Éilíonn an tAire Martin go scaoilfear iriseoir de chuid na Bealarúise
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, ar Chomhdháil Airí de chuid Chomhairle na hEorpa atá freagrach as na Meáin agus an tSochaí Faisnéise.
Bhí sé mar aidhm ag an gComhdháil go n-aontódh Airí Eorpa faoi bhearta chun dul i ngleic leis na hathruithe tapa teicneolaíochta sna meáin agus sa timpeallacht faisnéise agus an tionchar atá acu ar dhaonlathas agus ar shaoirse cainte. D’aontaigh an Chomhdháil faoi bhearta maidir leis na cosaintí a thugtar d’iriseoirí agus do lucht na meán i mbun oibre atá barrthábhachtach d'fheidhmiú sláintiúil an daonlathais a neartú.
Ag labhairt ag an gcomhdháil, d’éiligh an tAire Martin go scaoilfear daoine atá á gcoimeád ag údaráis de chuid na Bealarúise ón 23 Bealtaine i leith.
“Tá muintir na hÉireann fíorbhuartha faoi shaoirse na meán sa Bhealarúis. Caitear ligean d’iriseoirí agus do na meáin a gcuid oibre a dhéanamh gan chiapadh, imeagla agus faitíos. Ba mhaith liom éileamh na hÉireann a chur in iúl arís d’údaráis na Bealrúise deireadh a chur leis an gcos ar bolg agus bunchearta agus saoirse a athbhunú.
Cuirimid fáilte roimh chinneadh na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta an eachtra seo a imscrúdú, ach tá Roman Protasevich agus Sofia Sapega anois faoi choinneáil, go dubhach sa Bhealarúis. Tá muintir na hÉireann fíorbhuartha faoina leas i bhfianaise na dtuairiscí iomadúla ar chéasadh agus ar dhrochíde príosúnach faoi choinneáil a fuair Rapóirtéirí Speisialta na Náisiúin Aontaithe. Éilimid go scaoilfear saor láithreach bonn gan choinníoll gach duine atá á gcoinneáil go héagórach, ar a áirítear príosúnaigh pholaitiúla agus daoine a oibríonn sna meáin.”
Chuir an tAire Martin béim, chomh maith, ar thacaíocht na hÉireann do bhearta maidir le cosaint saoirse cainte i bhfianaise teicneolaíocht dhigiteach atá á forbairt.
“Cuireann muintir na hÉireann fáilte roimh ghlacadh an rúin seo a thacaíonn leis an gceart teacht ar thuairim, í a shealbhú agus a chur in iúl gan bac iomarcach a chur air, mar aon leis an saorú faisnéise agus leis an saoirse meán a leanann é, rud atá ríthábhachtach chun gach ceart daonna eile a chomhlíonadh agus a chosaint. Aithníonn muintir na hÉireann an tábhacht a bhaineann le saoirse cainte do shochaí dhaonlathach agus tacaíonn sí le cosaintí a neartú i gcoinne drochthionchar a eascraíonn as úsáid na teicneolaíochta digití.”
Ar an 10 agus an 11 Meitheamh 2021, tháinig na hAirí atá freagrach as ceisteanna na Meán agus na Sochaí Faisnéise le chéile chun aontú faoin ngníomh a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe radacacha i dtimpeallacht na meán agus na faisnéise a tharlaíonn mar gheall ar dhigitiú tapa, le mórthionchar ar fheidhmiú saoirse cainte agus tionchar suntasach ar chearta agus saoirsí daonna eile.
Thug an cruinniú aghaidh freisin ar thitim chontúirteach siar i réimse sábháilteachta iriseoirí agus pléadh bealaí chun athléimneacht chreatlacha cosanta chearta an duine a threisiú.
Mar thoradh ar an gComhdháil Airí glacadh le dearbhú deiridh agus ceithre rún a thug aghaidh ar na ceisteanna tábhachtacha seo. Daingneoidh na hionstraimí seo rannpháirtíocht pholaitiúil Chomhairle na hEorpa agus a Ballstáit le haghaidh roinnt gníomhartha tosaíochta agus cuirfidh siad le clár oibre Choiste Stiúrtha Meán agus Sochaí Faisnéise Chomhairle na hEorpa sna blianta atá le teacht.