Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh rath Scéimeanna um Fhaoiseamh Tuile OPW le linn tarlú aimsire suntasach i gcontaethe an deiscirt
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fháiltigh an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, roimh an scéal gur chosc scéimeanna um fhaoiseamh tuile i gCorcaigh agus i dTiobrad Árann díobháil suntasach réadmhaoine le linn tarlú suntasach aimsire le déanaí i gcontaethe an deiscirt.
I gceantair áirithe ba dhéine drochaimsir na seachtaine seo ná mar a tharla i gcás tuilte 2009 agus 2015; bhí suas le 100mm, nó ceithre orlach, báistí i dtréimhse 24-uair in áiteanna, agus rabhadh báistí oráiste i bhfeidhm.
D’oibrigh scéimeanna OPW um fhaoiseamh tuile go maith i gCloich na Coillte, An Sciobairín, Droichead na Bandan, Dúglas, Mala, Mainistir Fhear Maí agus Cluain Meala le linn tréimhse báistí a bhí thar a bheith trom agus an t-ardú dá dheasca sin ar leibhéil uisce abhann ina dhiaidh sin.
I Mala, tá scéim um fhaoiseamh tuile i bhfeidhm a chosain €39.5m agus a chosnaíonn thart faoi 230 réadmhaoin. I Mainistir Fhear Maí ta scéim a chosain €37.5m agus a chosnaíonn 264 réadmhaoin. I nDroichead na Bandan, cosnaíonn scéim €31.4m 392 réadmhaoin; i gCloich na Coillte, cosnaíonn scéim €29.8m 296 réadmhaoin.
Inné, bhí tarluithe ardsrutha i Mala agus i Mainistir Fhear Maí, áiteanna a raibh tréimhse measta fillte níos mó ná ‘bliain as deich mbliana’ (ar an meán) acu. Murach na scéimeanna ins na bailte sin, meastar go mbeadh thart faoi 140 réadmhaoin, 50 teach cónathe san áireamh, faoi thuile.
Cé gur dian iad na tarluithe aimsire le dhá lá anuas, tá na scéimeanna ins na háiteanna uile atá luaite thuas ceaptha um chosaint a sholáthar ar tharluithe tuile i bhfad níos mó ná mar a tharla inné, sé sin tuile le meántréimhse fillte ‘bliain as gach céad bliain’.
Léiríonn an aimsir le cúpla lá anuas go bhfuil Cathair Chorcaí faoi phriacal suntasach tuile, ní amháin ón taoide, ach ó Abhainn na Laoi siar ón gCathair chomh maith leis na fo-aibhneacha, An Bhríd Thiar agus an tSeabharthanach.
In Abhantrach na Laoi thit breis agus 70mm báistí ar an meán i dtréimhse 24-uair – an méid báistí a bheadh súil leis sa thréimhse chéanna uair amháin gach cúig bliana, go hachomair.
Maolaíodh drochthionchar na hócáide trí chomhobriú idir Comhairle Cathrach Chorcaí, OPW (a d’ullmhaigh Scéim Íochtair na Laoi um Fhaoiseamh Tuile mar chosaint ar Chathair Chorcaí ó thuile) agus BSL, a riarann na taiscumair agus na dambaí ar an Laoi.
Chomhoibrigh OPW le BSL trína chinntiú go raibh córas réamhaisnéise tuile OPW (cuid lárnach den scéim um fhaoiseamh tuile atá ag oibriú ar bhonn tástála agus forbartha) ar fáil acu chomh maith lena gcóras féin. Thug OPW agus Comhairle Cathrach Chorcaí eolas do BSL mar thacú lena gcuid eolais féin maidir le leibhéil scaoilte dambaí a chuirfeadh réadmhaoin i mbaol tuile.
Dá thoradh san, seachnaíodh drochthuiliú réadmhaoine an uair seo, cé go raibh tuilte ar pháirceanna agus ar bhóithre. Cé go raibh an-díospóireacht le déanaí maidir le bacainn taoide i mbéal na Laoi, ní bheadh tionchar ar bith ag a leithéid ar na himeachtaí le dhá lá anuas. Tá an scéim um fhaoiseamh tuile in Íochtar na Laoi ceaptha um chosaint a sholáthar don Chathair ó thuile le meántréimhse fillte ‘bliain as gach céad bliain’ – i bhfad níos mó ná mar a tharla Dé Máirt na seachtaine seo.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh daoine ar an eolas maidir le sárthairbhe scéimeanna um fhaoiseamh tuile agus an díobháil a choscann siad ar an oiread sin teach cónaithe agus gnóthas. Is minic sinn ag éisteacht le drochscéalta i ndiaidh tuilte, ach inniu is féidir linn tagairt don mhórinfheistíocht Rialtais le blianta beaga anuas agus an tairbhe uaidh sin a fheiceáil. Cosnaíodh cuid mhór réadmhaoin ó thuilte an uair seo agus seachnaíodh anchuid díobhála ar fud na Mumhan agus in áiteanna eile. Táimse geallta um scéimeanna in áiteanna eile atá faoi phriacal a chur chun cinn chomh tapa agus is féidir d’fhonn cosaint dá leithéid a sholáthar. Ach go háirithe, is mian liom a admháil gur shaothraigh foirne agus seirbhísí éigeandála go dian gan staonadh le cúpla lá anuas, chun dul i ngleic le cúrsaí aimsire agus tuile a bhí ag síorathrú.”
Cé go gceaptar go raibh miontuilte ar roinnt réadmhaoin i Mainistir Fhear Maí, tá OPW cinnte gur féidir na ceisteanna seo a réiteach sa ghearrthéarma chun a chinntiú go gcosnófar ar tharluithe tuile amach anseo.
-CRÍOCH-
Sonraí breise ar scéimeanna – infheistíocht agus líon réadmhaoin faoi chosaint.
Scéim um Fhaoiseamh Tuile – Droichead na Bandan - €31.4m – cosnaíonn 392 réadmhaoin
Scéim um Fhaoiseamh Tuile – Cloich na Coillte - €29.8m – cosnaíonn 296 réadmhaoin
Scéim um Fhaoiseamh Tuile – Dúglas - €19.8m – cosnaíonn 221 réadmhaoin
Scéim um Fhaoiseamh Tuile – An Sciobairín - €34.5m – cosnaíonn 312 réadmhaoin
Scéim um Fhaoiseamh Tuile – Mainistir Fhear Maí - €37.5m – cosnaíonn 264 réadmhaoin
Scéim um Fhaoiseamh Tuile – Mala - €39.5m - cosnaíonn 230 réadmhaoin
Scéim um Fhaoiseamh Tuile – Cluain Meala - €40.1m – cosnaíonn 500 réadmhaoin