Fógraíonn an tAire Donnelly agus an tAire Rabbitte maoiniú €10m chun tacú le daoine faoi mhíchumas i rith COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD agus an tAire Stáit Míchumais Anne Rabbitte TD go bhfuil €10 milliún á chur ar fáil chun tacú le hatosú seirbhísí lae agus seirbhísí tacaíochta baile feabhsaithe d’úsáideoirí seirbhísí míchumais.
Tá an maoiniú ar fiú €10 milliún é á íostarraingt ó Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta COVID-19 - beidh €7.5m mar bhonn leis an leibhéal de sholáthar seirbhísí lae a mhéadú agus soláthróidh €2.5m pacáistí diantacaíochta do leanaí agus daoine óga ag a bhfuil riachtanais chasta/ardtacaíochta.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly TD:
“Beidh an maoiniú atá fógartha inniu fíorthábhachtach chun tacú le daoine faoi mhíchumas sna míonna amach romhainn. Cabhróidh an infheistíocht seo le cuid den bhrú agus den strus a bhfuil daoine faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh ag déileáil leis a laghdú”.
“Is mian liom an fhoireann atá ag obair inár seirbhísí míchumais a mholadh as a ndíograis. Mar thoradh ar an nuálaíocht agus an tsolúbthacht atá léirithe acu, tá tús curtha an athuair le go leor de na seirbhísí ríthábhachtacha ó thús phaindéim COVID-19.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Míchumais Anne Rabbitte TD:
“Tá teagmháil déanta ag go leor daoine faoi chumas agus a dteaghlaigh as ar fud na tíre liom le roinnt mhaith míonna anuas. Is í an phríomhcheist atá á cur ag daoine ná cathain a bheidh líon na laethanta ar féidir le daoine freastal ar a tseirbhís féin ag méadú, ceist a chur mé san áireamh nuair a bhí an maoiniú seo á lorg agam.
“Ní mór dúinn ar fad leanúint ar aghaidh ag cloí leis an treoir sláinte poiblí, agus ní féidir gach seirbhís míchumais a chur ar fáil i láthair na huaire. Beidh sé seo mar bhonn, áfach, le seirbhísí lae a mhéadú lá amháin sa tseachtain do bhreis is 14,000 duine fásta. Lena chois sin, soláthróidh an pacáiste maoinithe seo 210 pacáiste diantacaíochta breise chun cabhrú le leanaí agus daoine óga ag a bhfuil riachtanais chasta/ardtacaíochta fanacht ina gcónaí lena muintir, rud a chabhróidh, tá súil agam, leis an mbrú atá ar theaghlaigh áirithe a laghdú.
“Is céim sa treo ceart é an pacáiste seo ar fiú €10 milliún é chun cabhrú le gach seirbhís a chur ar fáil arís agus beidh tionchar dearfach aige ar dhaoine faoi mhíchumas i rith mhíonna dúshlánacha an gheimhridh.”
CRÍOCH