Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 4 Bealtaine 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
4,908 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Luain an 3 Iúil, cuireadh 383 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 250,672* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu, tá 144 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 41 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 10 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail Dé Domhnaigh 2 Bealtaine, bhí 1,604,644 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Agus muid ag druidim níos gaire do mhaolú na srianta an 10 Bealtaine, is féidir linn a bheith ag súil le deiseanna taitneamh a bhaint as an aimsir níos fearr agus bualadh lenár dteaghlach agus lenár ndlúthchairde go sábháilte agus na bearta sláinte poiblí i bhfeidhm againn.
“Tá an víreas fós ag scaipeadh sa phobal agus tá sé fós ina riosca, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil an vacsaín faighte acu fós. Tá a fhios againn i dteannta a chéile conas cur isteach ar scaipeadh an ghalair seo, mar sin nuair atá pleananna á ndéanamh agat don tseachtain atá le teacht, cinntigh d’achar a choinneáil, bualadh amuigh faoin aer nuair is féidir agus cuimhnigh do lámha a ní. Agus má tá áit plódaithe, cas timpeall agus tar ar ais am éigin eile. Le chéile, íoslaghdóidh na bearta simplí seo an riosca ionfhabhtaithe."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH//
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 03 Bealtaine 2021)** | Meán gluaiseachta 5 lá (28 Aib 2021 - 03 Beal 2021) | Minicíocht 14 lá ráta in aghaidh gach 100,000 daonra (20 Aib 2021 go 03 Beal 2021) | Cásanna Nua le linn 14 lá deiridh (20 Aib 2021 go 03 Beal 2021) |
Dún na nGall | 25 | 27.6 | 306.5 | 488 |
Cill Dara | 40 | 49.2 | 266.1 | 592 |
An Iarmhí | 15 | 12.6 | 207.3 | 184 |
Baile Átha Cliath | 129 | 189.8 | 189.8 | 2,557 |
Tiobraid Árann | 17 | 14.8 | 167.3 | 267 |
Uíbh Fháilí | 5 | 5.4 | 159.1 | 124 |
An Mhí | 32 | 21.0 | 145.1 | 283 |
An Longfort | <5 | 3.2 | 141.9 | 58 |
An Cabhán | 6 | 10.6 | 140.5 | 107 |
Éire | 383 | 470.2 | 134.1 | 6,385 |
Luimneach | 12 | 14.8 | 127.2 | 248 |
Lú | 25 | 13.8 | 119.5 | 154 |
Liatroim | <5 | 1.4 | 106.1 | 34 |
Ros Comáin | 16 | 7.0 | 99.2 | 64 |
Cill Mhantáin | 5 | 9.0 | 91.3 | 130 |
Gaillimh | 11 | 17.6 | 90.3 | 233 |
Ceatharlach | <5 | 4.2 | 86.1 | 49 |
Port Láirge | 5 | 9.2 | 80.9 | 94 |
Muineachán | <5 | 2.2 | 74.9 | 46 |
Corcaigh | 16 | 40.0 | 73.5 | 399 |
Laois | <5 | 1.8 | 54.3 | 46 |
Maigh Eo | <5 | 3.8 | 52.1 | 68 |
An Clár | <5 | 3.0 | 39.6 | 47 |
Sligeach | <5 | 1.0 | 38.1 | 25 |
Cill Chainnigh | 5 | 2.6 | 30.2 | 30 |
Loch Garman | <5 | 3.0 | 25.4 | 38 |
Ciarraí | <5 | 1.6 | 13.5 | 20 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.