An Treoir maidir le Luchtaire 'Uilíoch' Fóin agus Leictreonach le teacht i bhfeidhm
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tiocfaidh reachtaíocht nua ón gCoimisiún Eorpach lena mbunaítear ceanglas coiteann maidir le poirt luchtaithe USB-C le haghaidh fóin phóca agus trealamh leictreonach eile i bhfeidhm amárach (Dé Sathairn, an 28 Nollaig 2024).
Ciallaíonn sé sin nach mór an luchtaire céanna a bheith ag gléasanna amhail gutháin phóca láimhe, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin, ceannfhearais, consóil físchluichí láimhe, callairí iniompartha, ríomhléitheoirí, méarchláir, luchóga agus córais loingseoireachta iniompartha a chuirtear ar an margadh. Ar an tslí sin, cuirtear deireadh leis an ngá atá le feistis dhifriúla a úsáid.
Tá feidhm ag an 'Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch' (Treoir 2022/2380), mar a thugtar uirthi, maidir le gach gléas ábhartha (beag beann ar an mbranda) a chuirfear ar an margadh ón 28 Nollaig 2024 i leith, ach amháin i gcás ríomhairí glúine. I gcás ríomhairí glúine, beidh feidhm ag na rialacha ón 28 Aibreán 2026 i leith. Is é is aidhm don socrú sin an t-am is gá a thabhairt do mhonaróirí ríomhairí glúine chun a ngléasanna a athdhearadh agus chun aistriú chuig an réiteach luchtaithe uilíoch.
Leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch, cumasófar do chustaiméirí gléasanna a luchtú le haon luchtaire USB-C ar bith. Is é an toradh a bheidh ar an Treoir ná nach mbeidh ar úsáideoirí deiridh gléas nua luchtaithe a cheannach nuair a cheannaíonn siad fón póca nua nó trealamh leictreonach den chineál céanna. Toradh eile a bheidh ar an Treoir is ea go gcinnteofar go mbeidh luasanna luchtaithe mar an gcéanna agus luchtairí comhoiriúnacha á n-úsáid. Agus gléas á cheannach acu, gheobhaidh tomhaltóirí an fhaisnéis is gá maidir le saintréithe feidhmíochta luchtaithe agus maidir leis an ngléas luchtaithe is féidir a úsáid leis an ngléas.
Leis an Treoir, cuirfear chun cinn freisin gluaiseacht na hÉireann ina geilleagar ciorclach trí laghdú a dhéanamh ar an lorg comhshaoil a bhaineann le luchtairí a tháirgeadh agus a dhiúscairt.
Ag labhairt dó faoi na rialacháin nua, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:
"Leis an Treoir seo, méadófar áisiúlacht do thomhaltóirí – ní amháin in Éirinn ach ar fud an Aontais Eorpaigh araon – tríd an méid airgid a chaitheann siad ar luchtairí a laghdú go mór. Meastar go dtiocfaidh laghdú 980 tona ar dhramhaíl leictreonach san Aontas Eorpach gach bliain mar thoradh ar an laghdú sin i gceannacháin luchtairí gan ghá, rud atá ag teacht le spriocanna na hÉireann maidir le haistriú ina geilleagar ciorclach."
CRÍOCH
Ón mbliain 2009 i leith, tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh teorainn a chur le hilroinnt an mhargaidh do chomhéadain luchtaithe le haghaidh fóin phóca agus gléasanna den chineál céanna. Tá sé mar aidhm aige áisiúlacht a mhéadú do thomhaltóirí, an lorg comhshaoil a laghdú, agus nuálaíocht amach anseo a chumasú. Tar éis blianta fada a chaitheamh ag obair leis an tionscal ar chur chuige deonach, bhíothas in ann an líon luchtairí fón póca ar an margadh a laghdú ó 30 ceann go trí cinn le deich mbliana anuas. Ní raibh de thoradh ar thionscnaimh den sórt sin, áfach, ach scéimeanna deonacha nach raibh ina gceangal dlí. Ní raibh aon bhunús dlí ann ach oiread le haghaidh an soláthar cumhachta seachtrach a dhíchuachadh ó dhíol an ghléis.
Le Treoir 2022/2380 (an 'Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch'), leasaítear Treoir 2014/53/AE (an 'Treoir maidir le Trealamh Raidió'). Leis an Treoir maidir le Trealamh Raidió, comhchuibhítear dlíthe na mBallstát maidir le Trealamh Raidió a chur ar fáil ar an margadh. Sonraítear sa Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch an gabhdán luchtaithe (USB-C) agus an prótacal cumarsáide luchtaithe a úsáideann catagóirí sonracha de threalamh raidió.
Tá an Coimisiún ag iarraidh idir-inoibritheacht a bhaint amach ar thaobh an tsoláthair cumhachta sheachtraigh (an soláthar atá plugáilte isteach sa soicéad balla). Tá an Coimisiún ag déanamh athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht (Rialachán 2019/1782), lena gcumhdaítear na soláthairtí cumhachta seachtracha sin. Ar an tslí sin, comhlánófar cuspóirí na Treorach maidir le Luchtaire Uilíoch, agus soláthrófar an creat reachtach is gá.