Leanann an tAire McConalogue le Misean Trádála na Cóiré le cur chun cinn earnáil eachaí na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Lean an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. le misean trádála Fhoireann na hÉireann chun na Cóiré inniu le roinnt imeachtaí bolscaireachta d'earnáil eachaí na hÉireann. An príomhimeacht ná an chuairt dhéthaobhach le hÚdarás Rásaíochta na Cóiré arb iad an foras rialaithe don earnáil sa Chóiré.
Dúirt an tAire
“Is earnáil den chéad scoth í an earnáil rásaíochta agus póraithe capall in Éirinn agus tá clú agus cáil uirthi ar fud an domhain. Is fiú €2.5 billiún í faoi láthair do gheilleagar na hÉireann agus tacaíonn sí le 30,000 post díreach agus indíreach agus bhí ríméad orm an deis a bheith agam é a chur chun cinn anseo sa Chóiré inniu. Is réimse comhleasa é rásaíocht capall in Éirinn agus sa Chóiré araon agus baineann acmhainneacht ollmhór le comhoibriú idir na hearnálacha faoi seach.”
Bhuail an tAire ar dtús le Jung Ki-Hwan, POF údarás rásaíochta na Cóiré, le haghaidh forbhreathnú ar an earnáil anseo. Bhuail an tAire freisin leis an gcomhlacht Éireannach Connolly Redmills a bhfuil láithreacht shuntasach acu sa Chóiré ag díol beatha eachaí Éireannach den scoth.
Dúirt an tAire:
“Is léiriú é an méid atá bainte amach ag an gcomhlacht maidir le táirgí a bhfuil cáil dhomhanda orthu a fhorbairt is ea beatha eachaí Éireannach den scoth ó Connolly Red Mills a bheith i margadh sofaisticiúil amhail an Chóiré. Déanaim comhghairdeas ó chroí leo freisin as réimse nua beathaí peataí a tháirgtear in Éirinn a fhorbairt atá ar díol anois sa Chóiré. Tá gnólachtaí teicneolaíochta talmhaíochta na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta lárnach don fhís atá agam don earnáil ar an iomlán mar gheall ar an méid a chuireann siad lenár ngeilleagar tuaithe.”
Dúirt Mary Kinnane, Stiúrthóir Réigiúnach le Fiontraíocht Éireann do réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise -
“Mar chuid de mhisean Trádála Fhoireann na hÉireann chun na Cóiré Theas, bhí an-áthas ar Fhiontraíocht Éireann cuairt a thabhairt ar Údarás Rásaíochta na Cóiré chun a fháil amach cén chaoi a bhfuil tionscal na gcapall ag obair le comhlachtaí Éireannacha amhail Connolly Red Mills chun tacú lena n-uaillmhian maidir le scothfheidhmíocht i ngach gné dá dtionscal eachaí”.
Leanfaidh an misean trádála ar aghaidh níos déanaí Déardaoin nuair a rachaidh an tAire i gcomhar le Bord Bia i sraith rannpháirtíochta bolscaireachta le honnmhaireoirí bia na hÉireann agus lena gcustaiméirí de chuid na Cóiré.
CRÍOCH
Fotheideal an Ghrianghraif: An tAire McConalogue ag ionad eachaí in Gwacheon, ó dheas de Shúl, le Seungjoo Min, Jongcheol Kim agus Mary Kinane Stiúrthóir Réigiúnach le Fiontraíocht Éireann APAC