Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i mBaile na nGallóglach, Co Dhún na nGall
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tUachtarán, Mícheál D. Ó hUiginn, ag feidhmiú inniu (Dé Domhnaigh 21 Bealtaine) ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBaile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall. Beidh Jack Chambers, Aire Stáit sa Roinn Iompair agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide, i láthair thar ceann an Rialtais.
Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUiginn an príomhaitheasc ag an searmanas foirmiúil Stáit, agus beidh onóracha míleata agus searmanas leagan bláthfhleasc ann i gcuimhne orthu siúd go léir a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir. Tabharfaidh an tAire Chambers aitheasc ag an ócáid freisin.
Chomh maith leis an Uachtarán, déanfaidh A Shoilse, An tUrramach Luis Mariano Montemayor, Apostolic Nuncio, Déan an Chóir Taidhleoireachta, agus an Comhairleoir Liam Blaney Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall bláthfhleasca a leagan, freisin.
Ceoltóirí áitiúla ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Maoil Ruaidh a chuirfidh an ceol ar fáil ag an ócáid agus seinnfidh Mairéad Ní Mhaonaigh, fidléir agus amhránaí le Altan, an suantraí traidisiúnta ‘Dún do Shúil’ in éineacht leis an ngiotáraí Steve Cooney. Craolfar an searmanas poiblí freisin ar chainéal Nuacht RTÉ.
Dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn:
“Is deis é Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir dúinn go léir machnamh agus cuimhne a dhéanamh ar bheatha agus fulaingt na ndaoine a mhair tríd an eachtra thragóideach sin agus an chailliúint as cuimse a bhí ann do mhuintir na hÉireann, a dtugaimid An Gorta Mór nó an tOcras Mór air. Deis atá ann freisin chun cuimhneamh orthu siúd a theith chun saol nua a chruthú thar lear, agus machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna is fearr a d’fhéadfaimis a fhoghlaim as an meabhrú sin, agus conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar ár saol anois agus ar shaol daoine eile. Feileann suíomh na bliana seo san áit a raibh teach na mbocht i mBaile na nGallóglach, tráth, i bhfianaise an aimhleasa a d’fhulaing muintir Dhún na nGall leis an mbochtaineacht, an ocras agus an eisimirce ó thús deireadh an 19ú haois agus go háirithe le linn an Ghorta Mhóir.
"Tá oidhreacht an Ghorta Mhóir casta, domhain, leathan, agus tá go leor snáitheanna ann a chuaigh i bhfeidhm ar shíceolaíocht mhuintir na hÉireann ag leibhéal comhchoiteann agus ag leibhéal an duine aonair. Eisimirce neamhthoiliúil, caillteanas cultúrtha, lagú meanma agus féinmhuiníne: is gnéithe iad sin d’oidhreacht an Ghorta Mhóir. Cailleadh sciar mór den daonra agus bhí tionchar nach beag aige ar labhairt na Gaeilge. Feictear a rian ó shin ar an tír, agus ar shaol mhuintir na hÉireann. Mar gheall ar an tionchar bunúsach a bhí ag an gcuid seo dár stair orainn, tréimhse nach bhfuil chomh fada siar sin, is furasta an luí atá againn mar phobal leis na saincheisteanna leanúnacha a bhaineann le slándáil bia agus ceannasacht bia ar fud an domhain a thuiscint. Caithfidh na gnéithe sin a bheith mar chuid dár machnamh eiticiúil agus dár fhreagairt ar chomóradh thréimhse an Ghorta Mhóir. Ar ndóigh tá baint mhór ag tiomantas láidir mhuintir na hÉireann do chúnamh daonnúil agus faoiseamh daonnúil lenár streachailt féin leis an ocras san am atá caite, streachailt atá fite fuaite isteach inár gcuimhne chomhchoiteann. Is sainchomhartha é den aitheantas is mian linn a bheith againn mar Éireannaigh, aitheantas atá fréamhaithe i mbunbhéasa, i bprionsabail eiticiúla, inár gcion féin den fhreagracht dhomhanda a ghlacadh.
"Tá freagracht mhorálta agus eiticiúil orainn tacú lenár dteaghlach domhanda atá i gcruachás, cabhrú chun réitigh inbhuanaithe a chur i bhfeidhm chun deireadh a chur le gorta, cibé áit a dtarlaíonn sé ar an bplainéad leochaileach seo ar a mairimid uile, agus chun freagra cinntitheach a thabhairt ar an athrú aeráide is cúis leis an méadú mór ar ghorta ar fud an domhain. Ní mór dúinn aird a thabhairt ar na cosúlachtaí idir domhan an lae inniu agus aimsir an Ghorta Mhóir agus an oll-dhíláithrithe a tharla 175 bliain ó shin. Tá sé de dhualgas morálta orainn leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh ár dtiomantas do dhaoine leochaileacha agus easáitithe a thagann chun na tíre seo ag iarraidh tearmainn agus dídine.”
Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir inniu:
“D’athraigh an Gorta Mór an tír seo agus a muintir go bunúsach ar go leor bealaí. Tugann searmanas an lae inniu deis dúinn cuimhneamh go sollúnta ar an tionchar tubaisteach a bhí aige ar na milliúin duine a d’fhulaing, a fuair bás nó a chuaigh ar imirce. Is príomhimeacht é Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir le cinntiú go dtugtar ómós don oidhreacht seo.”
Dúirt an tAire Chambers, a bheidh i láthair ag an gcomóradh thar ceann an Rialtais:
“Tá sé thar a bheith feiliúnach go bhfuil imeacht an lae inniu á reáchtáil anseo i nDún na nGall, áit ar mhúnlaigh tionchar an Ghorta Mhóir agus oidhreacht na heisimirce saol an phobail ann le fada an lá. Ach is deis é inniu freisin chun ómós a thabhairt do mhisneach agus diongbháilteacht na ndaoine ar cuireadh iallach orthu ár dtír a fhágáil. In ainneoin na ndúshlán agus na n-uafás a bhí rompu, tháinig rath orthu agus chruthaigh siad diaspóra faoi bhláth a choinníonn a nasc le hÉirinn."
Nótaí don eagarthóir:
Ord Reatha an tSearmanais
COMÓRADH NÁISIÚNTA AN GHORTA MHÓIR
BAILE NA NGALLÓGLACH, CO. DHÚN NA NGALL
21 BEALTAINE 2023
Réamh-Imeachtaí
13:15 Ceol le Banna 2ú Briogáid
13:30 Mórshiúl Gharda Onóra
13:50 Teacht i láthair Chathaoirleach Chomhairle Chontae Dhún na nGall, Comhairleoir Liam Blaney
Teacht i láthair Jack Chambers, Aire Stáit sa Roinn Iompair agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide
14:00 Teacht i láthair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn
Cigireacht ar Gharda Onóra, an 28ú Cathlán Coisithe
Tús an tsearmanais:
14:05 Aitheasc Fáiltithe Jack Chambers, Aire Stáit sa Roinn Iompair agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide
Aitheasc Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn
Ceol: Noreen Bawn le Comhaltas Ceoltóirí Éireann Maoil Ruaidh
Léamh: Rogha scéalta faoin nGorta Mór ó Bhailiúchán na Scol sna 1930idí á léamh ag Eithne Ní Ghallchobhair
Amhrán: Dún Do Shúil le Mairéad Ní Mhaonaigh, le tionlacan ó Steve Cooney, Giotar
Dán: At a Potato Digging le Séamus Heaney.
Á Léamh ag Conaill Byrne agus Aoibheann Shields ó Choláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach, agus Eilish Russell agus David Kennedy ó Phobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach.
Paidreacha ar son Íospartaigh an Ghorta, faoi cheannas Shéiplíneach Óglaigh na hÉireann, an tAthair Jerry Carroll
15:00 Fógraíonn an reachtaire tús chomóradh foirmiúil an Stáit
Nochtadh chloch comórtha agus plandáil chrann darach ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, le cúnamh ó Alessandra Serra ó Scoil Náisiúnta Ayr Hill agus Nathan King ó Scoil Náisiúnta an Chraoslaigh
Searmanas leagan bláthfhleisce
Nóiméad ciúnais dóibh siúd go léir a fuair bás
Piper’s Lament
An Ghairm Dheiridh
Ardú bhratach na hÉireann
Reveille
An tAmhrán Náisiúnta
15:15 Deireadh an tsearmanais
Ceol: Rogha amhráin sciobóil, sleamhnán agus válsaí a sheinntear go coitianta ag tórraimh Mheiriceánacha agus damhsaí tí i nDún na nGall agus a bhaineann le fidléireacht Jim Doherty, as Lag na hÚraí, Cill Mhic Réanáin (1937 – 2012), Jim McFadden’s Barndance, John McGee’s Slide, Pull Down the Blind (Válsa), The Marine (Port), le Comhaltas Ceoltóirí Éireann Maoil Ruaidh
Is iad ceoltóirí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Maoil Ruaidh:
Anne Ferry, Fidil
Kathleen Crerand, Fidil
Martin McGinley, Fidil
Patrick McBride, Bosca cnaipí
Mick Denieffe, Bosca cnaipí
Gráinne Friel, Bosca cnaipí
Kevin Gallagher, Bosca cnaipí
Oisín Sweeney, Bosca cnaipí
John McFadden, Banjo
Geraldine McCluskey, Feadóg, Fliút