Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta gur tugadh tús áite do Bhille nua Meabhair-Shláinte an Rialtais ar Chlár Reachtaíochta Samhraidh an Phríomh-Aoire
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Mary Butler TD fáilte inniu roimh fhaomhadh na Comh-Aireachta leis an mBille nua Meabhair-Shláinte a chur san áireamh ar an liosta tosaíochta Billí atá le foilsiú i seisiún samhraidh reatha na Dála.
Roghnaíodh an Bille le bheith foilsithe ar bhonn tosaíochta don seisiún reachtaíochta reatha, a leanfaidh ar aghaidh go mí Iúil, rud a chiallaíonn go mbeidh an Bille i measc na bpríomhthosaíochtaí reachtaíochta uilig don Rialtas sna míonna amach romhainn agus go gcuirtear tuilleadh acmhainní breise ar fáil lena dhréachtú.
Beidh an dul chun cinn maidir le dréachtú an Bhille faoi réir grinnscrúdú níos déine ag an Rialtas freisin.
Dúirt an tAire Butler:
"Tá an-áthas orm leis an gcinneadh a rinne an Príomh-Aoire, agus le ceadú na Comh-Aireachta an Bille Meabhairshláinte a chur san áireamh ar an liosta tosaíochta don liosta foilsithe i gClár Reachtaíochta Rialtais i seisiún reatha na Dála.
“Is píosa reachtaíochta thar a bheith tábhachtach é an Bille nua Meabhair-Shláinte seo atá le teacht agus is deis í seo reachtaíocht mheabhairshláinte níos láidre agus níos dírithe ar an duine a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh cearta daoine le deacrachtaí meabhairshláinte acu a nuachóiriú, a athchóiriú agus a chosaint sna blianta amach romhainn."
Comhlíonann an clár reachtaíochta na gealltanais atá i gClár an Rialtais. Is píosa reachtaíochta casta agus fada é an Bille seo agus meastar go mbeidh níos mó ná 140 alt ann.
Ag labhairt faoin reachtaíocht nua, dúirt an tAire Butler:
“Cosnóidh an Bille cearta na ndaoine sin a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte tromchúiseacha acu agus a dteastaíonn seal in ospidéal agus cóireáil uathu, agus cé nach mbaineann ach céatadán beag den daonra úsáid as seirbhísí meabhairshláinte, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí creat láidir dlíthiúil i bhfeidhm chun a gcearta a chosaint. Déanfaidh an Bille maitheas do gach duine a bhfuil rochtain acu ar réimse leathan seirbhísí meabhairshláinte trí chóras cuimsitheach clárúcháin agus rialála seirbhísí meabhairshláinte a thabhairt isteach den chéad uair, lena n-áirítear gach CAMHS sa phobal.
"Tá tús áite tugtha agam d'fhorbairt an Bhille seo le linn mo thréimhse in Oifig agus táim ag tnúth le foilsiú an Bhille níos déanaí i seisiún Dála an tsamhraidh agus é a thabhairt chuig an Oireachtas ina dhiaidh sin."
Tiocfaidh an Bille Meabhair-Shláinte in áit na nAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 – 2018 atá ann cheana féin agus tá sé bunaithe go príomha ar Scéim Ghinearálta Bille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Meabhair-Shláinte, 2001, a d'fhoilsigh an Rialtas i mí Iúil 2021.
Déanfar foráil sa Bhille, i measc nithe eile:
Bhí comhairliúchán suntasach á lorg don Bhille le linn an phróisis dréachtaithe reatha agus sular foilsíodh an Scéim Ghinearálta i mí Iúil 2021, lena n-áirítear comhairliúchán leanúnach leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte, rialtóir seirbhísí meabhairshláinte, agus FSS, mar phríomhsholáthraí seirbhísí rmeabhairshláinte sa Stát. Chomh maith leis sin, chuaigh an Roinn Sláinte i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara eile le linn a dréachtaithe cosúil le Coláiste Síciatraithe na hÉireann, Cumann Síceolaíochta na hÉireann, Foireann Rannpháirtíochta agus Téarnaimh FSS, Cumann Sainchomhairleoirí Ospidéal na hÉireann, Athchóiriú Meabhairshláinte agus an tOmbudsman do Leanaí. Sheol an tAire Butler comhairliúchán poiblí sular foilsíodh an Scéim Ghinearálta a fuair 100 aighneacht scríofa, agus cuireadh san áireamh iad uilig ina n-iomláine sular foilsíodh an Scéim Ghinearálta.