Fógraíonn an tAire Sláinte luasghéarú Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, luasghéarú ar chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Ón Domhnach, an 2 Eanáir is féidir le gach duine atá 16 bliana d’aois agus níos sine atá incháilithe teanndáileog den vacsaín a fháil rochtain a fháil ar an tseirbhís seo trí ionaid vacsaínithe FSS. Beidh Dochtúirí Teaghlaigh agus cógaslanna pobail ag soláthar na seirbhíse seo freisin, ar bhonn coinne.
Dúirt an tAire Donnelly:
“D’fhonn móiminteam a choinneáil agus tógáil ar an gcumas breise a chuir FSS i bhfeidhm le mí anuas inár n-ionaid vacsaínithe agus i gcúram príomhúil, tá áthas orm a fhógairt go mbeidh teanndáileog ar fáil anois do gach aoisghrúpa atá fágtha níos luaithe ná mar a bhí sceidealta, ag tosú ón Domhnach seo chugainn."
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ciallaíonn an luasghéarú seo ar na cláir go mbeidh dáileoga príomhúla, teanndáileoga agus dáileoga péidiatraiceacha den vacsaín COVID-19 á riaradh inár n-ionaid vacsaínithe. Tá fíorthábhacht ag baint leis seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine sa Roinn Sláinte, FSS, na hionaid vacsaínithe, ár ndochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna chomh maith le gach duine a bhfuil baint acu leis an lóistíocht as a gcuid iarrachtaí leanúnacha. Beidh clinicí breise sceidealta sna laethanta amach romhainn. Cuirfear coinní in áirithe trí chóras ar líne FSS.
“Is ag Éirinn atá an dara glacadh is airde ó thaobh teanndáileoige san AE (daonra aosach). Iarracht ollmhór náisiúnta a bhí anseo agus ba cheart go mbeadh an pobal agus ár bhfoireann cúram sláinte an-bhródúil as an éacht seo."
Amhail an 31 Nollaig, tugadh 2.035m vacsaíní COVID-19 breise / teanndáileog san iomlán ó cuireadh tús leis an gclár seo, agus tugadh 130,000 dáileog go dtí seo an tseachtain seo.
Inné, (Déardaoin) tugadh 58,000 vacsaín.
Go dtí an tseachtain seo, tá os cionn 6,400 duine tar éis teacht i láthair dá gcéad dáileog nó dara dáileog den vacsaín.
Dúirt an tAire Donnelly:
“De réir mar a leanann minicíocht an ghalair ag ardú, tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh duine ar bith atá incháilithe chun dáileog nó teanndáileog den vacsaín COVID-19 a fháil an vacsaín sin a fháil a luaithe is féidir. Téigh chuig www.hse.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shábháilteacht na vacsaíne, ionaid vacsaínithe agus chun coinne a chur in áirithe."