Plean Ceadúnaithe Foraoiseachta 2024 Foilsithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, plean Ceadúnaithe Foraoiseachta na Roinne don bhliain 2024. Measann an Plean go n-eiseoidh an Roinn 4,200 ceadúnas nua in 2024, agus deimhnítear go bhfuil an cumas ag an Roinn dóthain ceadúnas a eisiúint chun a sprioc bhliantúil de 8,000 heicteár d’fhoraoisí nua a bhaint amach.
Ag tagairt don Phlean, dúirt an tAire Hackett gurb é fócas a cuid Roinne, agus don earnáil foraoiseachta níos leithne, ná fanacht go diongbháilte ar rátaí foraoisithe a uasmhéadú agus ar bhainistiú foraoisí atá ann cheana féin chun a chinntiú go mbainfear amach na spriocanna atá leagtha amach i bPlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide.
Dúirt an tAire Hackett
“Ó osclaíodh an Clár Foraoiseachta nua i mí Mheán Fómhair, tá 73 ceadúnas foraoisithe ceadaithe againn, 593 heicteár san iomlán. Ina theannta sin, tá próiseáil déanta againn ar 92 iarratas a ceadaíodh cheana faoin gClár Foraoiseachta 2014-2020 nár cuireadh tús le plandú agus atá liostáilte anois sa Chlár Foraoiseachta nua 2023-2027. Clúdaíonn na ceadúnais sin achar 808 heicteár, rud a chiallaíonn go bhfuil achar talún iomlán de 1,401 heicteár curtha ar fáil le plandáil ag na rátaí deontais agus préimhe níos airde ó osclaíodh an Clár nua.”
Is feirmeoirí iad 84% de na hiarratasóirí ar an scéim nua foraoisithe. Go dtí seo, tá 46% d’iarratasóirí nua ag roghnú sprúis a chur, agus 20% ag díriú ar mheascán de chrainn leathanduilleacha (Cineál Foraoise 12), agus tá 43% ag roghnú foraoisí dúchasacha a phlandáil (Cineál Foraoise 1). Ó chuaigh scéim phlandála beag Limistéar Crann Dúchais beo i mí Dheireadh Fómhair, tá 13 cheadú eisithe ag an Roinn. Ar an meán, tá an Roinn ag eisiúint na gceaduithe seo níos lú ná 3 seachtaine tar éis iarratais a fháil.
Dúirt an tAire Hackett:
“Is é seo an clár foraoiseachta is fearr atá maoinithe agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol i stair an Stáit, agus bheinn ag moladh do gach feirmeoir agus úinéir talún féachaint ar an raon roghanna foraoiseachta atá ar fáil dóibh.”
Caithfidh úinéirí talún agus feirmeoirí ceadúnas a fháil ón Roinn roimh fhoraois a chur nó
a leagan. Déantar é seo lena chinntiú go gcosnaíonn gach gníomhaíocht foraoiseachta an comhshaol, go gcloíonn sí le cleachtais bhainistíochta foraoise inbhuanaithe agus go gcloíonn sí leis an dlí.
Lean an tAire Hackett ar aghaidh:
“Tá aschur ceadúnais faoi stiúir an éilimh ar deireadh thiar thall, agus léiríonn an Plean Ceadúnaithe é sin. Táim an-dóchasach, leis na hacmhainní breise atá curtha i bhfeidhm ag mo Roinnse agus ag tógáil ar an éifeachtúlacht atá déanta go dtí seo, go leanfaimid ag sárú an éilimh in 2024 trí níos mó ceadúnas a eisiúint ná líon na n-iarratas a fhaighimid. Mar shampla, go dtí an 15 Nollaig i mbliana bhí 1,970 iarratas faighte ag an Roinn ar cheadúnas leagain agus eisíodh 2,801 ceadúnas leagain, agus mar sin tá an acmhainn ann chun an t-éileamh a shárú.”
Tógann an Plean ar fheabhsuithe a rinneadh le déanaí ar chóras ceadúnaithe na Roinne. Tá sé mar aidhm ag an Roinn ceadúnais foraoisithe a eisiúint laistigh de shé mhí do thionscadail shimplí - is tionscadail iad seo a scagtar amach ó mheasúnú comhshaoil breise. I gcás suíomhanna níos casta, ina bhfuil gá le measúnú comhshaoil breise, measann an Roinn go dtógfaidh sé suas le naoi mí ceadúnas foraoisithe a eisiúint.
Tá an Plean Ceadúnaithe Foraoiseachta 2024 ar fáil anseo.
Nótaí d'eagarthóirí
Is féidir le feirmeoirí a fheiceáil cad iad na deontais agus na préimheanna atá ar fáil faoin gClár nua ag:
Agus úsáid a bhaint as an áireamhán réidh chun ioncam féideartha a ríomh:
Ceadúnais Foraoiseachta
Rialaítear an fhoraoiseacht chun na tairbhí iolracha a thugann crainn dár dtimpeallacht, dár mbithéagsúlacht agus dár ngeilleagar a chosaint agus a fheabhsú, agus chun inbhuanaitheacht ár bhforaoisí a chinntiú. Cinntíonn an córas ceadúnaithe go gcloíonn ár bhforaoisí le comhaontuithe náisiúnta agus idirnáisiúnta agus go gcloíonn sé leis an gcleachtas foraoiseachta is fearr.
Tá ceadúnais foraoiseachta ar leith ag teastáil chun foraoisí nua a chur (ceadúnas foraoisithe), chun crainn a ghearradh (ceadúnas leagain), agus chun bóithre a thógáil trí fhoraoisí atá ann cheana le haghaidh cothabhála. Ní mór d’úinéirí foraoisí iarratas a dhéanamh chuig an Roinn ar na ceadúnais seo trí fhoraoiseoir/cuideachta cláraithe a chuireann iarratais isteach ar a son. Is gealltanas fadtéarmach agus athrú buan ar úsáid talún é foraois a bhunú. Tá feidhm ag oibleagáid athphlandaithe maidir le foraoisí a leagtar.
Clár Foraoiseachta 2023-2027
Seoladh an Clár Foraoiseachta nua i mí Mheán Fómhair ag tairiscint rátaí nua deontas foraoisithe suas le 66% níos airde ná an Clár Foraoiseachta roimhe seo. Síneann an clár freisin íocaíochtaí bliantúla foraoisithe d’fheirmeoirí ó 15 bliana go 20 bliain, agus méadaítear go suntasach iad, e.g. €1,142 an heicteár ar feadh 20 bliain chun foraois nua de chrainn dhúchasacha a chur. Tá sonraí iomlána ar an deontas agus ar rátaí íocaíochta bliantúla don Chlár Foraoiseachta 2023 -2027 ar fáil ag gov.ie/forestry mar aon le ceisteanna coitianta, áireamhán íocaíochta foraoiseachta agus samplaí íocaíochta.
Ní raibh an Roinn in ann ceadúnais foraoisithe a eisiúint ar feadh cuid mhór de 2023 agus í ag fanacht ar fhaomhadh Cúnamh Stáit don Chlár nua ón gCoimisiún Eorpach. Tar éis faomhadh agus seoladh an Chláir i mí Mheán Fómhair, thosaigh an Roinn ag eisiúint ceadúnais foraoisithe arís.