Airí Iompair le bualadh le contrapháirt na Breataine agus na Ríocht Aontaithe faoin riaráiste trádála i Holyhead
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Buailfidh an tAire Stáit ag an Roinn Iompair, James Lawless leis an Rúnaí Comh-aireachta ar Iompar agus An Bhreatain Bheag, Ken Skates MS, tráthnóna, chun cabhrú leis an riaráiste trádála i ndiaidh Calafoirt Holyhead a bheith dúnta.
Buailfidh an bheirt le chéile ag 6:30in chun gach aon réiteach féideartha ar an bhfadhb seo a phlé trí chalafoirt éagsúla na Breataine Bige a úsáid i ndiaidh d’oibríochtaí a bheith ciorraithe go holc mar thoradh ar Stoirm Darraigh.
Tá sé i gceist freisin cruinniú a eagrú leis an Rt Hon Heidi Alexander MP, Rúnaí Stáit ar Iompar don Ríocht Aontaithe, an tseachtain seo chugainn leis an Aire Iompair Eamon Ryan.
Beidh cruinniú chomh maith ag Airí Ryan agus Lawless le páirtithe leasmhara lóistíochta maidin amárach chun dul i ngleic leis an gceist seo, maraon le cainteanna ar leith le Irish Ferries agus Stena Line Ferries.
Tugadh faisnéis iomlán don bheirt Aire ag oifigigh na Roinne Iompair, ag Oifig Forbartha Muirí na hÉireann agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar maidin i dtaca conas freastal ar earraí trádála agus trácht paisinéirí i gcalafoirt éagsúla chomh héifeachtach agus is féidir mar thoradh ar an damáiste do Chalafort Holyhead ag Stoirm Darraigh.
Ina theannta sin, i ndiaidh seisiúin comhairliúcháin le hoifigigh na Roinne agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair, tá beartaithe ag na hAirí maolú sealadach ar na rialacha a bhaineann le huaireanta oibre na dtiománaithe, a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse 14-lá ó 14 Nollaig 2024 go 27 Nollaig 2024.
Bainfidh sé le haon tiománaí atá i mbun earrarí a iompar ón Ríocht Aontaithe agus Éire agus ar fud na hÉireann, is cuma cén náisiúntacht atá acu. Beidh athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ar an riachtanas chun an maolú a shíneadh amach go dtí an t-uasmhéid de 30 lá.
Leis na rialacha i leith uaireanta oibre na dtiománaithe a mhaolú, beidh an t-uasmhéid d’am tiomána laethúil méadaithe ó 9 n-uair an chloig go 11 uair an chloig – ach gan níos mó ná faoi dhó sa tseachtain. Tá an méid seo chomh maith leis an síneadh ama de 10 n-uair an chloig atá ceadaithe faoi gnáthrialacha, ach freisin faoi dhó sa tseachtain amháin.
Tá an eisceacht seo teoranta le teorainn ama sheachtainiúil de 60 uair an chloig (56 de ghnáth) agus teorainn choicisiúil de 102 uair an chloig (90 de ghnáth).
Go bunúsach, d’fhéadfadh tiománaithe seachtain oibre níos faide a dhéanamh, ach bheadh orthu cúiteamh a dhéanamh ina leith an tseachtain dár gcionn. D’fhéadfadh tiománaí tiomáint ar feadh 60 uair seachtain amháin agus 42 uair an tseachtain ina dhiaidh sin, nó 102 uair a dhéanamh thar dhá sheachtain.
Beidh an tréimhse sosa seachtainiúil riachtanach laghdaithe chomh maith ó 45 uair an chloig go 24 uair an chloig, faoin maolú.
Cé go bhféadfadh an staid reatha seo cur isteach ar am tiomána, ní féidir sábháilteacht tiománaí, nó sábháilteacht úsáideoirí bóithre eile a chur i gcontúirt. Ní chóir do thiománaithe imeacht ó na rialacha má chuireann sé sábháilteacht ar bhóithre i gcontúirt nó ní fhéadfaí a bheith ag súil go dtiománfaidís agus tuirse orthu. Tá fostóirí freagrach i gcónaí as sláinte agus sábháilteacht a gcuid oibritheoirí agus úsáideoirí bóithre eile.
Chun nach mbeadh aon amhras ann, is maolú náisiúnta é seo, agus níl baint leis lasmuigh de dhlínse na hÉireann. Bainfidh sé amháin in Éirinn le gach tiománaí i scóip an mhaolaithe agus ceadóidh Oifigigh Fhorfheidhmithe an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre é.
Idir an dá linn, leanfaidh an bheirt Aire le teagmháil go dlúth leis na páirtithe leasmhara ar fad a bhfuil baint acu leis an bhfadhb seo, sna laethanta atá romhainn, chun cinntiú go bhfuil an comhoibriú is fearr ann idir chomhlachtaí, ionas gur féidir freastal ar lasta, ar thiománaithe, agus ar phaisinéirí roimh shéasúr na Nollag.