Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar bhás an Athar Pat Cogan
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar bhás an Athar Pat Cogan
“Tá an-aiféala orm a chloisteáil go bhfuil an tAthair Pat Cogan imithe ar shlí na fírinne, fear a rinne go leor chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine agus ar éiginnteacht tithíochta ar fud na tíre.
Ó bhunaigh sé Respond 40 bliain ó shin, d’oibrigh an tAthair Pat gan stad gan staonadh agus go diongbháilte ar son na ndaoine is leochailí inár bpobail, ag cuidiú tithe sábháilte ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na mílte daoine.
Ba as Crois an Tornóra i gCorcaigh ó dhúchas don Athair Pat agus bhí creideamh láidir aige agus rinne sé go leor freisin. Bhí sé tiomanta do cheartas sóisialta agus léirítear sin trí obair na Gníomhaireachta Tithíochta Respond fós sa lá atá ann inniu.
Tá oidhreacht bhuan a théann go mór i bhfeidhm ar dhaoine fágtha ag an Athair Pat tríd na glúnta de theaghlaigh atá in ann an baile a thabhairt ar a dteach cónaithe.
Déanaim comhbhrón ó chroí lena theaghlach, leis an bPobal Proinsiasach, agus lena chairde ag an am seo.”