maidir le dul chun cinn na scéimeanna deiridh atá fágtha mar a bhí molta ag Tascfhórsa Earnáil Bhia Mara:
“Ba chúis áthais dom a chur in iúl do lucht tionscail gur bhfuiltear tar éis cur isteach ar cheithre scéim nua de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun cead a fháil Státchabhair a thabhairt. Is iad seo a leanas na scéimeanna sin: Brexit Pelagic Fisheries Support Scheme, Brexit Fish Processor Transition Scheme, Brexit Specific Scallop Fleet Transition Support Scheme agus Brexit Fisheries Cooperative Transition Scheme 2023. I ndiaidh cead a fháil do na scéimeanna seo, leathfar na scéimeanna amach sna míosa amach romhainn chun tacú le hiascairí. Nuair a fuair mé tuarascáil an Tascfhórsa, bhí an-fhonn orm a chinntiú gur cuireadh an tuarascáil seo go hiomlán i bhfeidhm. Agus na ceithre scéim seo ag teacht ar líne, is cúis sásaimh dom a rá gur éist mé le hiascairí agus le hionadaithe agus gur bhain mé spriocanna na tuarascála amach.”
Phléigh an tAire McConalogue chomh maith na hullmhúcháin maidir le hidirbheartaíocht ar dheiseanna iascaireachta 2024 agus thug ionadaithe ón tionscal achoimre ar dhearcaí a gcuid ball i gcaitheamh an phlé sin.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:
“Bhí fonn orm an deis a thapú túsphlé a bheith agam leis an tionscal sula dtosófar an idirbheartaíocht ar dheiseanna iascaireachta san fhómhar. Tá ról lárnach le himirt ag tionscal na hiascaireachta maidir le hullmhúchán na hÉireann don idirbheartaíocht thábhachtach bhliantúil seo. Agus muid ag obair le chéile in 2022 agus in 2023, bhaineamar torthaí dearfacha amach i dtaca le hidirbheartaíocht de, an Faoitín Gorm ina measc.”
Dúirt an tAire freisin:
“Gabhaim mo bhuíochas leis na hionadaithe ón tionscal as cruinniú táirgiúil na seachtaine seo. Leanfaidh mé ag obair go dlúth leis an earnáil chun ár gcuspóir chomhroinnte maidir le todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach don earnáil bia mara agus do phobail cois farraige atá ag brath uirthi.”
CRÍOCH