Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 12 Eanáir 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 46 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil. Bhásaigh beirt díobh sin i mí na Nollag 2020, agus bhásaigh an 44 eile in Eanáir 2021.
Tá 2,397 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Luain an 11 Eanáir, cuireadh 3,086 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 155,591* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 2pm inniu tá 1,692 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 158 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 128 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Ar an drochuair tráthnóna inniu táimid ag feiceáil líon na marbh ag ardú mar thoradh ar an ardú a tháinig ar líon na n-ionfhabhtuithe le tamall anuas. Ar an drochuair, mar gheall ar an leibhéal ard neamh-inbhuanaithe ionfhabhtuithe COVID-19 le cúpla seachtain anuas, is dóigh go mbeidh na figiúirí báis chomh hard céanna ar feadh tamaill eile. Is é an rud is féidir linn a dhéanamh inniu, in ómós dóibh siúd a bhásaigh agus dóibhs siúd atá san ospidéal nó san aonad dianchúraim faoi láthair - agus dóibh siúd atá ag tabhairt aire dóibh - ná fanacht sa bhaile."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Duine amháin as gach triúr othar a cuireadh sna hospidéil nó sna haonaid dianchúraim mí Eanáir, bhíodar faoi 65 bliain. Léiríonn sé sin go soiléir go mbuaileann Covid-19 gach duine againn, beag beann ar aois agus fiú mura bhfuil tinneas ainsealach eile ort. Leagann sé béim ar an ngá atá ann do gach duine againn a chéile a chosaint trí fanacht sa bhaile. Ní amháin go gcoinneoidh tú tú féin agus do ghaolta slán, ach cabhróidh tú freisin le hiontrálacha COVID-19 chuig ár gcóras cúram sláinte a sheachaint, córas atá ag streachailt faoi láthair."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche an 11 Ean 2021) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (29 Noll 2020 go 11 Ean 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (29 Noll 2020 go 11 Ean 2021) |
Éire | 3,086 | 1410.3 | 67,157 |
Muineachán | 33 | 2650.4 | 1,627 |
Lú | 87 | 2302.1 | 2,967 |
Luimneach | 138 | 2029.3 | 3,955 |
Port Láirge | 128 | 1747.3 | 2,030 |
Loch Garman | 105 | 1693.8 | 2,536 |
Maigh Eo | 466 | 1605.3 | 2,095 |
Baile Átha Cliath | 574 | 1577.7 | 21,257 |
Ceatharlach | 26 | 1510.6 | 860 |
An Cabhán | 29 | 1499.2 | 1,142 |
An Clár | 75 | 1498.1 | 1,780 |
Dún na nGall | 81 | 1490.7 | 2,373 |
Corcaigh | 187 | 1451.0 | 7,877 |
An Mhí | 103 | 1198.2 | 2,337 |
Cill Chainnigh | 20 | 1196.2 | 1,187 |
Sligeach | 10 | 1139.8 | 747 |
Ciarraí | 53 | 1088.0 | 1,607 |
Gaillimh | 604 | 1033.9 | 2,668 |
Cill Dara | 66 | 1032.8 | 2,298 |
Ros Comáin | 116 | 983.8 | 635 |
Uíbh Fhailí | 32 | 954.3 | 744 |
Longfort | 6 | 917.5 | 375 |
Laois | 40 | 913.8 | 774 |
Tiobraid Árann | 52 | 906.3 | 1,446 |
An Iarmhí | 29 | 732.2 | 650 |
Liatroim | 3 | 708.4 | 227 |
Cill Mhantáin | 23 | 676.1 | 963 |
Minicíocht 7 lá 888.4
Meán gluaiseachta 5 lá 5,596