Cuireann an tAire Sláinte tús le Scéim Ex-Gratia an Bháis ag an Obair d’Oibrithe Cúram na Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, Scéim Ex-Gratia an Bháis ag an Obair le haghaidh iarratas a ghlacadh.
Tar éis don Chomh-aireacht an scéim a cheadú i mí Mhárta na bliana seo, thosaigh an Roinn Sláinte ag obair le Pobal chun próiseas simplí an iarratais a chur i bhfeidhm do na teaghlaigh lena bhaineann. Sé atá ann ná íocaíocht €100,000 saor ó cháin le heastát aon oibrí cúram na sláinte a fuair bás tar éis dó an COVID-19 a fháil i gcaitheamh a chuid oibre.
Leagtar an incháilitheacht síos go ginearálta agus cuimsíonn sí gach oibrí cúram na sláinte an ainmníodh mar ‘riachtanach’ le linn na gcéad chéimeanna den phaindéim. Áirítear leis seo Dochtúirí Teaghlaigh agus na daoine eile ag obair sa phríomhchúram príomhúil, ina measc baill foirne riaracháin. Áiríonn sé freisin foirne seirbhísí an mhíchumais chomh maith le baill foirne phríobháideach sna tithe altranais agus ar fud córais cúram na sláinte (féach ar an liosta iomlán thíos).
Tá an íocaíocht seo sa bhreis ar aon socruithe eile a d’fhéadfadh a bheith ag éinne nó ar aon sochar a d’fhéadfadh a bheith iníoctha leis ar a bhás agus níl tionchar aici ar a chearta dlíthiúla. Déanfar í i dteannta le haon sochar eile a d’fhéadfadh a bheith iníoctha agus tá sí oscailte do theaghlach an oibrithe ar fud córais cúram na sláinte atá tar éis bás a fháil.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is tábhachtach an lá é inniu agus cuireann sé bealach eile ar fáil dúinn, muintir na héireann, aitheantas a thabhairt don pháirt suntasach a ghlac ár n-oibrithe cúram na sláinte ar fhreagairt an naisiúin ar an gCOVID-19. Ó mhí Mhárta na bliana 2020 i leith, d'iarramar orthu leibhéal anaithnid an riosca a ghlacadh ina gcuid oibre, agus, is oth liom a rá, gur tholg mórán oibrithe cúram sláinte an COVID-19 i mbun a gcuid oibre agus go bhfuair líon bheag acu bás dá bharr.
“Aithnímse féin agus mo chomhghleacaithe sa Rialtas na cásanna tragóideacha inar fágadh teaghlaigh gan ioncam ag am mhéala. Cuireann an íocaíocht seo roinnt tacaíochta ar fáil ón Stát chun freastal ar riachtanais an teaghlaigh agus, ag an am céanna, is fíor-aitheantas í ar an gcomaoin a bhraitheann gach éinne againn ar fud na tíre don íobairt as an ngnáth dá gcuid gaolta díle.”
Déanfar iarratais ar scéim an Bháis ag an Obair trí Phobal, atá ag obair thar ceann an Rialtais chun tacú leis na pobail agus leis na gníomhaireachtaí áitiúla d'fhonn an chuimsiú sóisialta agus forbartha a bhaint amach. Tá taithí suntasach ag Pobal ar bhainistiú scéimeanna na híocaíochta. D’fhéadfadh roinnt éileamh a íoc ag deireadh na bliana 2022, ach ceaptar go n-íocfar an chuid is mó díobh sa bhlain 2023.
Tuairiscíonn Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuair 23 oibrí cúram na sláinte bás tar éis dóibh COVID a fháil amhail an 17 Lúnasa 2022, agus gur tharla an chuid is mó de na básanna seo sa chéad bhliain den phaindéim:
€100,000 chuig ionadaí pearsanta dlíthiúil (seiceadóir/riarthóir) an duine éagtha.
D'fhonn iarratas a dhéanamh, beidh ar an teaghlach foirm éilimh a líonadh isteach. Tá an fhoirm éilimh ar fáil anseo, agus ba chóir á léamh in éineacht le treoircháipéis an éilitheora. Is féidir an fhoirm éilimh chríochnaithe agus na cáipéisí tacaíochta a chur isteach chuig Pobal ar cheachtar de na bealaí seo a leanas
Déanfar an incháilitheacht a leathnú chuig eastát gach oibrí a bhí baint aige lena leithéid seo a leanas a chur ar fáil:
(a) seirbhísí ospidéil
(b) seirbhísí teiripe á gcur ar fáil ag comhalta de ghairm ainmnithe de réir bhrí alt 3 den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 (Uimh. 27 de 2005)
(c) seirbhísí a mbaineann le sláinte an phobail, lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann:
• (i) leo siúd a bhí i dteagmháil le daoine a diagnóisíodh, nó a raibh amhras fúthu a bheith ionfhabhtaithe leis an COVID-19 a shainaithint, a rianú agus teagmháil a dhéanamh leo, agus
• (ii) le tástáil iad siúd le haghaidh an COVID-19
(d) seirbhísí saotharlainne
(e) seirbhísí cóireála na ndrugaí agus na handúile
(f) seirbhísí ospíse
(g) seirbhísí na cógaisíochta
(h) an príomhchúram agus gníomhaíochtaí cleachtais liachta ginearálta agus speisialaithe
(i) seirbhísí na fiaclóireachta
(j) deonú na fola agus na seirbhísí lena bhaineann
(k) deonú an fíocháin nó an orgáin agus na seirbhísí lena mbaineann
(l) seirbhísí cúraim chónaithe (lena n-áirítear an cúram altranais, seirbhísí na meabhairshláinte agus mí-úsáid na substaintí, seirbhísí do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas) agus seirbhísí cónaithe na leanaí
(m) cúram baile, cúnamh baile agus seirbhísí eile na sláinte sa phobal
(n) seirbhísí na oibre sóisialta agus an chúraim shóisialta, (lena n-áirítear seirbhísí an mhíchumais, seirbhísí na meabhairshláinte, seirbhísí cosanta agus leasa na leanaí, seirbhísí foréigean an bhaile, an ghnéis agus na hinscne) agus seirbhísí dóibh siúd gan dídean lena n-áirítear seirbhísí for-rochtana dóibh siúd gan dídean
(o) seirbhísí na paraimhíochaine, na n-otharcharr agus an chúraim réamh-ospidéil
(p) seirbhísí arna chur ar fáil ag na haonaid mhionghortuithe
(q) seirbhísí an mháithreachais
(r) seirbhísí sábháilteacht an bhia agus an chomhshaoil.